Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chur faoi chois oppression
" Léiríonn an chlaontacht ó thaobh cine de i gcur i bhfeidhm an phionóis seo go n-úsáidtear anois é, agus gur úsáideadh i gcónaí é, mar uirlis don chur faoi chois, don chos ar bolg polaitiúil agus ciníoch, don leithcheal agus don díoltas.
go gcuirfí faoi chois that they'd be supressed
" Shíl na Protastúnaigh go raibh saol níos fearr i ndán dóibh faoin choróin Shasanach, agus go gcuirfí faoi chois iad dá mbeadh Éire aontaithe neamhspleách ann.
brúite faoi chois downtrodden
" Ní féidir an bá láidir le hÉirinn a shéanadh, áfach, ná leis an dream daoine a bhí brúite faoi chois a shroich Albain agus iad maíte ar shaol níos fearr a bhaint amach dóibh féin agus dá gclann.
curtha faoi chois suppressed
" "Tá tú curtha faoi chois anois, agus é thar am agat.
leis an Ghaeilge a chur faoi chois to suppress the Irish language
" An bhfuil a fhios agat, ghlac sé trí nó ceithre chéad bliain leis an Ghaeilge a chur faoi chois - níl sí ag gabháil a theacht ar ais in aon oíche amháin.
na Sé Chontae Atá Faoi Chois the Occupied Six Counties
" Cibé eile is féidir a rá faoi "na Sé Chontae Atá Faoi Chois", na flaithis atá iontu ó thaobh seandálaíochta de.
brúite faoi chois downtrodden
" Ach nuair a chuaigh mé isteach bhí beirt ina suí ag an deisc fáiltithe agus cuma brúite faoi chois orthu.
a chur faoi chois to suppress
" Tugann an dóigh a bhfuil lucht monatóireachta vótala agus "*challengers*", mar a thugtar orthu, á gcur sna hionaid vótaíochta teicníc a úsáideadh roimhe seo chun iarracht a dhéanamh vótóirí dubha a chur faoi chois sa *Deep South*, tugann sé léargas dúinn ar an tslí a raibh an saol i Meiriceá roimh thréimhse na gCeart Sibhialta, cé gur seo an bhliain 2004.
faoi chois oppressed
" MÁNAS: Na náisiúntóirí bochta agus iad faoi chois ag na Brits diabhalta.
faoi chois oppressed
" Níor dhuine faoi chois é, fiú tar éis dhá bhliain déag mar phríosúnach den Chineál A.
faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí oppressed by more powerful neighbours
" Tá an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí.
faoi chois oppressed
" I ndiaidh blianta fada faoi chois, mar choilíneacht de chuid na Breataine, ní bheadh sé éasca ag an stát óg é féin a chruthú agus seasamh ar a chosa féin.
cur faoi chois na dteangacha the suppression of the languages
" Bhí cur faoi chois na dteangacha chomh holc is a bhí sé in Éirinn.
Cuireadh an pobal dúchasach faoi chois the native community was suppressed
" Cuireadh an pobal dúchasach faoi chois tríd an oideachas seachas tríd an gcinedhíothú.
faoi chois oppressed
" na cáiníocóirí atá faoi chois ag tírghráthóirí na láimhe deirge cheana.
faoi chois oppressed
" “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír.
cur faoi chois fuilteach bloody oppression
" Dhiúltaigh an Ísiltír, an Spáinn agus an Eilvéis dul ann fosta mar agóid i gcoinne Aontas na Sóivéide, a raibh cur faoi chois fuilteach déanta aige ar éirí amach na hUngáire.
brúite faoi chois repressed
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
choinneáil faoi chois to keep oppressed
" Le cumannachas san Afraic a chloí, ní raibh an dara rogha acu, is cosúil, ach tacú le Marxach amháin sa tSomáil i gcoinne Marxach eile, Mengistu, san Aetóip! Ainneoin tacaíocht mhíleata fhlaithiúil SAM, ní raibh Barre in ann a chuid namhad intíre a choinneáil faoi chois go deo, agus treascraíodh é i 1991.
faoi chois defeated
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
faoi chois under the command
" Tá ainm an cheannaire charcraithe, Aung San Suu Kyi, comhchiallach ar fud an chuid is mó d’iarthar domhain le Burma, an tír ina bhfuil sí faoi chois ag na húdaráis mhíleata atá i réim ann ó 1962.
faoi chois down
" I léamh sóisialach Loach, seo fear beag oibre eile brúite faoi chois ag an saol is ag an gcóras.
brú faoi chois oppression
" Tá an chuma ar an scéal go bhfuil brú faoi chois an chreidimh i gceist, leis.
chur faoi chois to oppress
" Leithscéal an Chreidimh Ní hamháin go gcuireann an tSín srian le cleachtadh an Ioslamachais, ach tá creideamh na bhUígireach á úsáid mar leithscéal chun na Uígir a chur faoi chois is chun tacaíocht a fháil don chur faoi chois sin.
chur faoi chois suppress
" Cé gur éirigh leis na húdaráis an tÉirí Amach, nó ‘Tafsut’, an Earraigh a chur faoi chois, ba lena linn a fuair polaiteoirí sunatasacha Kabyle ár linne taithí ar chur chun cinn chás a bpobail.
cur faoi chois oppression
" Is deacair glacadh leis gur mionlach é grúpa atá chomh líonmhar sin, ach is é sin díreach atá i gceist leis na Dalit san India, tír a bhfuil breis is billiún duine beo inti, agus is mionlach iad na Dalit a bhfuil an chos ar bolg is an cur faoi chois is measa amuigh á fhulaingt acu le sinsearacht.
faoi chois oppressed
" De na daoine seo, is iad fir óga de shliocht Mharacó an dream is mó a mhothaíonn go bhfuil siad ‘faoi chois’ ag ‘lucht ite cáise’.
faoi chois oppressed
" Chreid Blair as sin amach gurbh é an t-arm an uirlis is oiriúnaí chun dul i gcabhair ar dhaoine a bhí á gcur faoi chois ag a gceannairí féin.
faoi chois conquered
" Bhí an Fhrainc faoi chois ag an nGearmáin san am, agus bhí na Meiriceánaigh ag iarraidh an chathair a shaorú.
chur faoi chois to suppress
" Nuair a tháinig na Gearmánaigh chun an Fhrainc a chur faoi chois i 1940, thapaigh roinnt Briotánach an deis chun tacaíocht a fháil dá dteanga.
chur faoi chois to suppress
" Mar sin féin, d’éirigh leis na meáin a rabhadh maidir le “taobhú paiseanta” Mheiriceá do stát na nIosraelach a chur faoi chois.
d’oscail faoi do chois opened under foot
" Scríobhann Heaney sa saothar seo go raibh an portach cosúil le him saibhir dubh, a d’oscail faoi do chois, gach sraith den ithir seo dlúth agus beo le fréamhacha cianda nach raibh deireadh leo.
brúite faoi chois oppressed
" Níl aon tír Mhuslamach sa taobh sin, an Iaráin go háirithe, nár caintíodh ann faoin dream as an ‘Iarthar’ a thuig agus a sheas le pobal na háite a bhí brúite faoi chois.
an chur faoi chois the suppression
" Ba chóir do gach leanbh Albanach bunoideachas a fháil i nGaeilg, mar gan í níl siad ábalta léarscáil a dtír féin a léamh! Is é an sprioc atá ag Bórd na Gáidlig ná an líon Gaeilgeoirí a ardú ó 58,000 (daonáireamh 2001) go dtí 100,000 faoi 2041 agus níl MacIlleathain sásta cur suas leis an chur faoi chois a fuair an Ghaeilg in imeacht na mblianta.
faoi chois oppressed
" “Agus tarlóidh in earrach na bliana céanna nach mbeidh muintir na hÉireann sásta leis an daoradh seo chun báis; agus teacht am na Cásca tosóidh an pobal a bhí faoi chois le fada ag ullmhú le haghaidh Éirí Amach eile um Cháisc.
faoi chois oppressed
" Bhí an tSeicslóvaic faoi chois ag tíortha ollchumhachtacha éagsúla ar chaon taobh i rith an chéid seo caite: an tríú Reich ó 1939 go 1945, agus an tAontas Sóivéadach ó dheireadh na 1940í go dtí 1989, agus ar feadh cúpla céad bliain roimhe sin, anuas go dtí an chéad chogadh mór, Impireacht Hapsburg.
chur faoi chois oppress
" Agus toisc go raibh níos mó bia, capall, claimhte, sceana agus saigheada a bhí déanta as iarann agus as cruach ag dreamanna áirithe daoine seachas a chéile, d’éirigh leis na dreamanna sin na dreamanna eile a chur faoi chois agus a chloí i gcogaí agus i gcathanna.
faoi chois downtrodden
" ** Faoi Spága Uí Chuinn, an Sliútrachán ================ James: Rófhada atá múinteoirí na tíre seo faoi chois.
a choinnigh an pobal aerach faoi chois which kept the gay community oppressed
" Ba é toradh a shaothair é nuair a fuarthas réidh le reachtanna victoriacha coiméadacha a choinnigh an pobal aerach faoi chois.
chur faoi chois to quell
" *’ (220) Go deimhin ghlac sé 200 phóilín le círéib a tharla ag cluiche sóisir i nDail Mheàrnaig i 1933 a chur faoi chois.
a choinnigh é féin agus a chine faoi chois who kept himself and his people subjected
" An rud ba mhó a chuaigh i gcionn ar dhaoine ná an dóigh nár léirigh Mandela aon ghoimh ina dtaobh siúd a choinnigh é féin agus a chine faoi chois.
aon dream a choinneodh faoi chois iad any group which would keep them oppressed
" Ar an chéad dul síos, tá taithí ag na daoine ag seasamh in aghaidh na héagóra agus má throid siad ar na sráideanna in aghaidh apartheid, troidfidh siad in aghaidh aon dream a choinneodh faoi chois iad.
iad a chur faoi chois le lámh láidir to suppress them by force
" Ina dhiaidh sin chaith na fórsaí slándála go brúidiúil le lucht na hagóide agus rinneadh iarracht iad a chur faoi chois le lámh láidir.
a bhí curtha faoi chois ag which was conquered by
" Na 'Bamberger' seo, b'as Bayern iad, agus tar éis an chogaidh a raibh an Caisideach bocht páirteach ann, de bharr an tuath a bheith bánaithe, cuireadh slua den treibh sin go dtí ceantar Phoznań, áit a bhí curtha faoi chois ag na Prúisigh fada fíochmhara.