Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
" " Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife, ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
i gceann deich mbliana eile in ten years' time
" Bhí mé thar a bheith sásta! AÓF: Cá mbeidh tú i gceann deich mbliana eile, an gceapann tú? OMD: Níl mé cinnte, ach ba bhreá liom a bheith páirteach sa cheol ag leibhéal éigin.
ár gcéad cheann scríbe eile our next destination
" Lean muid ar aghaidh linn go dtí ár gcéad cheann scríbe eile: an seanmhuileann.
ceann amháin ar bharr cinn eile one on top of the other
" Thar na blianta, thóg na Rómhánaigh roinnt dúnta anseo, ceann amháin ar bharr cinn eile.
ceann amháin ar bharr cinn eile one on top of the other
" Thar na blianta, thóg na Rómhánaigh roinnt dúnta anseo, ceann amháin ar bharr cinn eile.
go ceann i bhfad eile for a long time again
" Ní móide go dtarlóidh a leithéid arís in Éirinn go ceann i bhfad eile.
dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin. if they could also win the other three.
" Fiú ag déanamh talamh slán de na cúig shuíochán thuasluaite, b’iontas amach is amach é dá bhféadfaidís na trí cinn eile a bhuachan freisin.
bronnann tú an ceann eile you bestow the other one
" Coinníonn tú ceann amháin agus bronnann tú an ceann eile ar do chomharsa.
Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile. They won't think about it again until the next one happens.
" Ní chuimhneoidh siad air arís air go dtí go dtarlóidh an chéad cheann eile.
tagann fadhb eile chun cinn. another problem comes up
" Ach as seo tagann fadhb eile chun cinn.
ceann eile de na mórchomórtais ghailf one of the big golfing competitions
" Is cinnte go mbeidh lucht gailf na hÉireann – agus pobal na hÉireann i gcoitinne, go deimhin – ag coinneáil súil ghéar ar dhul chun cinn Phádraig in 2008 agus ag dréim go mbuafaidh sé ceann eile de na mórchomórtais ghailf arís i mbliana.
go ceann roinnt mílaoiseanna eile. for another few millennia.
" Tá daonra de 21 milliún duine sa tír, agus is léir nach mbeidh muid “*swamped*” go ceann roinnt mílaoiseanna eile.
go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn that other administrative problems will emerge
" Agus is cinnte go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn leis an gcóras seo, mar a thagann le haon tionscadal teicneolaíochta den scála seo.
go ceann tamaill fhada eile for another long while
" Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall.
ceann i ndiaidh an chinn eile one after another
" Le linn na réabhlóide seo, thit na crainn taca a bhí ag Fianna Fáil, ceann i ndiaidh an chinn eile.
cibé ball eile ina luím siar mo cheann where ever else I lay my head
" Ní minic gur leasc liom éirí i ndeireadh scannáin le tabhairt arís fá na cnoic, nó na machairí, nó fá cibé ball eile ina luím siar mo cheann.
chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús he ought to learn the other ones first
" Dúirt Danny gur chóir do na cinn eile a fhoghlaim ar dtús! ’Sin rud atá i mo chloigeann, go bhfuil eolas i ngach ceantar.
go ceann tamaill eile ar aon nós for another while at any rate
" Chomh maith leis sin is cosúil nach bhfuil aon rún ag Henry Ó Seibhleáin éirí as a bheith ag crá freasúraí i bhfad is i ngearr go ceann tamaill eile ar aon nós.
in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile weak for a long long time yet
" ” Tagann dea-scéal anois is arís – cuirim i gcás ordú mór do Bombardier ar fiú £200 milliúin é - ach is léir go mbeidh geilleagar na Sé Chontae in ísle brí go ceann i bhfad i bhfad eile.
céim eile chun cinn ar another step ahead of
" An obair seo go léir i gCuan an Inbhir, ar thug sé an Béarla céim eile chun cinn ar an nGaeilg, meas tú, i gceantar Iorrais?** PÓMurchú: An bhfuil a fios agat cén milleán a chuirfinnse ar an bhforbairt, má thig leat forbairt a thabhairt air, a tháinig ar an mBéarla anseobh in Iorras? Mar a deir siad, ’siad na meáin chumarsáide is ciontaí le seo, stáisiúin raidió agus graithí craoltóireachta nach bhfuil tuiscint acu ar an teangaidh.
ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile closing one after the other
" Tá daichead ’s a cúig staisiún Garda druidte le mí anuas; tá siopaí ag drud ceann i ndiaidh an cheann eile agus tá foirne peile gan imreoirí agus iad ag impí ar na seanimreoirí toggáil amach arís.
ar chinn eile chomh maith others also
" (Garda Recorded Crime Statistics 2007-2011) Tá figiúirí de chuid an Phríomhoifig Staidrimh ag teacht leo seo mar go léiríonn siad laghdú ar na haicmí coireanna céanna seo agus ar chinn eile chomh maith, ar nós na gadaíochta.
I gceann roinnt blianta eile in another few years
" Ach ’sé an cheist ar cheart a bheith curtha ar an Aire Oideachais agus ar gach Aire eile ná seo: Más amhlaidh nach bhfuil dóthain foirne ag do Roinn le déileáil le pobal na Gaeilge ina rogha teanga, céard tá sibh le déanamh faoi? An Tréas a Chomóradh ======== I gceann roinnt blianta eile beidh ar an státchóras daoine a earcú arís.
ní raibh faic eile sa cheann agam I thought of nothing else
" Ón uair a thosnaíos ag traenáil leis an bhfoireann sinsir ní raibh faic eile sa cheann agam ach caid.
sé cinn de mharuithe eile six other murders
" An raibh an BBC i mBéal Feirste an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.
eisítear ceann eile chugainn i gcruth dialainne another is delivered to us in the form of a diary
" Siúlach Thar Lear ======= **SMM: Lonnaigh tú scéal amháin sa Tuirc (Dioscó Dé), an ceann is déanaí sa Bhriotáin (Ar ais go Keriolet, 2011) agus eisítear ceann eile chugainn i gcruth dialainne (An Deireadh).
go ceann dhá bhliain eile for another two years
" Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir.
ceann eile na páirce imeartha the far end of the pitch
" Ní féidir a bheith ceart i gcónaí i mbreithiúnas ar eachtra agus tú ag ceann eile na páirce imeartha nuair a thit sé amach.