Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
áis fhíorthábhachtach an extremely important facility
" Mar a tharlaíonn sé, tá áis fhíorthábhachtach acu ar an gCeathrú Rua cheana féin, is é sin Áras Mháirtín Uí Chadhain.
fíorthábhachtach extremely important
" Gan dabht, tá sé fíorthábhachtach agus riachtanach go mbeadh gach duine fásta atá ag plé le daoine óga ó thaobh spóirt de gan cháim agus nach mbeadh ceist ar bith ann faoina gcarachtar, agus tá sé fíorthábhachtach go mbíonn na daoine óga atá faoi chúram cumann spóirt slán, sábhailte i gcónaí.
fíorthábhachtach agus cumhachtach extremely important and powerful
" Ina dhiaidh sin féin is coiste fíorthábhachtach agus cumhachtach atá ann, agus baint lárnach aige i ndréachtú pholasaithe trádála an Aontais.
tréimhse fhíorthábhachtach an extremely important period
" ” Cuireadh tús, mar sin, le tréimhse fhíorthábhachtach i saol Marcus.
dhá phacáiste fhíorthábhachtacha two very important packages
" Is é an dea-scéala, go bhfuil brabhsálaí Firefox ar fáil as Gaeilge le roinnt míonna anuas, agus gur sheol an tAire Éamon Ó Cuív dhá phacáiste fhíorthábhachtacha cúpla lá ó shin, mar atá, Windows as Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois, agus Microsoft Office a bheidh ar fáil in am don scoilbhlian úr.
ag seinm na huirlise fíorthábhachtaí seo playing this really important instrument
" Bhí gus sna ceoltóirí mar go raibh siad ag seinm na huirlise fíorthábhachtaí seo.
fíorthábhachtach extremely important
" Tá sé seo i bhfad ón réaltacht anois, ach an mbeidh i gceann fiche bliain? Ná bí ag smaoineamh, mar sin féin, ar árasán deireadh seachtaine a cheannach i Sydney sula n-imíonn na praghsanna in airde le teacht na hÉireannach! De bhrí go mbeidh costas ard ag baint le forbairt an eitleáin seo, má éiríonn leis, beidh na ticéid níos gaire ó thaobh costais de do chinn Concorde ná do chinn Ryanair! Agus cad mar gheall ar an lasta? Tá an t-aerlasta fíorthábhachtach don domhandú, ach go minic bíonn na costais a bhaineann leis ró-ard.
bua fíorthábhachtach amháin one very important talent
" Deirim sin toisc gur léirigh siad ina gcuid cluichí i mbliana go bhfuil bua fíorthábhachtach amháin acu agus is é sin tuiscint ar conas cluiche a bhuachaint agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra.
fíorthábhachtach extremely important
" Lena chois sin, ní thugann torthaí na hArdteiste aon léargas ar dhearcadh duine i leith na teanga, rud atá fíorthábhachtach i gcás na Rinne agus an tSean-Phobail, dar léi.
fíorthábhachtach extremely important
" Thairis sin, deir sé go dtiocfadh leis an eolas sin a bheith fíorthábhachtach – dá gcaillfí Phoenix nó dá n-imeodh sé ar seachrán, cuir i gcás.
fíorthábhachtach really important
" Agus is é an t-aon easpa amháin a bhíonn i gceist, mar atá, nach gcuireann an margadh aon luach (nó má chuireann, gur luach beag é) ar rud éigin atá fíorthábhachtach don timpeallacht nó do shaol an duine.
fíorthábhachtach very important
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
fíorthábhachtach vital
" Dar liomsa, tá sé fíorthábhachtach an Ghaeltacht a threisiú ach nach féidir leis an nGaeltacht maireachtáil gan an Ghaeilge a bheith láidir in áiteanna eile sa tír.
fíorthábhachtach very important
" Creideadh go forleathan san Astráil sa tréimhse sin go raibh sé fíorthábhachtach go raibh aitheantas idirnáisiúnta ag buaiteoir na dámhachtana - ba chirte dom faighteoir na dámhachtana a rá, mar ní comórtas é.
fíorthábhachtach really important
" Tá sé fíorthábhachtach na fíricí sin a bheith againn le cur ina luí ar dhaoine gur ceann de na hacmhainní is nádúrtha í agus tá luach eacnamaíoch ag baint léi – chomh maith le luach sóisialta agus cultúrtha.
gné fhíorthábhachtach a very important aspect
" Deir idir uachtaráin agus iaruachtaráin, lucht riaracháin agus imreoirí, gur gné fhíorthábhachtach cluichí na Rialacha Idirnáisiúnta i measc imeachtaí na heagraíochta.
Tá sé fíorthábhachtach it’s vital
" Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an teanga ag na múinteoirí uilig agus deis a thabhairt do na páistí an líofacht agus an cumas sin a bhaint amach.
fíorthábhachtach daofa really important to them
" Is dóiche go dtuigfeá sin, ar bhealaí, go bhfuil an diaspora as baile ag iarraidh a bheith i dteagmháil lena mbaile féin, lena dtír féin, lena gcultúr féin, go bhfuil go leor acu gur de bhunadh na Gaeltachta iad agus go bhfuil rudaí cosúil le nuaíocht áitiúil agus irisí áitiúla fíorthábhachtach daofa, rudaí nach bhfuil fáil orthu in áit ar bith eile.
fhíorthábhachtach very important
" Cén fáth ar cúitíodh an lucht airgeadais chomh flaithiúil seo, fad is nár mhéadaigh rath dreamanna tábhachtacha eile, ar nós innealtóirí, dochtúirí, nó múinteoirí? Gan amhras is earnáil fhíorthábhachtach í earnáil an airgeadais – is léir gur mó fás agus forbairt a thagann faoi thíortha a bhfuil córais mhaith airgeadais acu.
Is fíorthábhachtach it’s very important
" Is fíorthábhachtach go mbeadh spórt, ceol, agus gach ní eile a chothaíonn spéis, misneach agus fiúntas i saol an duine, ar fáil go furasta ag an dream óg go háirithe.
is ionad fíorthábhachtach í an Iaráic Iraq is a very special place
" Anois go bhfuil Saddam Hussein agus na Meiriceánaigh imithe leo, is ionad fíorthábhachtach í an Iaráic i súile na hIaráine.
scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo the splits in this really important generation of writers
" D’éirigh leis insa leabhar seo fuinneamh, ionracas agus scoilteanna na glúine scríbhneoireachta fíorthábhachtaí seo a scagadh go híogair.
fíorthábhachtach very important
" Dhéanadh Joyce rud éigin fíorthábhachtach freisin ina chuid leabhair gur fiú cuimhneamh air freisin.
fíorthábhachtach very important
" Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh gach tacaíocht chuí ag an duine a bheadh tinn nó a mbeadh an fhadhb sin aici.
Tá sé fíorthábhachtach it’s vital
" Tá sé fíorthábhachtach go n-éireodh leis an Afraic Theas – ar mhaithe lena muintir féin ar ndóigh ach ar mhaith le muintir na hAfraice ar fad.
fíorthábhachtach really important
" I gcás na Gaeilge, tá tacaíocht an mhórphobail fíorthábhachtach má táthar le dul i bhfeidhm ar an Rialtas maidir le ceisteanna beartais.
fíorthábhachtach very important
" na cnaganna luchóige) agus na léitheoirí fíorthábhachtach nuair a bheas fógraí á lorg.
fíorthábhachtach very important
" Mar sin, tá ról na n-oiliúnóirí nó na dteagascóirí, na meantóirí, na múinteoirí gailf - pé ainm is mian leat a chur a orthu – fíorthábhachtach maidir le sárghalfairí a dhéanamh.