Agus cad a bhí ar bun aige leis an gcóras sin? Bhí sé á úsáid chun glaonna gutháin saor in aisce a dhéanamh thar an idirlíon - ní aon ionadh go raibh aghaidh chomh sona sin air!
Níl an fear sin ina aonar ach an oiread.
Nach suarach an gníomh é; i bhfad níos suaraí ná a bheith ag cúléisteacht le glaonna gutháin! Samhlaigh go raibh siad sásta spiaireacht a dhéanamh ar gach ceannaire agus gach ceann stáit idir Londain agus Luhansk, agus nach raibh siad sásta cúpla dollar a chaitheamh ar chúléisteacht le hEnda.
Go déanach i mí Aibreáin cuireadh taifead ar fáil de roinnt glaonna gutháin a rinne úinéir na foirne cispheile, na "*Los Angeles Clippers*", Donald Sterling, lena chailín V.