Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an bhfírinne lom the naked truth
" Agus, in ainneoin leithscéalta na heagraíochta, ba léir ón ráiteas a d'eisigh na Bráithre Críostaí an oíche sin nach bhfuil siad in ann glacadh leis an bhfírinne lom.
ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom ignoring the harsh realities
" Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom.
mar chnámh lom na fírinne as the absolute truth
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
cnámh lom na fírinne the total truth
" Is léir, áfach, go raibh cnámh lom na fírinne á hinsint ag an Ombudsman nuair a dúirt sí nach bhfuil an tAcht um Shaoráil Faisnéise ag feidhmiú faoi mar a bhíothas ag súil go n-oibreodh sé nuair a achtaíodh é.
agus an fhírinne shearbh, lom a insint and to tell the bitter, whole truth
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann to instill this bare truth into the people of Ireland
" An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann.
ag séanadh na fírinne loime. denying the bare truth
" Iasachtaí fophríomha atá i gceist anseo ach amháin go bhfuil siad faoi bhréagriocht – tá na bainc ag séanadh na fírinne loime.
cnámh lom na fírinne the naked truth exactly
" Bhí cnámh lom na fírinne ag iar-Chomhfhreagraí Polaitiúil The Guardian, Hugo Young nuair a scriobh sé tráth: ‘The nature of the politician’s trade these days is the organizing of minor triumphs and the avoiding of major calamities.
an fhírinne lom the bare truth
" Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
fhírinne lom the bare facts/ truth
" Agus siúd Brian Ó Lionnacháin inniu agus an chuma air go bhfuil an fhírinne lom á insint aige dúinn.
An fhírinne lom to tell the truth
" An fhírinne lom, chuir rialtas Blair agus Brown an-díoma ar lucht na heite clé de bharr gur thug siad tús áite do chomhoibriú leis an ‘mhargadh’ agus go ndearna siad neamhaird den tsoghluaiseacht shóisialta.
fírinne lom bare truth
" Baineann an saothar leis an ealaíontóir Jeremy Deller agus cuireann sé fírinne lom agus léirscrios cogaidh os ár gcomhair amach ar bhealach díreach simplí.
An Fhírinne Lom bare truth
" An Fhírinne Lom ======== Is é an trua nár inis aon urlabhraí An Fhírinne Lom: ní chruthóidh an rialtas post ar bith as seo go ceann cúig bliana, agus ní cóir go gcruthódh.
fhírinne lom the truth of the matter
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
Bean inste na fírinne loime a woman who tells the bare truth
" Bean inste na fírinne loime, caol díreach amach, beag beann ar éinne a ghortófar.
cnámh lom na fírinne the honest to goodness truth
" D'inis an Seanadóir Fiach Mac Conghail cnámh lom na fírinne don Chomhchoiste nuair a chur sé in iúl go raibh 'an comórtas PR caillte' ag an Fhoras.
an fhírinne lom the real truth of the matter
" Níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach seo í an fhírinne lom: thángthas, ar na mallaibh, ar phaiste cothrom féarach idir Baile Thoir agus Baile Thiar.
an fhírinne lom the whole truth
" Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom, le do thoil?” “Á a Bhaloir, ní chreideann tú gach rud a léann tú sna nuachtáin, an gcreideann? Caidé atá siad ag rá fúm anois? Nó caidé atá Enda ag cur i mo leith anois?” “Níl ann ach an fhírinne lom, a Angela.
ar an fhírinne lom the undeniable truth
" Beidh siad aireach fosta ar an fhírinne lom, gur beag buíochais a fhaigheann an páirtí is lú i gcomhrialtas nuair a caitear vótaí sa tír seo.
cnámh lom na fírinne á insint telling the honest to goodness truth
" An bhfuil aon náisiún eile ar chlár na cruinne a bhíonn ciaptha de shíor ag smaoineamh faoina bhféiniúlacht? Bhí cnámh lom na fírinne á insint ag Brendan Behan nuair a mhaígh sé go bíonn síocóis náisiúnta ag an Éireannach san áit ina mbíonn féiniúlacht náisiúnta ag achan chine eile.