Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
forásach progressive
" Séanadh deontas ar chumann áitiúil amháin (atá bríomhar agus forásach) ar an mbonn go raibh a gclár oibre bunaithe an iomarca ar ranganna.
forásach progressive
" " Maidir le ról na hEaglaise san aois seo, tá an tSiúir Stanislaus forásach agus praiticiúil.
forásach progressive
" Is maith an aire sheachanta í! Ról na mban ======= Is bean rialta nua-aimseartha, réalaíoch, forásach í an bhean seo agus tá ciall leis an méid atá le rá aici.
cúiseanna forásacha progressive causes
" Bhí teach lóistín d'fheoilséantóirí aici agus thug sí tacaíocht do go leor cúiseanna forásacha.
dearcadh gairmiúil forásach a professional and progressive outlook/point of view
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an mBord? Ar na hábhair nirt atá againn, tá foireann chumasach dhíograiseach a bhfuil suim acu sa ghnó agus fonn orthu a gcion a dhéanamh; taithí agus saineolas na gcomhaltaí boird, daoine atá sásta feidhmiú go deonach chun dul chun cinn tomhaiste a bhaint amach san earnáil; agus tacaíocht oifigigh na Roinne, daoine a bhfuil dearcadh gairmiúil forásach acu i leith na hearnála.
heite fhorásach progressive wing
" An rud is scáfara ná go bhfuil Bob Stoker luaite le heite fhorásach an UUP agus measann náisiúnaithe go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta go hindíreach d'fheachtas seicteach a bhfuil sé mar aidhm aige Caitlicigh a ruaigeadh amach as ceantracha Protastúnacha.
na Coimeádaigh Fhorásacha the Progressive Conservatives
" Bhí na Coimeádaigh Fhorásacha, seanpháirtí Brian Mulroney, agus an Chomhghuallaíocht Cheanadach, páirtí a raibh polasaithe de chuid na heite deise ar cheisteanna geilleagracha agus ar cheisteanna sóisialta aige, i ndiaidh dul i gcleamhnas le chéile.
comhlacht forásach iontach a great progressive company
"comhlacht forásach iontach ansin, Nemeton, bunaithe ag fear (Irial Mac Murchú) a bhfuil fís agus cumas gnó aige agus fear a bhfuil a mhéar ar chuisle an mhargaidh.
trí chathair thipiciúil fhorásach through a typically progressive city
" Lá breá fómhair a bhí ann, agus ar feadh tamaill bhig, d’fhéad daoine a shamhlú go raibh siad ag spaisteoireacht trí chathair thipiciúil fhorásach de chuid na hEorpa, cathair ina gcuirtear béim ar choisithe agus ar iompar poiblí, seachas garaíocht a bheith á déanamh do ghluaisteáin i ngach áit.
forásach progressive
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
forásach progressive
" Bhí clú ar an Astráil, tráth den saol, mar thír a bhí forásach ó thaobh bheartas i réimse sóisialta de, tír ina mbíodh ardmheas ar chomhionannas agus ar chothroime.
fhorásach competent
" Suimiúil go leor, dúirt iar-preasoifigeach CGFÉ, i litir a scríobh sé chuig an Irish Times, nach raibh i ráiteas CGFÉ ach “argóintí gan fianaise den sórt sin a dhéanann siad gach uair a chuireann an rialtas reachtaíocht fhorásach chun cinn.
lucht forásach progressive people
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
páirtithe forásacha progressive parties
" Bhí deighilt ghéar idir na páirtithe forásacha, atá i gcomhrialtas san ACT, agus an Páirtí Liobrálach, an freasúra, i dtaca leis an mbille.