Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan cheist automatically, without question
" An dearcadh a bhí ag Protastúnaigh de chuid an lucht oibre roimhe seo ná go bhfaigheadh siad postanna gan cheist ar fhágáil na scoile dóibh gan cailíocht ar bith.
lena dtacaíocht gan cheist with their unquestioning support
" Tuigeann siad go maith mar a bhreathnaíonn siad thar lear i dtíortha Arabacha, ach tá siad ag leanúint ar aghaidh lena dtacaíocht gan cheist d'Iosrael.
gan cheist gan choinníoll when needed, without needing to ask
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
gan cheist, gan choinníoll not having to ask
" An Chluas Bhodhair Tugtha d'Éilimh an Choimisinéara:** Nuair a d'fhógair an t-iar-Choimsinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, i Nollaig na bliana anuraidh go raibh sé le héirí as oifig luaigh sé dhá chúis a bhí ag cur lagmhisnigh air: * Diúltú an rialtais scun scan dul i ngleic le cúrsaí earcaíochta sa státsheirbhís lena chinntiú go mbeadh a dhóthain daoine ann le seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge * Diúltú aghaidh a thabhairt ar an éileamh go mbeadh pobal na Gaeltachta in inmhe seirbhísí Gaeilge a fháil ón státchóras ins an Ghaeltacht gan cheist, gan choinníoll.