Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
choinníoll condition
" An t-aon choinníoll atá ann ná go gcaithfidh an buidéal a bheith le feiceáil sa saothar ealaíne féin.
ar an choinníoll on the condition
" I 1979, bhunaigh sé cartlann ollmhór scannán agus thug deis do stáisiúin teilifíse teidil a fháil ar cíos ar an choinníoll go gcraolfadh siad fógraí a cheannódh siad trí fhochuideachta dá chuid, Publitalia.
ar an choinníoll on the condition
" D'íoc sé as a bpasáiste go Meiriceá ar an choinníoll go rachadh an teaghlach ar fad agus nach dtiocfadh siad ar ais a choíche.
féirín gan choinníoll present with no conditions
" Ach murab ionann agus an t-airgead ar fad a caitheadh ar an tseirbhís sláinte le blianta anuas, ní féirín gan choinníoll a bhí ann mar go raibh athrú cleachtais ceangailte leis.
a mhacasamhail de choinníoll such a condition
" Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim.
Ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iad on the condition that they will be re-cycled
" ? seanchaitewell-worn leidprompt inphógthakissable seithehide ceimiceáinchemicals g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes loinnirbrightness líonadh a meallaher charms used to fill mo dhá bhasmy two palms cuaracurves sleasasides go cleitiúillike a feather néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure a bharrchigiltto tickle a chaiteáthat you would wear na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes choisbheartfootwear briathra binnesweet words i ndiaidh na coisíochtaafter walking mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer craiceann crogaillcrocodile skin méarchlárkeyboard lannablades d'íslíodh siadthey used to lower sclábhaí deonachvoluntary slave mo mhianmo desire spíontaexhausted in ísle brídepressed d'fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead smálmark máchailíblemishes scórthaí na snáthaideneedle scratches fíneáltachtdelicacy nochtnocht brocachfilthy tolgcouch mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs fá dtaobh den chruthabout the appearance easnacharibs ciúnasquietness glór scairdinnilljet-engine voice cúil na dramhaíolathe rubbish heap fonóid faoiscoff at Ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled
gan choinníoll without condition
" Faoin Acht um Thuath is Cearta Slí beidh ceart slí gan choinníoll ag an phobal ar stráicí móra den talamh is áille sa Bhreatain (22% de dhromchla na Breataine Bige, mar shampla).
ar an choinníoll dhaonna on the human condition
" An té a bheadh sa tóir ar anailís bhunúil ar an choinníoll dhaonna i mblianta tosaigh seo na haonú haoise is fiche, ar éigean a tharraingeodh sé chuige leabhar Gaeilge.
ar an choinníoll dhaonna on the human condition
" An té a bheadh sa tóir ar anailís bhunúil ar an choinníoll dhaonna i mblianta tosaigh seo na haonú haoise is fiche, ar éigean a tharraingeodh sé chuige leabhar Gaeilge.
choinníoll condition
" Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gurb iondúil go dtugtar cead tuirlingthe d’eitleáin mhíleata ar an choinníoll nach mbíonn armlón nó ábhar pléascach á n-iompar acu.
ar an choinníoll on the condition
" Deir Bertie liom go bhfuil cead agam dul ar ais go dtí an t-ardán agus mo chuid gunnaí a choinneáil liom, ar an choinníoll go suím in aice le Micí Mealltach Mac Dúil agus ceann de mo chuid gunnaí a scaoileadh leis trí thimpiste.
an choinníoll teanga the language condition
" Níor mhór a rá gur laincis iontach mínádúrtha í an choinníoll teanga a leagtar i gcás eastát tithíochta i nGaeltachtaí faoi leith.
ar choinníoll go n-éireoidís as on condition that they'd give up (farming)
" Deir siad go bhfuil ar a laghad 10% d’fheilméaraí na tíre gur chóir airgead a thabhairt dóibh ar choinníoll go n-éireoidís as sa gcaoi nach mbeadh aon ghá tacú leo arís faoi cheann cúig bliana nó deich mbliana eile.
ar an choinníoll on the condition
" Tá mé sásta locht a fháil ar na gadaithe ar an choinníoll go bhfuil cead agam locht a fháil ortsa chomh maith, cionn is go raibh tusa ag pramsáil thart le dhá bhó ar téad agat.
leithscéal gan choinníoll unconditional apology
" I measc na moltaí sin, mhol an Coimisiún go ngabhfaidís go léir leithscéal gan choinníoll go hoifigiúil leis na glúnta goidte, agus lena muintir, as ucht ar tharla dóibh faoin bpolasaí.
choinníoll condition
" “Ba dhaonchara é James Reid a mhaoinigh an post a ainmníodh as agus bhí sé mar choinníoll aige nach amháin go ndéanfadh an sealbhóir oifige obair acadúil i ngort an dlí choiriúil, ach go mbeadh sé nó sí ag cleachtadh sa ghort sin chomh maith.
dé a choinníoll sa duine keep one alive
" Pé scéal é, oireann sé mar tá sé i gceist agam cúrsaí bia a phlé san alt seo, agus mar a dúirt fear liom tráth, ní theastaíonn ach péire maith bróg, caipín agus dinnéar te chun an dé a choinníoll sa duine le linn aimsir mar seo.
choinníoll condition
" Tá sé scríofa go glan soiléir i Leabhar Leviticus go bhfuil cead agam sclábhaithe a bheith agam, idir fhir agus mhná, ar aon choinníoll beag amháin: go gceannaím iad ó na náisiúin is gaire dom.
choinníoll condition
" Agus, mar a dhearbhaigh an Rialtas céad lá na míosa (féach an nasc ar dheis), ’sé an chéad choinníoll ná go nglacfar leis an gcáinaisnéis a ghearrann €4bn de chaiteachas an stáit agus a leagan €2bn cáin breise.
ar an choinníoll on condition
" ”* Léiríonn mionthuairiscí ó chruinniú comhaireachta an 30 Meán Fómhair,1981, gur ceadaíodh don Údarás ar deireadh thiar thall fiacha Contek a ghlanadh, ar an choinníoll go ndéanfadh Aire na Gaeltachta fiosrúchán ar chleachtas an Údaráis nó a gcuid cliantchomhlachtaí i leith íocaíochtaí iomarcaíochta: *“making or authorising extra-statutory redundancy payments from State funds where the firms concerned have not the necessary funds.
a leithéid de choinníoll leatromach such an unjust question
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
ar choinníoll on condition
" Is ar éigin a fuair sé a chead – thug an lucht pleanála air an póirse beag a bheadh ag doras na sráide a fhágáil ar lár agus fuair sé an cead ar choinníoll go rachadh sé féin agus a bhean chun cónaithe sa teach.
géilleadh gan choinníoll ar bith submit unconditionally
" Sa deireadh, b'éigean do na Poblachtánaigh géilleadh gan choinníoll ar bith, agus tháinig an bille sláinte slán as.
gan cheist gan choinníoll when needed, without needing to ask
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
gan cheist, gan choinníoll not having to ask
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.