Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag fáil bháis go tapa dying at a rapid pace
" Ó thaobh na Gaeltachta de, tá an Ghaeilge ag fáil bháis go tapa sna Gaeltachtaí agus caithfear rud éigin a dhéanamh chun í a shábháilt.
ag fáil bháis dying
" Is cinnte go bhfuil bailte beaga san iargúil ag fáil bháis.
ag fáil bháis dying
" Bhí daoine ag fáil bháis den ocras a dúirt siad leis, sa tír seo a bhí mar eiseamláir den tsaoirse ag Robeson.
ag fáil bháis dying
" D’admhaigh sé go raibh an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag fáil bháis chomh sciobtha céanna faoin Rialtas dúchasach is a bhí faoi Rialtas na Breataine agus *“if something is not done to deal with the decay it is only a question of a generation or two until it will be dead.
ag fáil bháis dying
" Agus í ag fáil bháis ar ucht a máthar, thug an gunnadoir iarraidh an mháthair a scaoileadh chomh maith ach chuaigh an gunna i bhfostú.
ag fáil bháis gan siocair dying needlessly
" Beidh ar an rialatas chuile iarracht a dhéanamh saoráidí FC a chur sna hotharlann, aird cheart a thabhairt ar chúram i leith na FC agus a gcuid gealltanas a chomhlíonadh toisc go bhfuil an iomarca daoine leis an FC ag fáil bháis gan siocair sa tír seo.
ag fáil bháis le teann gáire dying with laughter
" Nuair a bhí mé ar mo shuaimhneas arís, agus lán sásta liom féin, chaith mé súil ar na leaids arís agus le díoma, chonaic mé go raibh an eachtra ar fad feicthe acu agus iad ag fáil bháis le teann gáire.
ag fáil bháis dying
" Tá daoine eile ag fáil bháis ach is líonmhaire na Gaeil-Airgintínigh agus, faoi láthair, tá tuairim’s leathmhilliún Gael-Airgintíneach sa tír, an diaspóra Éireannach is mó chuig tír nach labhraítear Béarla inti.
ag fáil bháis an lá ina dhiaidh dying the following day
" Agus é marbh, sciurd an carr a raibh sé ann i dtreo na bpáistí, ag marú beirt acu, Joanne agus Andrew, i bpreabadh na súl, an tríú páiste, John ag fáil bháis an lá ina dhiaidh.