céim chun tosaigh
one step ahead
Bíonn a fhios ag lucht gnó go dtarlóidh an patrún seo; an cleas ná do straitéis a athrú sula n-athraíonn na hiomaitheoirí í, agus a bheith
céim chun tosaigh i gcónaí.
céim chun tosaigh ar
a step ahead of
Beidh orthu a bheith
céim chun tosaigh ar *wits* Bhaile Átha Cliath atá ar a ndícheall cheana féin ag cumadh leasainmneacha don Spíce, leithéidí "The Stiletto in the Ghetto" agus "The Needle at the Cathedral"!
*Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
an dóigh chun tosaigh
the way forward
Tá mé ag déanamh
an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois
but we've taken a step forward now
Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné,
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
rúid chun tosaigh
dash/sprint forward
Ach sin ráite thug an carr gorm
rúid chun tosaigh agus ann ach gurbh éigean d'Ivan an bealach a fhágáil lena ligean thart.
céim amháin chun tosaigh
one step ahead
Ní raibh mise ach
céim amháin chun tosaigh ar na daltaí eile.
aon chúilín chun tosaigh
one point ahead
Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh
aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
céim dhearfach chun tosaigh
a positive step forward
Is
céim dhearfach chun tosaigh don Ghaeilge é go bhfuil ionadaithe tagtha le chéile ó réimse leathan eagraíochtaí agus go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil don fheachtas chomh maith ag go leor daoine aonair.
chuir sé chun tosaigh
he proposed
Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus
chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo.
chun tosaigh air
in front of him
Bhí sé ag meabhrú fá Isibéal a bhí ina suí ceithre shuíochán
chun tosaigh air.
chun tosaigh
forward
"
Má ghlactar leis go forleathan anois, níorbh amhlaidh nuair a chéadmhol Whitaker gurb é sin an t-aon bhealach
chun tosaigh.
Céim mhór chun tosaigh
a big step forward
Céim mhór chun tosaigh a bhí sa cháin 15 cent ar mhálaí plaisteacha, mar shampla.
á brú chun tosaigh
pushing her forward
Ar ndóigh, d'fhéadfadh Rodgers fanacht sa bhaile agus gan baint a bheith aici leis an pholaitíocht níos mó ach bhí rud éigin
á brú chun tosaigh.
chun tosaigh ar
ahead of
Gan amhras, bhí siad go mór
chun tosaigh ar na stáisiúin raidió eile san Eoraip.
a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht
who used to lead the singing
Is eaglais Phreispitéireach í Eaglais na hAlban, mar sin níl altóir ann, ach tá puilpid mhaorga ann don mhinistir, agus deasc le fáil faoi don réamhchantóir,
a bhíodh chun tosaigh sa chantaireacht.
chun tosaigh
forward
An caitheamh aimsire í an teanga sa tír seo nó cuid den ghluaiseacht teanga dhomhanda? Céim eile
chun tosaigh ba chóir dúinn a thógáil más féidir é, i mo thuairimse, ná ranganna a chur ar fáil sna hollscoileanna do na fochéimithe sa Léann Éireannach/Ceilteach, rud nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith san Astráil faoi láthair.
tháinig daoine chun tosaigh
people came forward
De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail,
tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
tháinig daoine chun tosaigh
people came forward
De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail,
tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
go mór chun tosaigh
way ahead
Seo a leanas mórshonraí an chomórtais roimh 2006:
An Bhrasaíl: buaiteoirí i 1958, 1962, 1970, 1994, 2002; neasóirí i 1950 agus 1998; an tríú háit i 1938 agus 1978
An Iodáil: buaiteoirí i 1934, 1938 agus 1982; neasóirí i 1970 agus 1994; an 3ú háit i 1990
An Ghearmáin: buaiteoirí i 1954, 1974 agus 1990; neasóirí i 1966, 1982, 1986, 2002; an 3ú háit i 1934 agus 1970
Uragua: buaiteoirí i 1930 agus 1950
An Airgintín: buaiteoirí i 1978 agus 1986; neasóirí i 1930 agus 1990
Sasana: buaiteoirí i 1966
An Fhrainc: buaiteoirí i 1998
Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil grúpa beag tíortha (an Bhrasaíl, an Iodáil, an Ghearmáin agus an Airgintín)
go mór chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan.
chun tosaigh
to the fore
Bhí mé ar an pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl i mbliana nuair a bhí an JLRFB
chun tosaigh, agus mar is ghnáth, bhí drochaoibh ar na póilíní.
chun tosaigh
to the fore
Rinneadh cuimhneachán ar an tubaiste i Márta 1995 nuair a chuaigh grúpa daoine, agus an sagart paróiste
chun tosaigh, suas Cró na Rad ó na Cealla Beaga agus dúradh paidreacha ar an suíomh.
chun tosaigh ón tús
ahead from the beginning
Bhuaigh siad gach gné den chomórtas agus bhíodar
chun tosaigh ón tús.
céim mhór chun tosaigh
a big step forward
Measann Ó Ciardha gur
céim mhór chun tosaigh é seo.
níos faide chun tosaigh
further ahead
Níor mhór dóibh amharc
níos faide chun tosaigh ná an chéad olltoghchán eile.
chun tosaigh
in the lead
Bhí gach duine acu
chun tosaigh ag am éigin le linn na bpoll deireanach sin.
céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht.
one or two steps ahead of navying.
Murar den chéim chéanna iad le sagairt agus dochtúirí, bhí an obair
céim nó dhó chun tosaigh ar náibhíocht.
Céim mhór chun tosaigh
a big step forward
Céim mhór chun tosaigh é dom.
i bhfad chun tosaigh
way ahead
Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne
i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
a chur chun tosaigh
to promote
Ba chás le Riobard an tsiamsaíocht ach go háirithe agus bhí baint mhór aige le hAmhaclann an Damer, Cabaret Gael Linn, Amharc Éireann agus leis na scannáin *Mise Éire *agus* Saoirse?*
Ag labhairt dó ar bhás Riobaird, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin:
San iliomad slite nuálacha d’éirigh le Riobard Mac Góráin an Ghaeilge
a chur chun tosaigh i saol cultúrtha na hÉireann.
cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm.
a few rows of seats ahead of me.
Ní raibh ach beirt eile i láthair,
cúpla sraith suíochán chun tosaigh orm.
gluaiseacht deich slat chun tosaigh,
to move 10 yards forward,
Is dócha gurbh iad na rudaí nua ba shuntasaí ná an *down*, ceann de cheithre iarracht ag an bhfoireann ionsaitheach
gluaiseacht deich slat chun tosaigh, agus an líne clíbirte a thrasnú.
seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
devices to move forward with the ball.
Cluiche reatha ab ea an pheil seo, mar sin, seachas an cluiche caite
atá ann anois, agus mar gheall air seo, chruthaigh na foirne
seifteanna le gluaiseacht chun tosaigh leis an liathróid.
chun tosaigh orthu.
ahead of them.
Is iad an dara agus an tríú grúdaire is mó faoi seach i Meiriceá - níl ach Budweiser, “rí na mbeoracha” féin,
chun tosaigh orthu.
Céimeanna móra chun tosaigh
big steps forward
Céimeanna móra chun tosaigh ar son chearta na mban atá i gceist le Julia Gillard a bheith ceaptha ina leasphríomh-aire agus líon na mban sa chomh-aireacht nua a
bheith dulta i méadaíocht.
chun tosaigh.
to the fore, to light
I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín
chun tosaigh.
chun tosaigh
forward
Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta
chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta.
chun é féin a chur chun tosaigh
to promote himself
I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid
chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
a bhí chun tosaigh
which were at the front
Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán –
a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
céim mhór chun tosaigh
a big step forward
Is
céim mhór chun tosaigh sa phróiseas athmhuintearais é leithscéal oifigiúil a bheith gafa ag Kevin Rudd le Bundúchasaigh na tíre as ucht ar tharla dóibh.
nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn.
when the allegations started to come out
Ní mó ná sásta a bhí mé
nuair a thosaigh na líomhaintí ag teacht chun cinn.
céim chun tosaigh
a step forward
Cé go bhfuil an bille easnamhach, táthar ag maíomh gur
céim chun tosaigh atá ann.
chun tosaigh ar an stáitse
to the front of the stage
Agus Rossa
chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua.
chun tosaigh
ahead
Tá Google
chun tosaigh ón taobh seo de freisin: cuireann siad ríomhchlár beag ar fáil a chabhraíonn leat teacht ar sheirbhísí atá in aice leat.
rud beag chun tosaigh orm féin
a little bit ahead of myself
Rogha cairrCeart go leor, tá mé
rud beag chun tosaigh orm féin.
céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh
radical and revoluntionary step forward
"
Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach ó bunaíodh an stáisiún?
“Ghlac Raidió na Life
céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
chun tosaigh.
to the front
Bhí banna ceoil ag seinm ag é ag dul timpeall – dáréag ceoltóirí, iad uilig ard san aer ar chliabháin mhóra ag bogadh ar aghaidh
chun tosaigh.
chun tosaigh
ahead of
Níl aon chathair ar leith
chun tosaigh orthu go léir, deir sí.
chun tosaigh
leading
Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne, Cill Chainnigh
chun tosaigh ar éigean.
glúin chun tosaigh
a generation ahead
Tá siad
glúin chun tosaigh san athrú teanga i ndáiríre.
chun tosaigh
to the fore
com>*
Tá naisc de leataobh an ailt seo a threoróidh thú ar an eolas faoin amaidí go léir a cheadaigh an tUasal Bille Clinton agus a lig an bhradaíl dleathach
chun tosaigh i saol na margaíochta nach raibh chomh scaoilte ón am ar thit an tóin as Sráid an Bhalla cheana, 1929, agus as geilleagar an domhain dá réir.
ag amharc chun tosaigh
looking forward
Bhí sé de bhua ag Janus go raibh an dá aghaidh ar a chloigeann: ceann
ag amharc chun tosaigh agus an ceann eile ag amharc siar.
chun tosaigh
to the fore
Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil
chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
chun tosaigh
to the fore
Is saoithiúil ar bhealach gur i dtaobh tíre a raibh muintir Laoire go láidir ann tráth den saol gur tháinig muintir Calvert
chun tosaigh ar ball.
Is céim chun tosaigh é
it’s a step ahead
Is céim chun tosaigh é agus tá *QuickGuide™ Irish Grammar* níos cuimsithí ná na cártaí gramadaí eile atá ar fáil faoi láthair.
tagtha chun tosaigh
has come to the fore
Uirlis atá
tagtha chun tosaigh sa Bhreatain le bliain nó dhó anuas ná an ‘sárurghaire’ a chuireann cosc ar nuachtáin eolas a chur i gcló faoi chaidrimh ghnéis sheachphósta a bhíonn ag daoine cáiliúla áirithe.
Ba chéim mhór chun tosaigh
it was a great step forward
Ba chéim mhór chun tosaigh san athmhuintearas í, mar sin, nuair a ghabh Kevin Rudd, a ceapadh ina phríomhaire i gcomharbacht ar Howard, leithscéal oifigiúil leis an mhuintir dhúchais as ucht a saíocht a bheith scriosta ag muintir eile na tíre (Eagrán 83, Márta 2008).
cromadh chun tosaigh
lean forward
Is ‘suí siar’ é in ionad a bheith mar ‘
cromadh chun tosaigh’, rud a ligeann don úsáideoir brabhsáil gan an iomarca tiomantais ach fós féin a bheith, fágaim, mar chuid de phobal daoine gur spéis leo cúirtíní áille.
gluais chun tosaigh
move forward
Ach
gluais chun tosaigh ceithre bliana go leith agus tá sé le feiceáil nach bhfuil an scéim a chuir an Oifig le chéile aontaithe go fóill.
an scéal seo a bhogadh chun tosaigh
making progress in this matter
Go fóill féin agus an t-alt seo á léamh agat, níl aon iomrá ar an Roinn
an scéal seo a bhogadh chun tosaigh.
chun an scéal a bhogadh chun tosaigh
in order to move matters forward
Chas feidhmeannaigh ón dá eagraíocht le chéile ar Lá Bríde agus leagadh amach spriocanna áirithe
chun an scéal a bhogadh chun tosaigh.
chun tosaigh i bhfeachtas
to the fore in the campaign
’*
Bhí ceol na hÉireann go deas fóirsteanach, mar nach amháin go raibh neart íobartach de bhunadh na hÉireann i measc an 96 a fuair bás sa tubaiste ar 15 Aibreán 1989, ach bhí siadsan
chun tosaigh i bhfeachtas an *Hillsborough Justice Campaign* chun an fhírinne faoin ár a aimsiú.
Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh
they push the limits forward
Brúnn siad na teorainneacha chun tosaigh agus cuireann siad féidireachtaí nua ar fáil.
críochnú chun tosaigh ar
finishing ahead of
Ba iad na rábálaithe Afra-Mheiriceánacha, Tommie Smith agus John Carlos, comhroghanna na coitiantachta sa rás, ach d’éirigh le Norman
críochnú chun tosaigh ar Carlos.
ag brú chun tosaigh
pressing ahead
Nuair a bhíonn sé i measc foirne, bíonn sé i gcónaí
ag brú chun tosaigh dar leis.
chéim chun tosaigh
step forward
Nó an é “*land grab of Android*” atá ar siúl ag Facebook mar a scríobh Walt Mossberg an *NY Times*?
Bhí sé ar intinn agam scríobh faoin
chéim chun tosaigh a bhí i gceist le Google Glass, uirlis a ligeann duit do lámha a scaoileadh ó thiorántacht an ghutháin ach nach scaoileann do lámha go hiomlán go fóillín.
beagán chun tosaigh ag deireadh an lae
a little ahead at the end of the day
Ach an straitéis seo a leanacht go coinsiasach do gach ceann de na cluichí, bím
beagán chun tosaigh ag deireadh an lae de ghnáth.
chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla
to the fore in a lot of various organizations
Na blianta siar, is iad na mic léinn a bhíodh
chun tosaigh in an-chuid eagraíochtaí éagsúla a bhíodh ag ceistiú an tsaoil in ionad a bheith ag ceistiú a staid airgeadais féin.
cuireann siad an locht ar an gcnáimhín súgartha chun tosaigh
they blame the frontal wishbone
Agus mura mbíonn úinéirí in ann foinse na gliogarnaí a aimsiú,
cuireann siad an locht ar an gcnáimhín súgartha chun tosaigh.
trom ar na boinn chun tosaigh
heavy on the front tyres
Is féidir leis an 159 a bheith
trom ar na boinn chun tosaigh.
chomh maith le céim chun tosaigh
as well as a step forward
Is mór an t-aitheantas a thugann an gradam seo d’ealaíontoirí óga
chomh maith le céim chun tosaigh ina slí bheatha.
ab óige, chun tosaigh
youngest came forward
Aithníonn Gaeilgeoir Gaeilgeoir Eile
===============
Tháinig an duine
ab óige, chun tosaigh agus tharraing sé an chomhla ar fhoscailt dóibh.
an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh
the English version of history to the fore
ie (eagráin 93, 94 agus 98), tuigim gur teanga mhionlaithe atá inti agus mar sin, is é
an leagan Béarla den stair atá chun tosaigh agus tá leabhar amháin go háirithe go mór faoi thrácht sa chathair: *Irish, Catholic and Scouse: The History of the Liverpool-Irish 1800-1939* le John Belcham (LUP 2007).
an freasúra i bhfad chun tosaigh
the opposition well ahead
Léirigh na pobalbhreitheanna le cúpla bliain roimh an olltoghchán go raibh
an freasúra i bhfad chun tosaigh ar rialtas Julia Gillard, an chéad phríomhaire ban san Astráil.
céim eile chun tosaigh
another step ahead
) Teastaíonn gníomhartha misniúla den chineál sin leis na Gaeil a thabhairt
céim eile chun tosaigh.
a gcainteoirí gaibhte céime eile chun tosaigh
its speakers shall have progressed another step forward
Mura maraíonn siad sinn, beidh an teanga seo agus
a gcainteoirí gaibhte céime eile chun tosaigh.
Coiscéim chun tosaigh
one step ahead
‘
Coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl’ a thug an Coimisinéir Teanga ar an ghníomh.
an deis iad féin a chur chun tosaigh
the opportunity to progress
Ba mhór an feall é nach bhfuair muintir na Seanchille
an deis iad féin a chur chun tosaigh ar bhonn aicme den lucht oibre ag uaigh Tone.
amuigh chun tosaigh
out in front
Tá na céadta ann roimhe, agus
amuigh chun tosaigh ar na céadta sin tá Vladimir Putin na Rúise.
chun tosaigh i leith
to the fore as regards
Dála na chéad scannáin ghrianghrafadóireachta a cruthaíodh, bhí na Francaigh
chun tosaigh i leith forbairtí nua maidir leis an fantasmagorie agus cathair Versailles ina lár-ionad ag na turgnaimh chéanna.
chun tosaigh san fheachtas
leading the campaign
Is monarcaí amach is amach é, a bhí
chun tosaigh san fheachtas in éadan an reifrinn le poblacht a bhunú san Astráil sa bhliain1999.
chun tosaigh
ahead
Nuair a thosaigh an t-aicsean, bhí Clarke
chun tosaigh tar éis a bheith “faoi bhrú ó Pollock” níos luaithe sa chluiche.
coiscéim chun tosaigh
a footstep ahead
B’fhíor don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a mhaígh nach chun sochair na teanga a rachfadh an socrú úr agus gur
coiscéim chun tosaigh agus péire ar gcúl a bhí sa ghníomh.
chun tosaigh ar gach éinne eile
ahead of everyone else
Eascraíonn gach dochar is gach sochar (bíodh gur leis na hIosraelaigh amháin a bhaineann taobh an tsochair sa Phalaistín) as aon rud amháin: córas cinedheighilte an stáit, córas a chuireann éinne as áit ar bith ar domhan,
chun tosaigh ar gach éinne eile má thig leis nó léi a chruthú go bhfuil aon chreideamh amháin aige nó aici.
atá chun tosaigh
which is to the fore
Mhol an Seanadóir Richard Di Natale an bille agus is ball den Pháirtí Glas é an seanadóir, páirtí
atá chun tosaigh i dtaca le beartas sóisialta le blianta fada anuas.
Céim eile chun tosaigh
another step forward
Céim eile chun tosaigh sa réabhlóid dhigiteach is ea é, ach tá súil ag Colm Ó Snodaigh nach mbeidh deireadh iomlán choíche leis na siopaí beaga ceirníní i mBaile Átha Cliath.
chun tosaigh
to the fore
Is ait an mac an pholaitíocht; Martin McGuinness le labhairt ag Comhdháil na gCoimeádach? An DUP, na Tóraithe móide LibDem agus Sinn Féin, b’fhéidir, a deir Robert McMillen, gurb shin an meascán a bhéarfas an chaoinfhulaingt agus an fhíorpholaitíocht
chun tosaigh.
chun tosaigh
ahead
Tá céim
chun tosaigh Apple TV, tairiscint duit féin a léitheoir Bheo! chomh maith le Gradaim Ghréasáin i lár na míosa, go léir faoi thrácht ag Roseanne Smith ina halt thíos.
chun tosaigh le moltaí
to the fore with opinions
Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith
chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe
leading all the premier league teams
Dar le Colm Mac Séalaigh, ba é diongbháilteacht Mhic Fhearghusa an ghné a chinn go mbeadh blianta fada glórmhara ag Manchúin Aontaithe
chun tosaithe foirne uile na Príomhshraithe.