Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoina anáil under his breath
" " "Beidh, má tá a dhath le déanamh agatsa leis," arsa an fear eile faoina anáil.
ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó he would tell him straight out, i.e. not behind his back
" Ní raibh Fiachra dall ar an mheas a bhí ag Féilim ar a chuid éadaí agus ní bheadh an fear céanna ar chúl na sceiche faoina inse dó ach an oiread.
faoina gcúram in their care
" Creid é nó ná creid, níor deineadh seiceáil riamh ar chúlra fhormhór na ndaoine a fhágann muid ár bpáistí faoina gcúram sa stát seo.
faoina leagan Béarla in its English version
" Cén fáth ar chinn tusa ar cheann eile a scríobh? Déanta na fírinne, gí gur foilsíodh *Leabhar Gramadaí Gaeilge* ar na mallaibh, tá ábhar an leabhair féin faoina leagan Béarla agus, ar thoradh moille, faoina leagan Gaeilge, ar fáil ó lár na nóchaidí.
faoina chúram under his care/responsibility
" Chuaigh sé ansin i 1968 agus níorbh fhada ann dó nuair a bhí foireann na scoile faoina chúram agus cleachtadh agus traenáil ar siúl acu gach maidin agus tráthnóna.
faoina ngéaga ginealaigh about their family tree
" Tá oiread Meiriceánach ann, idir shean agus óg, lena sloinnte dúbáilte, fleiscín-scartha, a bhíonn de shíor ag lorg a fréamhacha agus eolais faoina ngéaga ginealaigh - dealraíonn sé go mbíonn muid i gcónaí ag lorg fhreagra na ceiste sin, "Cé muid féin?" Ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbreathnódh muid isteach ionainn féin.
faoina stiúir under his control
" Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir.
faoina chúlra féin about his own background
" Agus muid ag siúl thart ar an ionad, thug sé roinnt eolais dom faoina chúlra féin, chomh maith le cúlra na háite.
faoina bhfuil i ndán dóibh about all that is in store for them
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala.
faoina cúlra about her background
" Chuir mé ceist ar Dorothee faoina cúlra.
faoina chuid mothucán about his feelings
" "Dúirt mé leis an spideog," arsa Mícheál, agus é ag gáire, "más tusa mo mháthair ag teacht ar ais ar cuairt, bí an-chúramach, nó críochnóidh tú i mbolg an chait!" Rud iontach faoi Mhícheál nach bhfuil eagla ná faitíos air labhairt faoina chuid mothucán.
faoina bhfoilsíonn agus faoina ndeir siad about what they publish and say
" Chomh luath agus a dhéantar leasú ar na dlíthe leabhail is lú cúis a bheidh ag na meáin a bheith chomh cúramach faoina bhfoilsíonn agus faoina ndeir siad.
faoina smacht under their control
" Sa bhliain 1380 chuaigh an Iorua isteach in aontas leis an Danmhairg agus leis an tSualainn, socrú a d'fhág an Danmhairg ina máistir agus Oileáin Fharó faoina smacht, smacht atá ag an tír go dtí an lá atá inniu ann.
faoina cuid súl shyly
" D'amharc sí anonn ar Dhónall faoina cuid súl agus rinne sí leath-gháire leis.
nuair a d'amharc Dónall orthu faoina shúil when Dónall gave them a dirty look
" Thosaigh na páistí ag gáirí ach nuair a d'amharc Dónall orthu faoina shúil, shlog siad an gáire.
faoina fhorléine under his smock
" Cad é faoin oibrí Iodálach, Vincenzo Perruggia, a shiúil isteach sa Louvre i bPáras i 1911 agus a shiúil amach leis an *Mona Lisa *faoina fhorléine! Chuir sé as dó, is cosúil, go raibh an oiread sin saothar Iodálach ag na Francaigh agus spreag sé seo an ghadaíocht.
faoina ascaill under his arm
" Spéaclaí gréine ar a cheann, agus cúpla leabhar faoin scannánaíocht agus scripteanna faoina ascaill aige.
faoina scáth under its shadow
" Tugtar *Diamond Mountain *air i mBéarla agus táimid suite díreach faoina scáth.
faoina stiúir under its guidance
" Chuir an rialtas béim ar bhainistiú an gheilleagair agus an chaoi a raibh cúrsaí go maith faoina stiúir.
faoina smacht under its control
" Bhí impireacht bheag ag an chathair, a raibh caladh agus loingeas aici, agus bhí an Chorsaic agus an tSairdín faoina smacht.
faoina gcúram under their care
" Bhí sé le feiceáil go soiléir go raibh mí-iompar ar siúl agus go raibh fostaithe de chuid an ionaid ag caitheamh go gránna le cuid de na seandaoine a bhí faoina gcúram.
faoina dearcadh ar an Mhaighdean Mhuire her view of the Virgin Mary
" Is cuimhin liom eachtra amháin ag am lóin, áfach, nuair a thosaigh Sasanach mná (chan mise!) a chaint faoina dearcadh ar an Mhaighdean Mhuire.
faoina anáil under his influence
" Ní fios cé mhéad amhránaí a tháinig faoina anáil.
a thug faoina mhacasamhail who undertook the same thing
" Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999.
faoina n-iompar about their behaviour
" Shílfeá go mbeadh imreoirí i bhfad níos cúramaí faoina n-iompar ar an bpáirc agus fios maith acu go bhfuil an ceamara ag déanamh taifeadta ar gach rud a dhéanann siad, ach is dóigh go ndéanann cuid acu dearmad air sin i ndíograis na himeartha.
faoina anáil under his influence
" Ní fios cé mhéad amhránaí a tháinig faoina anáil.
faoina anáil under his influence
" Ní fios cé mhéad amhránaí a tháinig faoina anáil.
nuair a chuir sé iad faoina mbráid when he submitted them to them
" Is cosúil gur chuir a chuid comhghleacaithe sa Chomhaireacht go mór i gcoinne mholtaí McDowell nuair a chuir sé iad faoina mbráid i mí an Mheithimh.
faoina iliomad gnéithe in its many aspects
" Tá sé aitheanta mar dhuine de na *BritArtists* agus is é an corp daonna, faoina iliomad gnéithe, is minic a bhíonn mar fhoinse ionspioráide aige.
faoina gcúram under their care
" Tarlaíonn sé seo nuair nach bhfuil ag éirí go maith leis an bhfoireann atá faoina gcúram.
faoina dtodhchaí about their future
" Go bunúsach, mhol an Coimisiún gur faoin phobal féin a bheadh sé cinneadh a ghlacadh faoina dtodhchaí mar cheantar Gaeltachta.
faoina cúram under its responsibility
" Ní shin mar a fheidhmíonn an státchóras! Ina áit sin, is amhlaidh a dhéanfadh an tAire Airgeadais laghdú ar bhuiséad Roinn na Gaeltachta ó tharla stráice i bhfad níos lú a bheith faoina cúram.
faoina n-ascaill under their arm
" Dé Domhnaigh seo chugainn, 5 Márta, beidh súile an domhain ag amharc ar na réaltaí móra scannáin ag déanamh a mbealaigh go lonrach suas an cairpéad dearg chuig an Kodak Theatre i Hollywood, iad lán dóchais go mbeidh siad ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus an deilbhín beag clúiteach sin, a aithníonn achan duine mar Oscar, faoina n-ascaill acu.
faoina gcoimirce under their patronage
" Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós Ghiberti, Michelangelo, Donatello, Masaccio, Piero della Francesco, Botticelli, Uccello agus Leonardo da Vinci chun cinn faoina gcoimirce agus, ar an dea-uair do chuairteoirí, tá an saothar álainn a d’fhág réaltaí móra seo na hAthbheochana ina ndiaidh le feiceáil go fairsing i ndánlanna agus in eaglaisí ar fud na cathrach.
tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís to undertake such an application again
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
faoina súistí aici under its control
" Ba ríocht í an Pholainn a raibh roinnt mhaith de na cearna den Eoraip láir faoina súistí aici.
faoina dtionchar under their influence
" Ach níor tháinig sé faoina dtionchar beag ná mór.
faoina hocht by eight
" – Tuigim go bhfuil orainn a bheith imithe as seo faoina hocht.
faoina stiúir under his guidance
" Beidh sé le rá faoin rialtas atá faoina stiúir go bhfuil siad róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó.
inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean in which he described his unease about his mission
" Duine de na saighdiúirí a maraíodh san Afganastáin le déanaí ná Anthony Boneca, ógfhear ó Thunder Bay, Ontario, a bhí i ndiaidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh chuig uncail leis, teachtaireachtaí inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean agus faoin easpa traenála a bhí faighte aige.
faoina dhá ascaill under his two arms
" Chroch Balor an dá bhairille pórtair a bhí fágtha aige faoina dhá ascaill agus anonn leis go dtí an taobh eile den fhorhalla, áit a raibh scaifte eile dá sheanchairde ag ceol agus ag ól.
faoina bhfréamhacha. about their ancestors.
" Tá an-tóir air, go háirithe mar gur mian leis na mílte duine ar tháinig a sinsir as Lios Mòr níos mó eolais a fháil faoina bhfréamhacha.
faoina chlann mhac. about his family of sons.
" Aisteach go leor, áfach, ní raibh ach tagairt an-bheag d’athair na *lads* – cheapfá go mbeadh ionchur tábhachtach aige sa scéal faoina chlann mhac.
na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin the local songs about their own area
" Dúirt na páistí gur thaitin na hamhráin áitiúla faoina gceantar féin go mór leo, amhráin mar “Carraig Rua” agus an t-amhrán sin faoi laoch mór iománaíochta Loch Garman, “Nicky Rickard”.
faoina shaothar about his work
" Thug mé cuairt ar a stiúideo ansin le labhairt leis faoina shaothar agus an Pollock-Krasner Foundation Grant a fuair sé le gairid.
faoina ndeimhniú about their certification
" Ní raibh amhras ar dhaoine faoina ndeimhniú dá bharr sin.
faoina ríméad about his gladness
" Mar seo a scríobhfadh sé faoina ríméad agus é i mbun eagarthóireachta scannán: No form of art goes beyond ordinary consciousness as film does, straight into your emotions, deep into the twilight room of your soul.
ag caint faoina gcuid fionnachtana. talking about their discoveries.
" Tá an nua tar éis labhairt! *** Bhuaileas le heolaí ón tSeapáin ag deireadh an tsamhraidh a dúirt liom go suíonn sé féin agus a chomhghleacaithe le chéile i gciúnas sula dtosaíonn siad ag caint faoina gcuid fionnachtana.
faoina bpolasaí about their policy
" ”* Tagairt a bhí anseo do Ghaelscoil Mhic Easmainn - scoil ina raibh achrann faoina bpolasaí gan Béarla a theagasc i ranganna na naíonán.
faoina chúram. his responsibility
" Bhí a fhios ag Mick - a bhí ainmnithe mar lántaca ag na roghnóirí roimh an gcluiche - go mbeadh marcáil Eoin “Bomber” Liston, laoch agus gaiscíoch Chiarraí, faoina chúram.
faoina húsáideoirí, about its users,
" Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.
agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu. with a small little famous statue under their arms
" Bhí cuid de na daoine dóighiúla a sheas os comhair bholgáin na ngrianghrafadóirí agus os comhair na gcriúnna teilifíse a bhí tagtha ansin ó gach cearn den domhan lán dóchais go mbeidís ag imeacht abhaile ag deireadh na hoíche agus deilbhín beag clúiteach faoina n-ascaill acu.
faoina chúram! under his guidance!
" Ní hamháin sin, ach ní bhfuair sé deis tada as bealach a dhéanamh, fiú, mar gheall ar nach raibh oiread agus seisiún amháin traenála ná cluiche amháin i ndiaidh a bheith ar siúl faoina chúram! “Dícheapadh” é ar deireadh le héalú as an bpraiseach a bhí déanta ag Coiste an Chontae agus ag na himreoirí.
faoina mhíchumas? about his disability?
" Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile.
faoina chúlra about his background
" Beidh sé ag labhairt faoina chúlra agus ag insint dúinn mar gheall ar a thógáil le linn an Chogaidh Chathartha.
faoina spéis leanúnach about his continuing interest
" Beidh sé ag caint faoina spéis leanúnach sa Ghaeilge agus faoina mhamó, arbh as Gaeltacht Chontae an Chláir ó dhúchas í.
faoina smacht, under his control,
" Ainneoin go ndúirt Moon go raibh sé mar sprioc aige rialtas agus muintir SAM a chur faoina smacht, is cosúil nár chuir dearcadh frithdhaonlathach Moon isteach ar bhealach ar bith ar cheachtar den bheirt uachtarán.
faoina riail dhiaga. under his devine rule.
" Ní móide, áfach, go mbainfidh Moon amach an sprioc is ansa leis: an domhan go léir a bheith faoina riail dhiaga.
dul in iomaíocht faoina mbratach féin compete under their own flag
" Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
faoina ghairm nó faoina ealaín, about his profession or about his art,
" Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
tar éis dom cluinstin faoina hábhar tráchtais, having heard about the subject matter of her thesis,
" CóragrafaíochtTá Jenny Roche ag déanamh PhD sa damhsa comhaimseartha agus tar éis dom cluinstin faoina hábhar tráchtais, bhí mé ag súil go mór lena saothar a fheiceáil.
is cuma faoina hinscne. it doesn't matter about her gender
" Ach tá beagnach 25 bliain imithe tharainn anois, agus is léir go mbreathnaíonn pobal Mheiriceá ar Hillary Clinton ar an dóigh chéanna a mbreathnaíonn siad ar iarrthóir ar bith: polaiteoir is ea í go príomha, is cuma faoina hinscne.
faoina ascaill aige. under his arm
" ” Agus amach leis, a chlogaid agus a chóta faoina ascaill aige.
tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú. there is every chance that they could intensify its decline
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
faoina ascaill aige under his arm
" Tráchtann sé fosta ar a bheith ag siúl costarnocht ar scoil agus dhá fhód móna faoina ascaill aige agus ar a bheith ag buachailleacht i ndiaidh na scoile.
faoina stiúir under his direction
" Ba faoina stiúir siúd a d'eisíomar an t-albam *Tóg é go Bog é* agus gur bhaineamar na cairteacha amach leis an amhrán “Ón Taobh Tuathail Amach”.
faoina chúram in his care
" Insíonn an scannán, atá bunaithe ar leabhar den teideal céanna ó pheann François Bégaudeau, scéal múinteora atá ag obair i meánscoil i gceantar ‘chaud’ agus an teagmháil atá aige leis na daoine óga atá faoina chúram.
faoina ghnóthaí how busy
" Agus cupán caife á dhéanamh aige dom labhraíonn sé leis mar a bheadh aithne againn ar a chéile le fada faoina ghnóthaí atá sé le déanaí is faoi dhaoine muinteartha éagsúla.
faoina dheacra how difficult
" Ag trácht ar a raibh le rá ag Íosa Chríost, do réir Lúcáis, faoina dheacra is a bheadh sé ag an bhfear saibhir fáil isteach sna flaithis, chuir Palladius fainic ar lucht rachmais a linne nach mbeadh aon seans acu neamh a bhaint amach mura n-aimseofaí snáthaid sách mór don camall, é sin nó camall sách bídeach le fáil trí chró na snáthaide! Nach bhfuil Dia uilechumachtach? Scríobh sé: “*Of course, it is possible for Him to let the rich into heaven, and to let them bring all their property and baggage and wealth with them; and possible to let the camels in too, into the bargain*.
borradh mór tagtha faoina líon an increase has occurred in
" Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.
faoina ascaill under his arm
" Beidh le feiceáil cén nuachtán a bheas faoina ascaill ag an tábhairneoir dalba úd san athbhliain.
díolta faoina luach sold cheap
" go raibh roinnt daoine den tuairim láidir go raibh acmhainn aiceanta díolta faoina luach le Shell.
faoina ascaill under his arm
" D’fhág sé an cruinniú le cóip den leabhar *‘Football and its Fans: Supporters and the Relations with the Game, 1885-1985’* faoina ascaill aige.
Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid he presented a series of proposals
"Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
faoina luach at a cut down price
" Rinneadh an-dochar do na barraí agus díolfar an chuid ba mhó d’fhómhar an arbhair faoina luach mar bheatha stoic.
faoina chúram in its care
" Tá sláinte agus oideachas na saoránach faoina chúram; caomhnaíonn an stát bunchearta an duine; déanann idirbheartaíocht ar aontais idirnáisiúnta, stiúrann agus spreagann sé an geilleagar náisiúnta, agus leis an fhírinne a dhéanamh, níl ról lárnach ag an stát féin ann mar ghníomhaí geilleagair.
faoina sciobtha about how fast
" Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé a laghad stuaime is atá fanta ionam.
nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach the terrifying prophecy doesn’t come to pass
" Is léir nár chuir an Dochtúir fiacail ann, ach táthar ag súil go mór nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach.
chur faoina bhfiacail agus é a chogaint to grin and bear it
" Agus ní bheidh an dara suí sa bhuaile ag lucht an tobac ach é sin a chur faoina bhfiacail agus é a chogaint.
faoina ascail aige under his arm
" Thagadh sé isteach sa seomra léachta agus ualach mór cáipéisí is leabhra faoina ascail aige.
tháinig faoina bhráid presented to him
" Bhí méadú as cuimse ag teacht ar líon na ngearán a tháinig faoina bhráid bliain i ndiaidh bliana.
faoina gcúram in their care
" É sin ráite, creideann daoine maithe go bhfuil cúiteamh ar shaothar tuillte ag bainisteoirí a chaitheann dua agus am thar na bearta ar son na bhfoirne atá faoina gcúram.
faoina stiúir under his guidance
" Bhí fiacha troma ar an gcumann agus ceithre bliana ó shin rinneadh uachtarán an chumainn de agus faoina stiúir, d’éirigh leis an gcumann na fiacha a ghlanadh.
faoina smacht acu in their control
" Conas nach bhfacamar ag teacht é? Bímid ag féachaint ar a chéile anseo agus ag cur an mhilleáin ar a chéile mar tar éis an tsaoil nach sinne faoi deara é? Cén fáth nár labhramar amach in am? Cén fáth nár aithníomar na comharthaí sóirt? Cén fáth nár thuigeamar go mbeadh deireadh le saoirse cainte, go raibh na boic ag ullmhú don lá a mbeadh na meáin go léir faoina smacht acu agus nach mbeadh ach an t-aon tuairim amháin ann feasta.
táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht people have been worried about its survival for years
" Siocair Buairimh ======= Bíodh is go bhfuil cion ar an gcóála ag muintir na hAstráile, táthar imníoch le blianta beaga anuas faoina mharthanacht i ngeall ar roinnt tosca, lena n-áirítear athrú aeráide, caillteanas gnáthóige, galair, ionsaithe madra agus timpistí bóthair.
faoina chúram siúd in his care
" Ba thréan iad buíon Scott sa phríomhchathair, agus ba é a ngnó ann ná gnó, is é sin, cothú ceangal trádála idir an stát atá faoina chúram siúd agus an Spáinn.
córas feodach i bhfeidhm faoina stiúir a feudal system in place under his control
" Is é Matiullah Khan ceannaire an chúige agus tá córas feodach i bhfeidhm faoina stiúir, beag beann ar chúrsaí daonlathais nó ar chearta daonna.
faoina bratach nuachumtha thrídhathach about her newly composed tricolor flag
" Ar ndóigh, ní raibh gach duine sásta faoi Ériu ársa agus ná faoina bratach nuachumtha thrídhathach a cuireadh in airde le “fáilte” a chur roimh Bhanríon Shasana, Eilís II, a bhí ar cuairt ar na Sé Chontae le 60 bliain a réime a cheiliúradh.
faoina gcreideamh about their religion
" Ag Déanamh Chailleach an Uafáis ======= Cuireadh go mór lena daoradh sna meáin nuair a foilsíodh scéalta faoina gcreideamh, Ateachtaigh an tSeachtú Lá.
Is faoina gcúramsan it’s their distinct responsibility
" Is faoina gcúramsan atá oidhreacht, stair, agus béascna an oileáin.
faoina bás about her death
" Chuala mé faoina bás ar Raidió na Gaeltachta an mhaidin dár gcionn.
faoina dtugtar cead by which permission is given
" Iarradh orm foirm a shíniú ag an Oireachtas i gCill Áirne cúpla bliain ó shin, an gnáthfhoirm a iarrtar ar dhaoine a shíniú faoina dtugtar cead úsáid a bhaint as an taifeadadh ar tháille.
thug siad faoina raibh ann go fíochmhar they fiercely attacked all who were present
" Ar an 17 Lúnasa 1882 thug scaifte fir ruathar faoi theach comharsan leo, John Joyce, agus thug siad faoina raibh ann go fíochmhar agus go brúidiúil le gunnaí glaice agus le maidí.
luas na gaoithe faoina gcosa they’ll move like the wind
" Bí siúráilte de go mbeidh faobhar ar a gcamán agus luas na gaoithe faoina gcosa nuair a thiocfas an samhradh.
faoina mbeatha about their lives
" Mhothaigh mé iontach compordach i measc na ndaoine seo ar cúis éigin agus, go malltriallach, de réir mar a fuair mé amach faoina mbeatha, d'aithin mé go raibh mothúcháin acu sin a bhí an-chosúil leis na mothúcháin a bhíonn agam féin, go raibh mé ar cineál "am-líne mothúchán" agus sin an rud ba mhó a raibh mé ag iarraidh cur in iúl," ar sí.
faoina stiúir under his direction
" Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile.
róshócúlach faoina mbua too comfortable after their victory
" Ach ar eagla go mbeadh pobal na Gaeilge róshócúlach faoina mbua, níor mhiste ceann a thabhairt don mhéid a bhí le rá ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, anuraidh.
mbeadh moladh faoina bhráid a proposal shall be before them
" D’eisigh an Bord ráiteas ag an am le cur in iúl go mbeadh moladh faoina bhráid ag an chéad chruinniú eile an mhí seo chugainn le breathnú ar ainmneacha malairte Maoraise.
faoina thionchar sin ort féin about its influence on you
" Más duine fiosrach tú faoin saol comhaimseartha thart ort agus faoina thionchar sin ort féin, is é mo mheas gurb é The Shallows an leabhar is suimiúla a léifidh tú i mbliana.
faoina thodhchaí mar iarphápa about his future as an ex-pope
" Ach, sula ndéanfadh sé a leithéid, shíl sé go rachadh sé i dteagmháil lena sheanchomrádaí, Joseph Benedictus, agus go gcuirfeadh sé cúpla ceist air faoina shaol mar phápa, faoina thodhchaí mar iarphápa, agus faoin Phápacht féin.