Dornán beag de bhlianta tar éis chéadcheapadh an phodchraolta –
comhaid fuaime dhigiteacha a chuirtear ar fáil do ghairis éisteachta ar nós an iPod ina dtig linn a roghnú cad leis ar mhaith linn éisteacht agus cá huair – tá na stáisiúin raidió uile in Éirinn nach mór ag soláthar na seirbhíse sin.
Bíonn ceart freagartha ag an té ar líne a bhreathnós feasta ar aon suíomh, ar aon fhíseán, ar chomhad fuaime, ar ábhar, íomhá, learáid gur fiú breathnú air.