Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceithearnach coille outlaw
" Ba phíosa gualainne é den éide chatha a bhí ar Ned Kelly, an ceithearnach coille ba mhó cáil sa tír, nuair a gabhadh é in Glenrowan in 1880.
ceithearnach coille outlaw
" Meastar go forleathan go bhfuil Ned Kelly, an ceithearnach coille a crochadh sa bhliain 1880 nuair nach raibh sé ach cúig bliana fichead, ar an duine Éireannach-Astrálach is clúití – nó míchlúití – i stair na hAstráile.
cheithearnaigh foot soldiers
" Gan urlabhraí a d’fhéadfadh cás an UVF a chur chun cinn faoi bhrat na polaitíochta, roghnaigh na paraimílitigh an seanbhealach traidisiúnta le haird a tharraingt ar a n-éileamh - rinne siad ionsaí ar Chaitlicigh, baiclí de bhuachaillí óga, neamhoilte, dífhostaithe feargacha mar cheithearnaigh acu.
an ceithearnach coille the outlaw
" Aisteach le rá, is é an ceithearnach coille, Ned Kelly, a crochadh sa bhliain 1880 in Melbourne, Victoria, an Gael is clúití i stair na tíre (Eagrán 121, Bealtaine 2011).
taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh to exhume the outlaw’s remains
" Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.