Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cad é an teanga is fearr dúinn what language is best for us
" Beidh an rogha againn cad é an teanga is fearr dúinn, agus is cinnte go roghnóimid ár dteanga féin.
Thug fear eile ardú meanman dúinn Another man raised our spirits
" Thug fear eile ardú meanman dúinn nuair a scríobh sé: "Táim i mo chónaí anseo in Áth Luain ach déanaim mo chuid guí fós trí Ghaeilge.
fá cheann míle dúinn within a mile of us
" "Duine ná deoraí," arsa Lillian "agus ina mhullach sin tá scoil bhreá fá cheann míle dúinn.
mar nach acmhainn dúinn because we can't afford
" Tá an fhoireann beag mar nach acmhainn dúinn daoine eile a fhostú.
a mheabhrú dúinn féin to remind ourselves
" Cad is carraig ann? Cad is cloch ann? Táimid chun aghaidh a thabhairt inniu ar Hiroshima chun cumas scriosta an duine a mheabhrú dúinn féin.
ag umhlú dúinn bowing to us
" An freastalaí ag umhlú dúinn agus sinn ag imeacht, mar a dhein leis na céadta bliain - le breis is míle bliain, le bheith cruinn ceart ina thaobh.
fá fhad siúil dúinn within walking distance
" Phill Frank agus dúirt, "Tá an teach ósta fá fhad siúil dúinn.
a nochtadh ina n-iomláine dúinn to reveal them in their entirety to us
" Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn.
nach gá dúinn that we don't have to
" Céard is féidir linne a dhéanamh faoi? An chéad chéim ná a thuiscint gur féidir rud éigin a dhéanamh faoi, nach gá dúinn an biachlár BigMac seo a shlogadh go deo.
mhol sí dúinn she advised us
" Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo.
Níor ghá dúinn déirc a iarraidh we wouldn't have to look for charity
" Níor ghá dúinn déirc a iarraidh sa mBruiséal: bheadh neart airgid againn chun ár gcuid mótarbhealach féin a thógáil.
mhol sí dúinn she advised us
" Cúpla bliain ó shin bhog bean darbh ainm Clare Connors go Monterey ó Bhostún agus mhol sí dúinn craobh de chuid Comhaltas Ceoltóirí Éireann a bhunú anseo.
ní mór dúinn we have to
" Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, ní mór dúinn saol poiblí a chruthú ina dtugtar tús áite don smaoineamh cruthaitheach seachas seanghréasán na gcarad.
cad é atá i ndán dúinn what's in store for us
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
mhol sé dúinn he advised us
" com) i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall duine de na múinteoirí a tháinig, Liam Ó Cuinneagáin, agus mhol sé dúinn freastal ar na cúrsaí teanga ansin.
B'éigean dúinn we had to
" B'éigean dúinn fanacht thart tamall fhad is a bhí siad ag scríobh a leithscéal táiríseal agus ansin bhí cúpla pionta againn le chéile sa teach tábhairne.
mar a léiríonn an stair dúinn as history shows us
" I gcúrsaí spóirt, chomh maith le cúrsaí eile an tsaoil, mar a léiríonn an stair dúinn, tagann deireadh le gach réimeas agus gach ríocht dá fhad iad.
ag cur as dúinn bothering us
" Faoi láthair, is easpa maoinithe do na pleananna atá againn do Sheachtain na Gaeilge is mó atá ag cur as dúinn.
má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn if such an uncertain future awaits us
" Céard is fiú €350,000 a chaitheamh ar theach inniu má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn? Ar ndóigh, deir Randall nach dóigh leis go dtarlóidh siad i ndáiríre, ach gurb é an jab atá aige ná an cineál sin pleanála a dhéanamh.
a mheabhródh ainmhí dúinn which would remind us of an animal
" Duine é a d'fhág ina dhiaidh clúid an bhaile agus, a luaithe a bhí sé ina aonar, a lig scread as a mheabhródh ainmhí dúinn: madra a mbeadh fearg air agus a bheadh ag bagairt foréigin ar an saol, nó a bheadh i bpianaigh, nó an dá rud.
ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn we must have immigration laws
" San am i láthair, is éard a deirimid le hinimircigh ná seo: "ar son leas an phobail, ní mór dúinn dlíthe inimirce a bheith againn.
mhínigh sé dúinn he explained to us
" Chuir muid glaoch ar an múinteoir, Pádraig Ó Dómhnalláin, an lá ina dhiaidh sin agus mhínigh sé dúinn go raibh sé ag múineadh na Gaeilge san *Escuela *le deich mbliana nó mar sin agus go raibh trí leibhéal ann: ceann amháin do na tosaitheoirí, ceann eile don dream a raibh taithí acu ar an teanga cheana féin agus grúpa eile do na daoine a bhí reasúnta líofa.
an-chóngarach dúinn very close to us
" Mar aon leis an Daonscoil, anuraidh bunaíodh scoil gheimhridh, scoil deireadh seachtaine fada, i Sydney, cathair atá an-chóngarach dúinn, agus d'fhreastail an chuid is mó againn uirthi.
ag cur in iúl dúinn informing us
" Is rí-chiniciúil an chaoi a gcaitheann an Rialtas le daoine dífhostaithe, ag cur in iúl dúinn gur leisceoirí iad uilig go léir ar chóir pionós de shaghas eicínt a ghearradh orthu.
moltar dúinn ar fad we are all advised
" Árachas sláinte ======= Ar ndóigh, moltar dúinn ar fad árachas sláinte a cheannach sula dtéann muid ag taisteal, agus arís is féidir é sin a fháil thar an idirlíon.
ag moladh tiún áirithe dúinn recommending certain tunes to us
" Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile.
Tuigfidh sibh dúinne you'll forgive us
" Tuigfidh sibh dúinne anseo i Learpholl má bhíonn muid rud beag ciniciúil faoi Ian Paisley agus na meáin chumarsáide nuair a bhíonn siad ag tabhairt amach faoin díchoimisiúnú.
Bhéarfaidh sé deis dúinn cuma inteacht a chur ar an áit it'll give us a chance to tidy the place up
" “Bhéarfaidh sé deis dúinn cuma inteacht a chur ar an áit sula dtig siad.
B’fhearrde dúinn tosú ag seinm. We'd better start playing.
" B’fhearrde dúinn tosú ag seinm.
go bhfaighidís an margadh is fearr dúinn that they would get the best deal for us
" Bheifeá ag súil, áfach, go ndéanfadh an Rialtas iondaíocht mhaith ar an phobal, go bhfaighidís an margadh is fearr dúinn maidir lenár n-acmhainní aiceanta agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis.
insíodh dúinn go hoifigiúil we were told officially
" Ag tús an tsamhraidh seo insíodh dúinn go hoifigiúil, i bhfoirm an dara tuarascáil ón mBreitheamh Morris, go raibh rud éigin lofa sa Gharda Síochána.
chuir sé in iúl dúinn he informed us
" Cé go raibh sé i láthair ag an ócáid, chuir sé in iúl dúinn nach raibh an rialtas sásta pingin rua a thabhairt dúinn! Seo ag am nuair a bhí siad ag caitheamh €8 milliún ar an aeróg ghránna sin ar Shráid Uí Chonaill.
nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? or does it suit us to ignore the truth?
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
ag míniú dúinn explaining to us
" Chuile lá bhí gné eile den scéal á cíoradh agus á hiniúchadh agus anailís á déanamh ar na bealaí éagsúla ina ndeachaigh Brian Kerr ar strae agus ag míniú dúinn cén fáth nárbh é an duine ceart don phost.
Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh! It's high time we beat the Red Man!
" Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!” a mhaíonn Balor Bodúil agus é ag trácht go tuaisceartach ar Shan Nioclás bocht.
i ngan fhios dúinn unbeknownest to us
" ” “Nach raibh tú ag éisteacht liom ar chor ar bith, a Bhaloir? Nár mhínigh mé duit gur i mbréagriocht a bhíonn siad, gur cumann rúnda atá iontu, go bhfuil siad thart orainn i ngan fhios dúinn? B’fhearr duitse bheith ar d’aire ná bheith do mo mhaslú.
chonacthas dúinn it seemed to us
" Chomh maith leis sin, chonacthas dúinn go raibh TG4 ag fáiltiú roimh chláracha macasamhail cláracha Béarla.
atá in ainm is treoir mhorálta a thabhairt dúinn who are supposed to give us moral guidance
" Bhí taithí againn mar phobal ar an gclaonadh a bhí ag na polaiteoirí a bhí ag reáchtáil na tíre gan an fhírinne iomlán a insint i gcónaí agus anois bhí an rud céanna ar bun acu siúd atá in ainm is treoir mhorálta a thabhairt dúinn.
ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn supplying us with our energy
" Caithfimid bheith dóchasach go mbeidh dearmad glan déanta faoin mbliain 2025 nó 2035 ar óráid sin Tony Blair faoi chúrsaí núicléacha, ach go mbeidh sliocht Wavebob (agus b’fhéidir sliocht Pelamis agus Archimedes freisin) ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn – go glan agus go hinbhuanaithe.
agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó and that we didn't have to covet our colonizer's wealth any more
" Má theastaigh ó Dev agus Lemass a thaispeáint don domhan gur stát neamhspleách ab ea Éire, theastaigh ó Charlie a léiriú don domhan ní hamháin gur stát neamhspleách a bhí ionainn, ach go raibh an stát óg seo anois ar comhchéim le haon stát eile agus nár ghá dúinn maoin ár gcoilínigh a shantú níos mó.
ar neamhchostas dúinn, at no cost to us
" Faigheann muid soláthar clár 365 uair sa mbliain ó RTÉ, ar neamhchostas dúinn, a gcuireann RTÉ costas €9 milliún nó €10 milliún air, nó mar sin.
ag tabhairt aire dúinn taking care of us
" Tá a fhios agam sin ach, ar dtús, caithfidh mé an bheirt Seapánach a bhí ag tabhairt aire dúinn le linn an turais a dhúiseacht.
bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha. she greeted us as someone would greet his daughters.
" Bean álainn a bhí inti agus nuair a d’fhilleamar ar an mbialann cúpla lá ina dhiaidh sin bheannaigh sí dúinn mar a bheannódh duine dá iníonacha.
gur mithid dúinn éirí that it is time for us
" Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint ó Thuarascáil Stern ná gur mithid dúinn éirí as a bheith ag argóint faoi staitisticí agus dianbhearta a chur ina suí ar bhonn idirnáisiúnta.
na tíortha is cóngaraí dúinn the countries nearest to us
" Tá rún ag an Taisce bailiúcháin thánaisteacha a chur le chéile ina mbeidh ceol traidisiúnta ó thíortha eile, ní hamháin na tíortha is cóngaraí dúinn – Sasana, Alba agus an Bhreatain Bheag – ach tíortha i bhfad i gcéin fosta.
ní heol dúinn ón gclár we don't know from the programme
" Samhlaigh an triúr acu ag imirt le Corcaigh i gCraobh na hÉireann! D’fhéadfadh sé sin tarlú mar ní heol dúinn ón gclár an bhfuil sé i ndán dóibh go cinnte gaisce a dhéanamh le peil na hAstráile, ach de réir mar a imíonn an t-am is beag an seans go bhfillfidh siad ar Chorcaigh agus ar an iomáint.
a mhínigh ár dtreoraí dúinn. our guide explained to us.
" “Nuair nach bhfuil de mhalairt agat ach an lá a chaitheamh sna cillíní, is pribhléid é rud ar bith eile ar domhain a dhéanamh,” a mhínigh ár dtreoraí dúinn.
nach gá dúinn that we don't have to
" Agus tá an fonn thart agus tá meangadh ar aghaidh Mark agus tá a fhios agam nach gá dúinn éisteacht leis an méid atá déanta agam óir tá maithiúnas tugtha aici dom! Tharla an eachtra sin coicís ó shin.
gur chóir dúinn béim a leagan ar amhráin áitiúla that we should place the emphasis on local songs
" Ba é Paddy Berry a mhol i dtús ama gur chóir dúinn béim a leagan ar amhráin áitiúla mar gurbh iad sin na hamhráin a raibh spéis ag na páistí iontu.
agus a thuairimí a nochtadh dúinn. and to give us his opinions.
" Ní raibh Dónal ábalta teacht isteach sa stiúideo le cabhrú leis an meascadh ach bhí sé sásta éisteacht leis an taifeadadh garbh agus a thuairimí a nochtadh dúinn.
ag tabhairt rabhaidh dúinn giving us a warning
" Os ár gcionn, agus muid ag dul i dtreo ár n-eitleán difriúil, tháinig fógra grágach torannach an aerfoirt ag tabhairt rabhaidh dúinn faoinár n-eitilt.
ar tharla dúinn a bheith that we found ourselves
" Faoin gcaoi, mar shampla, ar tharla dúinn a bheith i mórshiúl bróid na nAerach! Sin scéal eile! Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach.
Tugadh cuireadh dúinne we were given an invitation
" Tugadh cuireadh dúinne seinnt ag an bhféile i mbliana.
ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn. wanting to organize a concert for us.
" Duine tagtha chugainn ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn.
meabhraíonn sé dúinn he reminds us
" Tá seisean spíonta leis agus meabhraíonn sé dúinn nach raibh muid chun a bheith ródháiríre! Ceithre huaire an chloig codlata romhainn.
Is mithid dúinn a admháil it is high time for us to admit
" Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceist – *the emperor is naked*! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar gá dúinn a bheith réadúil fúithi anois.
An cheart dúinne should we
" Ach an mar sin atá sé? An cheart dúinne mar lucht éisteachta a bheith ag ceiliúradh freisin? Dá luafá an ráiteas thuas le Colm Ó Snodaigh le disciplín eile ealaíne – an litríocht – ní bheadh an scéal chomh dearfach céanna.
Cuireann siad i gcuimhne dúinn, they remind us
" Cuireann siad i gcuimhne dúinn, ar laethanta seo an rachmais, nach bhfuil gach duine chomh maith as agus atá muid féin, go mbíonn daoine ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras agus go bhfuil dualgas orainn – ní rogha – cuidiú leo oiread agus is féidir linn.
in am dúinn time for us
" Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam, a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
Chonacthas dúinn it seemed to us
" Chonacthas dúinn go síleann daoine áirithe gur féidir leo rud ar bith a chaitheamh le chéile trí Ghaeilge agus go nglacfar leis.
cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt where should we draw the line
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
tugadh le fios dúinn it was implied to us
" ***Fógraíocht trí Ghaeilge: an cosc atá curtha uirthi ag an fheidhmeannas ó thuaidh:*** Le linn ghéarchéim *Lá Nua*, tugadh le fios dúinn an drochbhail atá fágtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i gcoitinne as siocair an dearcaidh dhiúltaigh atá ag na húdaráis ó thuaidh i leith na Gaeilge.
ní fios dúinn cé mhéid go díreach it is not known have many exactly
" Chomh maith leis sin, níl an oiread sin daoine ann a bhfuil go leor den Ghaeilge acu chun nuachtán laethúil a léamh: ní fios dúinn cé mhéid go díreach ach níl ach 1.
gur chóir dúinn é a dhéanamh nocht that we should do it naked
" Bí ag caint ar fhéinmheas agus ar dhínit a chailleadh! Bhí cuid mhaith de na daoine a raibh mé in éineacht leo ag rá gur chóir dúinn é a dhéanamh nocht – ní bheadh sé mórán níos measa dá ndéanfaimis amhlaidh!Chlis an méid beag teicníce a bhí agam orm, agus cuireadh i rang mé.
ós ag caint dúinn ar chúrsaí na hEorpa, since we are talking about European matters,
" Turcaí Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí na hEorpa, tá súil ag Balor go raibh gach uile dhuine agaibh ag coimhéad Chomórtas na Eurofíse.
thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn. the neighbours used to give us great help.
" Bhí bó againn agus cearca agus muca, agus thugadh na comharsana cabhair iontach dúinn.
go bhfios dúinn as far as we know
" I láthair na huaire – go bhfios dúinn – tá beagnach trí chéad pláinéad lasmuigh den ghrianchóras.
nár cheart dúinn béim a leagan air that we shouldn't place any emphasis on it
" Osna! Creideann Sammy nach n-imríonn CO2 tionchar rómhór ar an chomhshaol – agus mar sin, nár cheart dúinn béim a leagan air – agus gur miotas atá sa téamh domhanda; gur rud timthriallach é.
ba eisean a mhol dúinn it was him who suggested, recommeded, to us
" Rinne PJ Curtis an chéad albam (ar ar tugadh *Scullion*) a léiriú agus ba eisean a mhol dúinn cuireadh a thabhairt do Jimmy O’Brien-Moran, píobaire arb as Port Láirge dó, seinm ar an gceirnín.
go dtí go mba léir dúinn until it was clear to us
" Níorbh fhada muid ar an *Boardwalk* go dtí go mba léir dúinn nár áit teaghlaigh í Atlantic City.
go n-insíodh sé scéalta dúinn that he used to tell us stories
" Is cuimhin liom go n-insíodh sé scéalta dúinn mar gheall ar na síogaí a thagadh amach i ndiaidh leath i ndiaidh a deich san oíche agus an ghrian ag dul faoi sa samhradh.
tús áite dúinne. us first
" Dóibh siúd nach Meiriceánaigh iad, ba léir cén teachtaireacht a bhí i gceist: tús áite dúinne.
Is feasach dúinn we are aware
" Is feasach dúinn muintir na Gaeilge thar lear thar mar ba fios cheana.
níos deise dúinn closer to us
" ?) Cionn is go raibh sé chomh beag, bhí sí féin níos deise dúinn agus bhí an t-atmaisféar iontach ar fad.
gníonn sé maith mhór dúinn it does us the world of good
" Titeann muid i ngrá in amanna le hamhrán, nó le healaíontóir, nó le banna, agus gníonn sé maith mhór dúinn a bheith ina measc ag éisteacht leo, i gcomhluadar daoine eile a mhothaíonn an rud céanna leat féin.
ag meabhrú dúinn to remind us
" B’fhéidir go raibh sé sin ag meabhrú dúinn gur ar oilithreacht a bhí muid! Lá 5 – Dé Sathairn: ó Ciraqui go dtí Villa Mayor de Monjardin – 21.
feictear dúinn we feel that
" Tá faitíos ar leith orainn in Éirinn, áfach, mar feictear dúinn nach bhfuil an t-éalú céanna againn agus a bhíodh sna caogaidí agus sna hochtóidí le dul ar eisimirce; níl postanna ar fáil, ach an oiread, sna tíortha a mbíodh muid ag tarraingt orthu mar Shasana, Meiriceá nó Ceanada.
ní mór dúinn we must
" D’fhonn an ghéarchéim airgeadais seo a thuiscint, ní mór dúinn dul siar go 1999 agus chuig an gcinneadh polaitiúil ríthábhachtach a rinneadh ansin.
mórán i ngan fhios dúinn almost unbeknownst to us
" Mothú an fhuadair agus an tsaothair Mothaítear a lán den obair seo ó thráth go chéile, in ionad a bheith ag léamh faoi, glan soiléir, dubh agus bán, i gcolúin nuachtáin, nó éalaíonn a lán de scéal fíor ár linne féin tharainn, mórán i ngan fhios dúinn.
gur gá dúinn that we must
" Tá lucht comhshaoil ag rá le roinnt blianta anuas gur gá dúinn an nasc idir fás an geilleagair agus gur gá fás na n-astuithe ceaptha teasa a bhriseadh.
Feictear dúinn it appears
" Feictear dúinn go bhfuil spéis sa cheol traidisiúnta níos mó ná riamh, go háirithe i measc na n-óg.
b'éigean dúinn we had to
" Le téamh domhanda, níor tharla seo agus b'éigean dúinn dul síos, ó thuaidh, go Garbhchríocha na hAlban don chaitheamh aimsire seo.
ligeann dúinn allows us
" Bíonn feidhmchláir, de réir a chéile, á gcrúthú a ligeann dúinn gach aon ní a bhíodh á dhéanamh againn trí phrotacóil éagsúla a dhéanamh trí prótacal aistrithe forthéacs ar an ngreasán anois.
Is mithid dúinn it's time for us
" Is mithid dúinn mar phobal teanga ceist an chaiteachais ar an teanga le linn am an ghátair a chíoradh go cúramach seachas a bheith de shíor ag ionsaí an té atá ag tabhairt an teachtaire.
níor ghá dúinn we didn't have to
" Agus bhí – gach aon duine acu lán de cheiliúradh, spraoi agus damhsa - níor ghá dúinn ach seinnt! Agus is maith mar a sheinneamar.
is cóir dúinne it's proper that we
" Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd.
is eol dúinn we know
" D’fhreagair sé, mar is eol dúinn, ‘Mar go bhfuil sé ann’.
Ní mór dúinn we must
" Ní mór dúinn Conradh Liospóin agus an caidreamh atá ag Éirinn leis an Eoraip a mheas go cuimsitheach agus i gcomhthéacs na polaitíochta domhanda.
is ró-eol dúinn we know too well
" ie (Níl leagan Gaeilge ar fáil, ar ndóigh, mar is ró-eol dúinn!) Tá moltaí tromchúiseacha déanta ag na ‘saineolaithe’ i dtaca le cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge de.
is eol dúinn we know
" Seachas na mílte cóip de Cré na Cille atá á ndíol sna Gaeltachtaí, is beag an dea-scéala atá ann do lucht cultúir na tíre – agus, mar is eol dúinn uilig, is ionann lucht cultúir na tíre agus muintir na Gaeilge.
tuigtear dúinn we understand
" com/watch?v=rPQhh7ba_F4&NR=1&feature=fvwp) Is ag cur lenár gcuid eolais atáimid i rith an ama agus tuigtear dúinn cheana féin gur neamhní fiú amháin, imtharraingt an domhain, in amanna, rud nach dtuigimid ina iomláine go sea.
dúinn féin for ourselves
" Ach is sinne, an lucht féachana, na heagarthóirí a iomlánaíonn an scéal, óna shamhlaoidí siúd, dúinn féin.
chóir dúinn we ought
" Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá.
Ní gá dúinn we don't need to
" Ní gá dúinn ach an oiread an carr a úsáid chun an t-aon mhac againn atá fágtha fós sa bhaile linn a thabhairt ar scoil nó a bhailiú ó ranganna ceoil agus ar oile.
ag aithris an scéil dúinn telling the story to us
" Ní deir an fidléir tada; is é ‘cara’ le Ó Conaire atá ag aithris an scéil dúinn ach fós féin tá íomhá an-bheoga den fhidléir curtha ar fáil ann.
b’éigean dúinn we had to
" An Mheasúlacht ===== “Bhí an maoiniú a bhí le dáileadh againn beag go leor, agus b’éigean dúinn bealtaí a aimsiú a tharraingeodh airgead ó fhoinsí eile.
th’éis dúinn a rá leo despite our having told them
" Síscéal i gCead Mon Dieu! ========== **BD: Ba thú a d'fhoilsigh cuid mhaith de shaothair Chathal Uí Shearcaigh agus ní mó ná sásta a bhí tú nuair a baineadh úsáid as a chuid dánta sa chlár ‘Fairytale of Kathmandu’ gan cead a fháil uait?** MÓC: Bhuel bhain siad úsáid as na dánta gan chead th’éis dúinn a rá leo gan iad a úsáid agus th’éis dúinn a rá le RTÉ gur againn a bhí na cearta.
mar is ró-eol dúinn as we know only too well
" Leis an bplaisteach féin tagann rudaí eile níos measa, mar tarraingíonn an plaisteach comhdhúile orgánacha as an uisce mar PCBanna agus DDT – ceimiceáin a chuireann isteach go millteanach ar shláinte an duine, mar is ró-eol dúinn le glúin anuas.
ní mór dúinn we have to
" Tá dreamanna éagsúla, ar nós foireann an Plastiki, ag iarraidh an scéal a scaipeadh, ach ní mór dúinn a thuiscint ag an deireadh thiar thall go dtéann tionchar ár ngníomhartha i bhfad níos faide uainn ná an saol lasmuigh de fhuinneog an tí s’againn féin.
b’éigean dúinn we had to
" Bhí olltoghchán san Astráil ar 21 Lúnasa i mbliana ach b’éigean dúinn fanacht ar feadh seacht lá dhéag ina dhiaidh sular fógraíodh go raibh rialtas náisiúnta nua againn, agus tá rialtas mionlaigh ag an tír den chéad uair ó cuireadh tús leis an gcóras dhá pháirtí siar sa bhliain 1944.