Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ach go hannamh rarely
" Deir Maier nár labhair na col ceathracha ach go hannamh ar radacachas a muintire san am a chuaigh thart.
ach go hannamh on the odd occasion
" D'imir sé go leor peile leis an CYO, ach níor éirigh leis áit a fháil ach go hannamh ar fhoireann chispheile buachaillí na hardscoile, Providence College.
go hannamh seldom
" "Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.
ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh I could only attend it occasionally
" Bhíos ag freastal ar an rang seo ar feadh b'fhéidir trí nó ceithre de bhlianta agus ag baint an-taitnimh as, ach ansin thosaigh mo chuid oibre ag méadú agus ní fhéadfainn freastal air ach go hannamh.
ach go hannamh seldom
" Mholfainn gan an cárta dearg a úsáid ach go hannamh, is é sin nuair a dhéanann imreoir feall chomh dona sin go gcuireann sé imreoir eile as an imirt ar fad.
go hannamh seldom
" Tá traidisiún ó thaobh na gcluichí Gaelacha ag gach contae: buann cuid acu go hannamh, cuid eile anois is arís, agus buann roinnt eile níos minice ná a chéile.
go hannamh seldom
" Is iomaí duine a bhfuil éacht déanta ar son na Gaeilge aige ach nach gcantar a ainm os ard ach go hannamh.
Ní go hannamh quite often
" Ní go hannamh a cheapann daoine go bhfuil an dlíodóir ag baint faide as an chás ar mhaithe le tuilleadh airgid a shaothrú.
ach go hannamh it’s only seldom
" “Agus ná déan dearmad nach bhfágann aos óg na mbruachbhailte bochta a gceantar féin ach go hannamh; ní bhíonn an t-airgead acu.
Ní thagann a leithid ar an tsaol ach go hannamh such only happens in life very seldom
" Ní thagann a leithid ar an tsaol ach go hannamh agus is cinnte go raibh sé ar dhuine d’fhir mhóra an fhichiú aois.
go hannamh seldom
" Níos tábhachtaí ná a gcumas aonarach áfach, tá tuiscint agus comhimirt eatarthu nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh ar na saolta seo a bhuíochas sin don fhealsúnacht peile atá á cur chun cinn ag an lucht bainistíochta.
ach go hannamh just seldom
" Is é an feall é ó thaobh mhuintir na hAfraice agus Meiriceá Theas nach mbíonn an deis acu ach go hannamh na himreoirí acusan a fheiceáil ina steillbheatha.
go hannamh seldom
" Tá scéal na spailpíní ceoil ag Colm Ó Snodaigh, an dream úd a gcloistear a saothar ar fud an domhain i rith an ama, ach nach gcuimhnítear orthu féin ach go hannamh.