Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corrfhocal molta the odd word of praise
" Cháin sé na seirbhísí faisnéise ar a lán bealaí, cé gur éirigh leis corrfhocal molta a rá freisin - go raibh ag éirí go maith leo "i gcoitinne".
corrfhocal the odd word
" Cé nach raibh Gaeilge labhartha le cloisint go minic ar na sráideanna, chuala mé corrfhocal ó am go chéile.
corrfhocal an odd word
" Shhhh! Don iarthaoiseach iarghaoiseach Garret Mac Gearailt thabharfainn fiacla úra – foireann iomlán acu – sa dóigh go mbeadh daoine in ann corrfhocal eile a thuigbheáil ag teacht amach as a bhéal seachas ‘duairceas agus doineann agus gruamacht’ agus ‘deich mbliana eile ar a laghad’.
corrfhocal an odd word
" Ní bhíonn aon easaontas eadrainn riamh maidir le traenáil agus dornálaíocht, ach taobh amuigh de sin, ar nós aon iníon agus athair bíonn corrfhocal eadrainn anois is arís ach ní mórán é.
corrfhocal nó abairt Ghaeilge an odd word or Irish sentence
" Má tá fadhb acu le daoine eile ag úsáid corrfhocal nó abairt Ghaeilge ó am go ham, b’fhéidir go mb’fhearr dóibh a bheith ag obair i seirbhís eile craolacháin nach bhfuil aon dualgas reachtúil air ó thaobh na Gaeilge.