Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thionscadal a thabhairt chun críche to complete his project
" Thóg sé ocht mbliana is fiche ar Ghiberti a thionscadal a thabhairt chun críche agus nuair a chonaic Michelangelo é dúirt sé gur “Porto del Paradiso” a bhí ann.
chun críche. to an end.
" Fad 900 ciliméadar atá ann – a bheag nó a mhór – agus is sa Fhrainc a thosaíonn an cosán agus is ar chósta na Spáinne a thagann sé chun críche.
an tionscadal seo a thabhairt chun críche. to bring this project to fruition.
" ” Measann an Dr Welch go bhfuil sé “suimiúil” gur beirt atá ag obair ó thuaidh a thóg an dualgas orthu féin an tionscadal seo a thabhairt chun críche.
nuair a thagann a lá oibre chun críche, when his working day comes to a close
" Ach nuair a thagann a lá oibre chun críche, athraíonn Micheál go Michelle – mainicín álainn sna fichidí, a shaothraíonn airgead mór as gach taispeántas faisin a mbíonn sí páirteach ann.
tagtha chun críche. over
" Ag deireadh na nóchaidí, thug an Pentagon airm bhreise do na fórsaí póilíneachta timpeall na tíre mar gheall ar an gCogadh Fuar a bheith tagtha chun críche.
sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche before the end of the twenty-first century
" Is féidir a bheith cinnte, dar leis, go mbeidh an Astráil ina poblacht sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche.
nach dtiocfadh na dea-laethanta chun críche riamh that the good times would never end
" 25 ciliméadar an lítear! Bonneagar easnamhach Bhíothas den tuairim nach dtiocfadh na dea-laethanta chun críche riamh agus níor pleanáladh don lá nach mbeadh peitreal chomh saor leis an aer.
má thagann an maoiniú reatha chun críche if current funding comes to an end
" Tarlaíonn go minic agus taighde ollscoile ar siúl go mbíonn ort tionscadail fhiúntacha a chaitheamh i dtraipisí má thagann an maoiniú reatha chun críche.
chun críche to fruition
" Foirfeoir a bhí i da Vinci ach ba mhinic a intinn ag scinneadh ó ábhar go hábhar gan go leor acu a thabhairt chun críche agus ar an dóigh sin, ní raibh a ráta táirgiúlachta i gcaitheamh a shaoil riamh ard.
chun na críche seo to this end
" Bhaintí úsáid as meascán den uisce agus den luaithreach leis an aghaidh a ní chun na críche seo.
ré ag teacht chun críche an era was coming to an end
" Ba bheag a thuig mé an t-am sin, samhradh breá na bliana 1995, go raibh ré ag teacht chun críche – ré na monaplachtaí náisiúnta ar nós British Telecom, ré na dtionscnamh mór fada, ré na hoibre tomhaiste seasmhaí, ré na gcúrsaí fada traenála, ré an mhaorlathais trom, ré na scáileán dubh agus bán (sea, sa bhliain 1995!).