Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomhaireamh na vótaí the counting of the votes
" Tá díomá air, mar shampla, nach raibh na daoine céanna le feiceáil agus le cloisteáil ar an dá stáisiún le linn chomhaireamh na vótaí sa toghchán, cé gur tharla sé seo i gcás na meán Béarla.
chun na vótaí a chomhaireamh to count votes
" Go deimhin, bhí an méid sin daoine ag vótáil le déanaí gur theip ar an gcóras a bhí i bhfeidhm chun na vótaí a chomhaireamh agus gur cruthaíodh scannal beag go dtí gur tháinig RTÉ ar réiteach.
a chomhaireamh to count
" Chuir an tAcht seo dualgas ar na húdaráis áitiúla staidéar a choimisiúnú gach trí bliana le líon na ndaoine gan dídean ina gceantar a chomhaireamh, agus leag síos gur fúthu siúd a bhí sé plé leis an 1,491 duine a creideadh a bheith ina gcónaí ar na sráideanna ag an am.
Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh all the votes are counted
" Déantar na vótaí ar fad a chomhaireamh níos déanaí agus córas na hionadaíochta cionmhaire a bhíonn i gceist.
a chomhaireamh to count
" Agus an córas ina chíor thuathail sula ndéantar vóta ar bith a chomhaireamh, tá sé ag éirí níos soiléire gur miotas eile de chuid na luath-óige an smaoineamh gur daonlathas den scoth é Meiriceá.
in ainneoin nach dtosófar ar an gcéad chomhaireamh despite the fact that the first count won't start
" Sin go léir in ainneoin nach dtosófar ar an gcéad chomhaireamh go dtí a dó dhéag.
caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh. votes must be counted by hand.
" Mar nach bhfuilimid dulta leis an vótáil leictreonach, caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh.
ag an chomhaireamh, at the count,
" Thug sé óráid iontach ag an chomhaireamh, agus Tony agus Cherie Blair in aice leis ar an ardán, agus bhí cuma an-mhíshuaimhneach ar an bheirt acu.
chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh to count the votes of the various states
" Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú.
a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit which counts the votes by state
" Ba mar gheall ar an tuath a thug George Bush an toghchán leis i 2000 agus arís i 2004, a bhuíochas sin ar an gcóras "Coláiste Toghchánaíochta", a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit seachas de réir vótaí na dtoghthóirí féin.
chomhaireamh count
" Toghtar David McWilliams, iarrthóir Fhianna Fáil san fhothoghchán i mBaile Átha Cliath Theas, ar an chéad chomhaireamh.
chomhaireamh sa daonáireamh to enumerate in the census
" Chuir ceann amháin acu toirmeasc ar an rialtas náisiúnta an mhuintir dhúchais a chomhaireamh sa daonáireamh, alt a léirigh nach raibh siad ina saoránaigh ina dtír féin.
chomhaireamh san earrach counted in spring
" Le teilifís agus idirlíon ár linne féin, ní gá coinbhinsiúin, ar ndóigh, ó d'fhéadfaí na vótaí go léir a chomhaireamh san earrach agus na hiarrthóirí éagsúla a fhógairt i bhfad níos luaithe.
do chuid airgid a chomhaireamh to count your money
" Agus do chuid airgid a chomhaireamh, ar ndóigh.
chomhaireamh (I can) count
" Tá mé in ann 35 crann éagsúla a chomhaireamh nuair a shiúlaim an bóthar anois, crainn nach mbeadh ann ach ab é gur ghlac mé orm féin iad a tharrtháil ón bhás.
a gcéimeanna a chomhaireamh to count their steps
" Cuidíonn ríomhaí céime, nó mar a deir an Béarla, ‘an peidiméadar’, go mór le páistí atá róthrom a gcéimeanna a chomhaireamh.
le linn chomhaireamh na vótaí during the counting of votes
" Bhí Pat Butler ar dualgas i ndáilcheantar Dhún Laoghaire le linn chomhaireamh na vótaí ansin in olltoghchán mhí na Bealtaine.