Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comaitéirí commuters
" Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
comaitéirí commuters
" Mar sin, beidh turas níos simplí ag comaitéirí agus iad ag dul go dtí a n-oifigí sa cheantar seo.
don chomaitéir bocht for the poor commuter
" Bíodh trua agat don chomaitéir bocht i Nua-Eabhrac, mar sin.
comaitéir commuters
" Cén fáth a bhfuil nós na rothaíochta ag dul i léig? An é gur comhartha eile den Tíogar Ceilteach é? **Suirbhé**In 2004, rinne Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath suirbhé inar cuireadh ceist ar 300 comaitéir arbh iad a ngluaisteáin a bpríomh-mhodh iompair.
le freastal ar chomaitéirí as baile isteach. to cater for commuters from the outside.
" Ba léir go dtiocfadh claochlú as cuimse ar an chothromaíocht idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla sa Ghaeltacht dá dtógfaí lear mór eastát tithíochta le freastal ar chomaitéirí as baile isteach.
ó chomaitéirí as baile isteach. from commuters from outside.
" D’éirigh leis go pointe stop a chur leis an bhagairt mhór don teanga ó chomaitéirí as baile isteach.
a d'fhéadfadh glacadh leis an bhfarasbarr comaitéirí which could take the surplus of commuters
" Níl fáil níos mó ar línte traenach a d'fhéadfadh glacadh leis an bhfarasbarr comaitéirí atá ag iarraidh a gcarranna a fhágáil sa bhaile.
leibhéal struis na gcomaitéirí stress levels of commuters
" Ní laghdóidh na hathruithe seo leibhéal struis na gcomaitéirí san ardchathair, ar dream iad a bhraitheann faoi léigear cheana féin.