Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fógartha advertised
" Ach cé go bhfuil luach maith airgid le feiscint i measc na ríomhairí pearsanta atá fógartha tá laigí orthu freisin agus d'fhéadfaí feabhas mór a chur ar roinnt de na ríomhairí sin gan mórán airgid bhreise a chaitheamh.
fógartha announced
" Léirigh na figiúirí ba dhéanaí go raibh méadú tar éis teacht ar lucht éisteachta an stáisiúin, bhí an t-éileamh ar chraoladh do dhaoine óga á shásamh le cláracha ar nós "An Taobh Tuathail" (a fuair ardmholadh sna meáin náisiúnta), agus bhí sé díreach fógartha ag RnaG go raibh sceideal nua 24 uair an chloig á chur i bhfeidhm don chéad uair riamh i stair an stáisiúin.
fógartha faoi thriomach drought-declared
" Tá New South Wales ar fad, ach amháin ruainne beag bídeach sna Snowy Mountains, fógartha faoi thriomach.
fógartha declared
" I 1939 d'fhógair Robert Menzies, a bhí ina Phríomh-Aire, go raibh cogadh fógartha ag an mBreatain ar an nGearmáin.
stoc fógartha megaphone
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
fógartha advertised
" Cúpla bliain ó shin, chonaic mé bileog de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibne agus cúrsa an-mhealltach fógartha inti.
fógartha go hoifigiúil announced officially
" Cé nach bhfuil sé fógartha go hoifigiúil fós (agus mé ag scríobh an ailt seo), tá deontas mór airgid faighte ag Abú Media ó Bhord Scannán na hÉireann.
fógartha announced
" Tá Johnny Ronan ó Treasury Holdings chomh dáigh le carraig - deir sé nach dtarlóidh sé seo agus tá sé fógartha aige go dtógfaidh Campbell's na fuinneoga amach *"over my dead body"*! Is cúis mhór imní do go leor daoine é go bhfuil áiteanna suntasacha stairiúla mar Bewley's ag imeacht le sruth agus ina n-áit, b'fhéidir, ollstórais siopadóireachta á dtógáil - áiteanna a thugann mórán sásaimh don tomhaltóir atá ionainn uilig ach fíorbheagán cothaithe don anam ná pléisiúir don tsúil.
fógartha announced
" Mar bharr ar an donas, fiú dá mbeadh an bua ag plean Ibarretxe i reifreann, tá sé fógartha cheana féin ag Alava, ceann de na trí chúige i dTír na mBascach, nach mbeadh siad sásta bheith páirteach in aon chor i dtír a bheadh neamhspleách ón Spáinn.
fógartha announced
" Ní raibh súil ar bith aige leis an ngradam, ach nuair a d'fhill sé abhaile i ndiaidh na hócáide (ní raibh an fhoireann fógartha roimh ré) ba gheall le réalta popcheoil é ina shráidbhaile féin, an tAbhallort, agus bhí ceiliúradh ag muintir an bhaile ar feadh seachtaine.
fógartha announced
" Tá na hoibreacha ar siúl fós, agus tá sé fógartha nach mbeidh an obair curtha i gcrích go dtí 2008.
fógartha announced
" Bhí fógartha ag lucht eagraithe na Feise go raibh Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Ghiolla Mháire le cuairt a thabhairt ar an *Fest*, agus bhí lucht Sheirbhís Dúrúnda Stáit Aontaithe Mheiriceá ag rith thart ar nós scaifte polaiteoirí ag tórramh faoin tuath ag iarraidh duine le cosaint.
fógartha announced
" Agus cé a thógfadh é sin orthu? Ní túisce go raibh an bua fógartha ach go raibh an chonairt ag tarraingt ar Gharraí Eoin sa tóir ar scéalta suaracha faoina saol pearsanta.
fógartha announced
" Tá na hoibreacha ar siúl fós, agus tá sé fógartha nach mbeidh an obair curtha i gcrích go dtí 2008.
fógartha announced
" B'fhéidir anois go bhfuil sé in am ag pobal na hÉireann leas a bhaint as an iniúchadh náisiúnta atá fógartha ag an rialtas le gnéithe níos leithne den scéal a fhiosrú.
fógartha announced
" Tá an rialtas feidearálach agus stáit ag teacht i gcabhair ar na daoine agus tá $100 milliún fógartha go dtí seo i bhfoirm deontas agus iasachtaí le ráta íseal úis.
fógartha announced
" Le trí seachtainí anuas, áfach, tá breis is $900 milliún eile fógartha ag an rialtas, cuid mhaith de sin do dhaoine nach bhfuair tada go dtí seo, agus tá sé ráite acu go mbeidh tuilleadh ar fáil má tá gá leis.
fógartha announced
" Ní raibh imeacht Rumsfeld fógartha ach cúpla lá nuair a tháinig tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice amach, ag tús mhí na Nollag.
fógartha announced
" Tá toghchán fógartha don 7 Márta agus beidh seans ag easaontóirí aiféaltas a chur ar Shinn Féin.
fógartha advertised
" Tá coincheap nua do chábán grád barraine fógartha le déanaí ag Lufthansa.
fógartha announced
" I láthair na huaire, gan iarrthóireacht Thompson fógartha go hoifigiúil, is é Mitt Romney, an Mormannach as Massachusetts, príomhiarrthóir na bPoblachtánach, ach tá go leor pobalbhreitheanna a thugann le fios go mbeadh seans iontach maith ag Thompson dá seasfadh sé.
Tar éis don fhíorasc neamhchiontachta a bheith fógartha, after the not guilty verdict was announced
" Tar éis don fhíorasc neamhchiontachta a bheith fógartha, chuathas i mbun círéibeacha ar caitheadh 1,700 duine i bpríosún mar gheall orthu.
fógartha advertised
" Go tobann, tá lear mór ranganna oíche fógartha ar fhuinneoga siopaí, sna nuachtáin áitiúla agus ar achan bhalla bán atá ar fáil.
fógartha announced
" Cheana féin, tá sé fógartha ag úinéir *Foinse* agus ag úinéir *Lá Nua* go mbeidh siad san iomaíocht don chonradh agus is dócha ná a mhalairt go mbeidh suim ag an nuachtán laethúil Feirsteach, *The Irish News*, ann fosta.
fógartha announced
" * Cáin ar Liúntas Leanaí, Cáin Réadmhaoine agus Cáin ar Charbón fógartha don mbliain seo chugainn.
fógartha advertised
" Nuair a chonaic mé post an eagarthóra fógartha in The Sunday Times agus in The Washington Post, chinn mé ar chairdeas a chothú leis na daoine a mbeadh tionchar acu ar cé a gheobhadh an post, bail ó Dhia orthu mar dhaoine maithe córa.
stoc fógartha a loudspeaker
" Nuair nach raibh sé ag bladar leis bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
fógartha announced
"fógartha ag feisire amháin de chuid an Stáit go mba chóir Arizona a bhaghcatáil mar gheall ar an dlí nua.
stoc fógartha trumpet
" Bhí idir sheanchaithe agus sheansálaithe ann; bhí idir cheoltóirí agus cheoláin ann; bhí idir dhamhsóirí agus dhruncaeirí ann; agus istigh ina measc bhí Éamó Ó Caoimhnis ag dul thart le stoc fógartha, ag insint do dhuine ar bith nach raibh an scéal cluinte acu cheana féin, go raibh ardú céime faighte aige agus go raibh sé anois ina Aire Imirce Sóisialta (nóta ón eagarthóir: Coimirce Sóisialta, a Bhaloir! Coimirce, le do thoil.
shosanna fógartha advertising breaks
" I rith an lae, bíonn timthriall craolta fiche nóiméad, nó mar sin, acu, ina n-athchraoltar na scéalta céanna, nach mór, idir shosanna fógartha.
fógartha announced
" Beartas Rousseff ========== Tá plean chun áitreabh oiriúnach a chur ar fáil do gach uile dhuine a bhfuil cónaí air i gceantar atá faoi bhagairt ó thubaistí nádúrtha fógartha ag rialtas Rousseff.
post fógartha a job advertised
" Bhí obair de dhíobháil orm agus bhí post fógartha sa roinn ina bhfuil mé anois.
fógartha advertised
" com/apply) do fhostóirí a ligfidh do lucht LinkedIn cur isteach ar phostanna atá fógartha ag comhlachtaí ar an suíomh acu féin.
fógartha announced
" Sea, is dóigh go dtuigeann tú cén scéala a bhfuilim ag tagairt dó, is é sin go bhfuil fógartha ag Brian Mac Óda go bhfanfaidh sé bliain eile ina bhainisteoir ar fhoireann iomána Chill Chainnigh.
fógartha announced
" 
 An ‘Grá’ Aduaidh ======= Is cosúil go bhfaighidh Baile Átha Cliath blaiseadh den chur chuige dílseach seo agus é fógartha go bhfuil "níos mó ná 150 dílseoir" le dul go BÁC am éigin an mhí seo le héileamh go n-ísleofaí bratach na hÉireann os cionn Teach Laighean.
madraí fógartha dogs advertised
" Tá droch-chlú ar chuid de na láithreáin ghréasáin ina mbíonn madraí fógartha orthu le tamall anuas áfach.
reifreann fógartha ar a referendum announced
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
fógartha go scaoilfear saor announced that she’ll be freed
" D’fhéadfá a mhaíomh go raibh sé de cheart aige na gnéithe sin d’Ioslám atá uafásach i súile gach duine eile seachas bunchreidmhigh Mhoslamacha a cháineadh - cás Meriam Ibrahim, a daoradh chun báis i ndiaidh dá leanbh theacht ar an saol i gcarcair agus í ceangailte le slabhra cionn is gur iompaigh sí ina Críostaí mar shampla, cé go bhfuil sé fógartha go scaoilfear saor í roimh i bhfad.
fógartha announced
" Tá sé fógartha ag Rialtas, nach mbeidh gá le toghchán as seo amach le hionadaithe ón bpobal a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta is go bhfágfar an cúram faoin gComhairle Chontae, duine a ainmniú ar bhord an Údaráis.
fógartha faoi dheireadh announced at last
" Anois go bhfuil ainmneacha na gceanneagraíochtaí fógartha faoi dheireadh ag Foras na Gaeilge, ceistíonn Donncha Ó hÉallaithe an bhfuil tús á chur le ré nua i leathnú na Gaeilge i measc an phobail nó an leanfar leis an seanchur chuige céanna.