Tá Johnny Ronan ó Treasury Holdings chomh
dáigh le carraig - deir sé nach dtarlóidh sé seo agus tá sé fógartha aige go dtógfaidh Campbell's na fuinneoga amach *"over my dead body"*!
Is cúis mhór imní do go leor daoine é go bhfuil áiteanna suntasacha stairiúla mar Bewley's ag imeacht le sruth agus ina n-áit, b'fhéidir, ollstórais siopadóireachta á dtógáil - áiteanna a thugann mórán sásaimh don tomhaltóir atá ionainn uilig ach fíorbheagán cothaithe don anam ná pléisiúir don tsúil.