Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
drochthionchar bad influence
" " Agus bíonn drochthionchar ag an obair seo: téann an strus mór a bhíonn ar na múinteoirí i bhfeidhm ar na daltaí ar dhóigh dhiúltach agus téann siadsan abhaile agus cuireann siad strus ar a dtuismitheoirí.
drochthionchar bad influence
" Faoi mar a tharla i gcás na n-iarnród sa mBreatain, tá drochthionchar Thatcher ar an bpolaitíocht fós linn.
drochthionchar bad influence
" Bhí sé nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag rá go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach ar "an lowest common denominator" agus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.
drochthionchar bad effect
" Níl aon ghá leis an reifreann seo, ach amháin más mian linn leasuithe bréagnaitheacha a dhéanamh ar an Bhunreacht, drochthionchar a imirt ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus cur ar chumas daoine áirithe vótaí lucht ciníochais na tíre a fháil.
drochthionchar bad effect
" Nuair a fógraíodh cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh le linn mhí Eanáir, mhaígh 02 agus Vodafone go mbeadh drochthionchar ag an moladh ar iomaíocht sa mhargadh toisc go mbeadh orthu gearradh siar ar infheistíocht agus nuálaíocht.
drochthionchar bad effect
" Agus, gan na turasóirí, bheadh cuid mhaith de na tithe tábhairne agus siopaí faoin tuath folamh, nó druidte fiú, rud a mbeadh drochthionchar aige ar ghnáthshaol na bpobal ansin.
drochthionchar bad influence
" Bhí siad buartha go mbeadh drochthionchar ag an Aontas Eorpach ar an tír, toisc go bhfuil sí chomh beag agus nach mbeadh a muintir féin in ann dul in iomaíocht le comhlachtaí nó infheisteoirí móra.
drochthionchar bad effect
" Is leor a rá go raibh borradh geilleagair ann, gur dírialáladh (deregulated) an córas baincéireachta, agus gur imir titim an APSS(USSR) drochthionchar ar gheilleagar na Fionlainne.
drochthionchar ill-effect
" Ní féidir a rá ach oiread go bhfuil na muilte gaoithe nó na painéil ghréine iomlán ‘glas’ sa mhéid is nach mbíonn aon drochthionchar acu ar an timpeallacht.
drochthionchar bad effect
" Imreoidh sé drochthionchar ar na cainteoirí maithe a taifeadadh má thugann siadsan faoi deara sna fotheidil gur camadh an focal glan-Ghaeilge ina mbéal.
dhrochthionchar the bad influence
" Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
faoi drochthionchar na cathrach móire orthu how city life impacts negatively on them
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
a mbeidh drochthionchair acu ar which shall have a bad effect on
" Tá súil agam féin go bhfeicfidh muid léirsithe eile de chuid na ndílseoirí ach iad ag iarraidh oideachais níos fearr, in éadan na ngiorruithe a mbeidh drochthionchair acu ar shaol na bProtastúnach is boichte, iad ag troid ar son na rudaí a sholáthróidh todhchaí níos fearr dá gcuid bpáistí.
drochthionchar ar bad influence on
" Is í an chlaontacht a bhíonn ag daoine i dtaobh ceisteanna áirithe a imríonn an drochthionchar ar an daonlathas.
faoi drochthionchar under the bad influence
" Seo an fear a d’fhan ina thost nuair a bhí na círéibeacha a bhain leis na bratacha ar siúl; atá ina thost faoi drochthionchar an UVF in oirthear Bhéal Feirste; faoi sheafóid Twaddell.