Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chraobhscaoileadh to broadcast
" An bhfuil éinne amuigh ansin atá sásta ceann a chur ar bun? Idir an dá linn, lig dom fógra beag uaim féin a chraobhscaoileadh: ná bac leis na siopaí an Nollaig seo, cuir bronntanas fiúntach chuig do ghrá geal agus cabhraigh le teaghlaigh bhochta sna tíortha neamhfhorbartha.
a gcuid ráitisí féin a chraobhscaoileadh to propagate their own statements
" Tá na ceoltóirí seo ag teacht ar a nglór féin agus ansin thig leo iad féin a chur in iúl, a gcuid ráitisí féin a chraobhscaoileadh.
a chraobhscaoileadh to propagate
" Is eagraíochtaí iad seo a bhíonn ag cur i gcéill gur clinicí sláinte ban iad ach atá ann chun teachtaireacht láidir frithghinmhillte a chraobhscaoileadh agus cuireann siad eolas leighis ar fáil a bhíonn míchruinn go minic.
briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach to propagate the word of God effectively
" Roimh i bhfad d'fhigh siad na seantraidisiúin chreidimh leis an chreideamh Caitliceach, rud a chuir ar a gcumas briathar Dé a chraobhscaoileadh go héifeachtach.
soiscéal an cheoil a chraobhscaoileadh to propagate the gospel of song
" An bhfuil teipthe ar Chumann Lúthchleas Gael mar sin? I gcomórtas le staid na Gaeilge agus na hiomána, déanann an Suibhneach an pointe gur éirigh le Comhaltas Ceoltóirí Éireann soiscéal an cheoil a chraobhscaoileadh i ngach cúinne den tír in ainneoin go raibh an ceol traidisiúnta Gaelach beagnach ar tí bás a fháil sna l950í.
leis an soiscéal friththobac a chraobhscaoileadh to propagate the anti-tobacco gospel
" An tseachtain roimh an vóta stairiúil sin i Halla na Cathrach, bhí Maurice Mulcahy, Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhshaoil i nGaillimh, i Learpholl leis an soiscéal friththobac a chraobhscaoileadh.
a chraobhscaoileadh to propagate
" Tá na hacmhainní teicneolaíochta ann leis an saibhreas oidhreachta a chraobhscaoileadh agus creidim go bhfuil dualgas ar an Bhrainse a theacht i dtír orthu sin, ar acmhainní an idirlín ach go háirithe.
a chraobhscaoileadh to propogate
" Measaim go bhfuil sé de dhualgas ar chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil grá acu don teanga agus dea-scéala na teanga a chraobhscaoileadh mar tá neart daoine ann nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann ar chor ar bith.
chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh to spread the word
" Ach i dtaca le Gretzky de, in ainneoin an chultais a leanann de i Meiriceá Thuaidh agus i dtíortha tuaisceartacha na hEorpa ina n-imrítear haca oighir – agus, gan dabht, in ainneoin sheacht ndícheall Fhathaigh Bhéal Feirste, an fhoireann haca a imríonn in Airéine na hOdaisé, chun an sóiscéal a chraobhscaoileadh in Éirinn – is é an fhírinne é nach sléachtann mórán deisceabal sa chuid eile den domhan go talamh roimh dhia mór an haca.
a chraobhscaoileadh to propagate
" " **Dualgas** Is drámadóir agus file é Bob Welch ach cén fáth go mbíonn sé ag scríobh filíochta? Le cuid mhór airgid a dhéanamh? (Ceist áiféiseach!) Mar go dtig leis é a dhéanamh? Nó an bhfuil teachtaireacht aige a chaithfidh sé a chraobhscaoileadh don domhan mhór? “Níl a fhios agam ach gur gá dom a dhéanamh.
a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh to disseminate their music, ie to present their music to the public
" a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo .
chraobhscaoileadh broadcasting
" Le cúpla bliain anuas, tá na Proms á gceiliúradh i mBéal Feirste agus, a bhuíochas don BBC, bíonn idir cheolfhoireann Uladh, cheoltóirí "n-oileáin seo" agus chraobhscaoileadh an *finale*, "Land of Hope and Glory" agus "Rule Britannia", le feiceáil ar scáileán ollmhór.
á chraobhscaoileadh being broadcast
" Mura raibh sin againn, ní bheadh a t-eolas a bhí riachtanach, do na daoine ar ais in Éirinn a bhí gnoitheach i bpróiseas na síochána agus don ghnáthphobal araon, á chraobhscaoileadh againn.
chraobhscaoileadh broadcast
" Bhí an Traíoch in ann glacadh le teachtaireachtaí ó lucht cogadh síceolaíoch in Iosrael agus iad a chraobhscaoileadh arís go huathoibríoch ar an minicíocht chéanna a d’úsáid rialtas na Libia.
Chraobhscaoileadh disseminating
" Drochleid á Chraobhscaoileadh Bhíos thar a bheith míchompórdach faoin dtuairim go n-iomlánaítear ar neamh cailíní a dúnmharaítear faoi gháirsiúlacht bhreoite leithéid de dhuine agus carachtar Stanley Tucci, agus níos míchompórdaí fós, b’fhéidir, go mbeidís le chéile go síoraí sna flaithis, buíon íobartach, sainmhínithe de bharr oilc a ndúnmharfóra! Mo leithscéal, a chairde, ní thagann maith riamh ón olc agus tá sé contúirteach agus mífhreagrach an tuairim sin a Chraobhscaoileadh.
chraobhscaoileadh to broadcast
" Ach thug sí “léachtóir deoraíoch” uirthi féin freisin, agus í ag imeacht ar fud na hÉireann chun fealsúnacht Chonradh na Gaeilge a chraobhscaoileadh, gan aon chomhluadar aici, seachas ateangaire agus a cuid laindéar draíochta.
chraobhscaoileadh to broadcast
" Tá Balor na Súile Nimhe ar bís lena scaob a chraobhscaoileadh le muintir na hÉireann ar fad, agus go speisialta le léitheoirí dílse Beo Ar Éigean (an cúigear acu).
chraobhscaoileadh to broadcast
" Duine de bhunaitheoirí Chraobh Melbourne de Chonradh na Gaeilge a bhí ann, agus díreach cosúil lena chomhghleacaithe in Éirinn, bhain sé leas as an nuachtán chun a smaointe a chraobhscaoileadh: d’oibrigh sé mar eagarthóir ar “Our Gaelic Column” sa nuachtán The Advocate, ó 1902-1912.
leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh to broadcast the message
" Chonaic mé í ag tabhairt léachta i nGleann Gormfhlaith a raibh baill d’eite dheas an DUP i láthair agus níl eagla ar bith uirthi dul isteach sa bhearna bhaoil leis an teachtaireacht a chraobhscaoileadh.
an scéal a chraobhscaoileadh broadcast the ‘good news’
" "Mhothaigh mé go dtiocfadh liom an scéal a chraobhscaoileadh, bhí smaointe dearfacha agam, agus fuair mé an post seo le Foras na Gaeilge ina bhfuil mé, ach caithfidh mé a rá go raibh Misean Oirthear Bhéal Feirste ar fheabhas chomh maith,” ar sí.
an mana atá á chraobhscaoileadh the motto being broadcast
" ” ‘Tá an Ceart Acu’ ======== Ach seo 2013 agus is é an mana atá á chraobhscaoileadh ag an uile dhuine ná go gcaithfear an teanga a dhípholaitiú.