Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail tied to the amendment of the lible laws
" Tá lucht na meán sa tír seo le fada in aghaidh dlí nua chun príobháideacht an duine a chosaint a bheith ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail.
ceangailte go dlúth le Batasuna closely linked with Batasuna
" net)), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) an sléacht láithreach.
ceangailte le chéile tied together
" Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann.
nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith. who aren't tied to any label
" Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
ceangailte le cannaí peitril tied to cans of petrol
" Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA, d’fhág buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige agus d’imigh leis.
ceangailte suas le céibh tied in the harbor
" Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh.
ceangailte le tied in with
" Faoi chóras Bretton Woods bhí luach gach airgeadra ceangailte le luach an dollair a bhí, é féin, ceangailte le luach an óir.
ceangailte le chéile bound together
" Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d'órshnáithe.
ceangailte go dlúth le cruthaíocht firmly connected to creativity
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
ceangailte le tied into
" Ina áit sin, tá Oireachtas na Gaeilge ceangailte le ‘Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’.