Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
curtha i gcrích achieved
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
curtha i gcrích completed
" "Mar chuid den scéim atá leagtha amach do Bhéal Feirste agus atá le bheith curtha i gcrích faoin bhliain 2008, tá an Catherdral Quarter le forbairt, agus is é an sprioc atá leis ná go mbeidh an ceantar seo ar nós Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
curtha i gcrích achieved
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá go leor curtha i gcrích maidir leis na bunaidhmeanna sa mhéid is gur leagadh síos slata tomhais maidir le ceapadh na téarmaíochta, gur ceapadh prionsabail traslitrithe don téarmaíocht theicniúil agus gur faomhadh corpas fairsing tearmaíochta de réir na bprionsabal sin, gur foilsíodh fiche éigin foclóirí saintéarmaíochta agus go bhfuil roinnt eile socraithe ach gan a bheith in eagar go fóill.
curtha i gcrích achieved
" Nuair a bhí sé sin curtha i gcrích aige, dhírigh sé ar sprioc nua: seirbhísí a chur ar fáil go dtí an Bhreatain.
curtha i gcrích finished
" Nuair a bheas an obair sin curtha i gcrích ag an RPA, beidh siad ag díriú a n-aird ansin ar sheirbhís a fhorbairt idir lár na cathrach agus an t-aerfort.
curtha i gcrích completed
" Táim saghas mórálach as rudaí a bheith tosnaithe agus iad a bheith curtha i gcrích agus iad a bheith fós beo.
curtha i gcrích achieved
" Tá go leor curtha i gcrích le 32 bliain ag an tseirbhís ach, cosúil le gach seirbhís mhaith chumarsáide, ní féidir ariamh stopadh ag fás agus ag forbairt.
curtha i gcrích done
" Tá an-obair curtha i gcrích agus ar siúl sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe, agus Gaeltachta, agus tá an-mholadh ag dul don Taoiseach gur fhág sé Ó Cuív sa roinn le leanúint ar aghaidh leis an obair sin.
curtha i gcrích curtha i gcrích
" Tá na hoibreacha ar siúl fós, agus tá sé fógartha nach mbeidh an obair curtha i gcrích go dtí 2008.
curtha i gcrích curtha i gcrích
" Tá na hoibreacha ar siúl fós, agus tá sé fógartha nach mbeidh an obair curtha i gcrích go dtí 2008.
curtha i gcrích put into action
" **B** Noel Dempsey, an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha: Neart smaointe ag an Aire Dempsey ach níl mórán curtha i gcrích aige.
curtha i gcrích, completed
" An t-am seo an bhliain seo caite, d’fhógair mé go raibh m’albam féin – a rabhas ag obair air le blianta – curtha i gcrích, nach mór, agus go rabhas cinnte go n-eiseofaí an t-albam san athbhliain.
a bhí díreach curtha i gcrích which was just finished
" Oíche amháin ag a naoi, dúirt sé liom go raibh fonn air bualadh isteach chuig Lance agus a bhean Suzanne leis an jab tógála a bhí díreach curtha i gcrích ar a dteach a fheiceáil.
curtha i gcrích finished
" Agus an obair seo curtha i gcrích acu, thug siad aghaidh ar chóras téacs-go-hurlabhra a fhorbairt don Ghaeilge.
sula raibh an jab curtha i gcrích acu before they had completed the job
" Mhaígh Howard go mbeadh sé ina ollbhua ag na sceimhlitheoirí dá dtabharfaí abhaile na trúpaí comhraic Astrálacha “sula raibh an jab curtha i gcrích acu”.
curtha i gcrích secured
" Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.
curtha i gcrích brought to fruition
" Gan é, ní mórán a bheadh curtha i gcrích.
curtha i gcrích brought to fruitition
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
curtha i gcrích brought to fruition
" François Damiens ======== Míorúilt atá curtha i gcrích ag François Damiens.
curtha i gcrích completed
" Mhaígh siad go léir nach gcuirfí deireadh leis an misean san Afganastáin go dtí go mbeadh a bhunchuspóirí curtha i gcrích agus go mbeadh “na cúinsí cuí ar an talamh” bainte amach.
curtha i gcrích brought to fruition
" Tá scéimeanna éagsúla curtha i gcrích ag formhór mór de bhaill an Aontais Eorpaigh (AE) chun inimircigh lasmuigh den dlí a thabhairt chun rialtachta agus tá an Pholainn tar éis deireadh a chur le scéim dá leithéid le déanaí.
mbeidh sé curtha i gcrích acu they’ve finished it
" Le Minecraft feicim gur féidir leo díriú isteach ar thionscnamh agus fanacht leis go dtí go mbeidh sé curtha i gcrích acu.
héachtaí a bhí curtha i gcrích againn feats we had done
" Tharraingíodh duine éigin grianghraf agus bhí sé go maith a bheith a amharc orthu idir sin is tráthas nuair a chuirtí faoi chló iad, le breathnú agus le cuimhneamh siar ar na héachtaí a bhí curtha i gcrích againn in éineacht le chéile.
bhfuil togra eile curtha i gcrích acu they’ve another project finished
" Tugaim faoi deara gach uair a dtéim ar ais ansin go bhfuil togra eile curtha i gcrích acu.
bhfuil éacht curtha i gcrích ag CIC have done something remarkable
" Is cinnte go bhfuil éacht curtha i gcrích ag Cló Iar-Chonnacht le foilsiú an leabhair mhórthaibhsigh seo agus go háirithe ag eagarthóirí an leabhair – Mícheál Ó Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin.
curtha i gcrích concluded
" Ar na daoine seo, tá Úna Monaghan, bean óg a bhfuil oiread curtha i gcrích aici is atá ag daoine a dhá hoiread níos sine na í.
Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag it’s amazing what has been achieved by
" Is iontach a bhfuil curtha i gcrích ag náisiúntóirí agus ag poblachtaigh ó thuaidh agus ó dheas le glúin.
leath na pianbhreithe curtha i gcrích half of the sentence served
" Cé nach raibh ach leath na pianbhreithe curtha i gcrích ag Corby, chinn na húdaráis Indinéiseacha í a scaoileadh ar chuntair áirithe, ina measc siúd go mbeidh uirthi maireachtáil lena deirfiúr in Kuta, na Bali, go ceann trí bliana eile.
chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é not because of what has already been done
" Beidh baint níos dlúithe ag Cathair Dhoire le saol na healaíne feasta, chan as a bhfuil curtha i gcrích cheana féin amháin é, ach as ucht a bhfuil ar na bacáin, faoi cheann dhá bhliana go háirithe, nuair a lonnófar Duais Turner sa chathair sin.