cheisteanna ag baint le domhandúissues relating to globalisation
Clúdaítear gach saghas ábhair iontu; bíonn béim faoi leith ar ábhair a bhaineann leis an timpeallacht, idir fheirmeoireacht orgánach, cheisteanna ag baint le domhandú agus athchúrsáil.
Agus de bharr go bhfuil oiread iomaíochta ann chun costais a laghdú na laethanta seo agus an domhandú i gceist, ní féidir le comhlachtaí airgead a chur amú ag coimeád stoc mór comhpháirteanna ina monarchana.
i bhfách go mór leis an domhandúvery much in favour of globalisation
Ní ba thábhachtaí fós, chuir sé aithne ar David Rockerfeller, an baincéir agus státaire clúiteach atá i bhfách go mór leis an domhandú agus ar garmhac leis an bhfear a bhunaigh Standard Oil é.
chóras oibriúcháin domhandaitheglobalized operating system
Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.
Siocair an domhandú cultúir is beag difir anois idir sinn agus an chuid eile den Eoraip, a deir *Lonely Planet*, sa dóigh nach bhfuil in Éirinn na linne seo ach "*a land of motorways and multiculturalism, planned and developed in between double decaf lattes and time out at the latest spa for a thermal mud treatment*.
Mhaigh saineolaithe an domhandaitheglobalization experts claimed
Mhaigh saineolaithe an domhandaithe i bhfad ó shin go gcuirfeadh sé brú mór ar na seanchórais pholaitiúla atá bunaithe ar leagan amach a bhí feiliúnach céad bliain ó shin ach a bhfuil seanchuma mhífheidhmiúil orthu anois.
Tráth a bhfuil an daonlathas faoi bhrú, an tsochaí á scoilteadh, agus an cultúr a mhúnlú as a riocht ag fórsaí an domhandaithe, ní mór cuimhneamh gur mór an tionchar a imríonn foinse an airgid ar an ábhar a chraoltar nó a chuirtear i gcló.
Ba é an suaitheadh sóisialta agus cultúrtha a tharla le linn na tréimhse sin a d’fhág an tír seo ar cheann de na tíortha is domhandaithe, is oscailte, is forbartha, is nua-aoisí dá bhfuil ann.