Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfianaise na gciorruithe in light of the cutbacks
" An todhchaí ======= Céard atá i ndán do RnaG anois, mar sin? An ualach rómhór é an sceideal nua 24 uair an chloig, nuair atá deich faoin gcéad de do bhuiséad glanta? Cé gur admhaigh ceannaire Raidió na Gaeltachta go mbeadh sé deacair sceideal dá leithéid a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gciorruithe atá le déanamh, ní thiocfaidh maolú ar chaighdeán craoltóireachta RnaG, dar leis.
I bhfianaise in light of
" I bhfianaise ar tharla i Sohom, tá sé tábhachtach go mbeadh muinín ag tuismitheoirí as múinteoirí agus creideann sé nach gcabhróidh seasamh an INTO leis an mhuinín seo a chothú.
i bhfianaise in light of
" Is cóir Am an tSamhnais a thabhairt air i bhfianaise na rudaí samhnasacha gránna atá tagtha chun solais le cúpla seachtain anuas i ndiaidh chraoladh an chláir cháiliúil teilifíse sin.
I bhfianaise in light of
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements I bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
i bhfianaise na poiblíochta in light of the latest publicity
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
i bhfianaise na géarleanúna in light of the persecution
" Goilleann sé orm a rá, i bhfianaise na géarleanúna a rinneadh ar Dolores McNamara, buaiteoir *Euromillions *le déanaí, go bhfuil cur chuige Hutts beo beathaíoch i measc baicle iriseoirí sa tír seo.
i bhfianaise ráiteas éagsúil in light of various statements
" Tá sé cúig bliana ó scríobhas cheana fúithi agus, má bhí sé tráthúil an uair sin, is tráthúla fós é i bhfianaise ráiteas éagsúil a rinneadh le déanaí.
i bhfianaise an bhua in light of the victory
" D’fhéadfaí a rá, i bhfianaise an bhua i gcluiche ceannais na hÉireann, go bhfuil an sprioc sin bainte amach.
i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu in light of the able players they were missing
" Gur bualadh Tír Eoghain ar deireadh, ní iontas ar bith é i bhfianaise na n-imreoirí cumasacha a bhí in easnamh orthu ar chúis amháin nó ar chúis eile.
i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse. in light of the changes in the television industry.
" Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
i bhfianaise stádas íseal in light of the low status
" Le fírinne, bhí níos mó *Dubs* ar fhoireann iománaíochta Laighean sna blianta úd ná mar a bhí ar an bhfoireann pheile, rud atá deacair a chreidiúint anois, i bhfianaise stádas íseal Átha Cliath ag an leibhéal sinsearach.
i bhfianaise in light of
" Ó tharla gur thug ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan (agus an tír is mó is cúis leis an fhadhb, más fíor d’iar-Leas Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Al Gore, ina scannán *An Inconvenient Truth*) droim láimhe do Kyoto, cad is fiú do thír bheag cosúil linne tabhairt faoi chéimeanna le dul i ngleic le téamh domhanda? Deirtear nach bhfuil in iarrachtaí suaracha s’againne ach sop in áit na scuaibe i bhfianaise aschur gáis na hIndia agus na Síne.
i bhfianaise an phobail, in the presence of the public,
" Má osclaítear amach gach ceann díobh i bhfianaise an phobail, agus má leagtar ceann i ndiaidh a chéile ar an mbord agus iad iompaithe i dtreo an phobail sin, beidh ar chumas an lucht féachana sa halla grianghraf an-chruinn d’fháil ar an mballóid ach nótaí a thógaint.
i bhfianaise an mhéid atá tite amach in light of what has happened
" Ach dealraíonn sé anois, i bhfianaise an mhéid atá tite amach le roinnt míonna anuas, go mbraitheann an t-iompróir náisiúnta gur féidir leo a rogha ruda a dhéanamh ó thaobh athrú polasaithe de, gan cead a bheith faighte acu ón scairshealbhóir is mó dá chuid.
i bhfianaise an chinnidh in light of the decision
" Is tráthúil an bharúil í sin i bhfianaise an chinnidh atá déanta ag Foras na Gaeilge deireadh a chur lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil sa Ghaeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn.
i bhfianaise oiread in light of so much
" Ábhar iontais ab ea é sin i bhfianaise oiread cainte a bhí déanta ag an Aire Éamon Ó Cuív ar an ábhar.
i bhfianaise in light
" Glacaim leis nach mbaineann an tAire Oideachais, an tAire Airgeadais nó an Taoiseach aon sult nó pléisiúr as a leithéid de chiorrú a chur i bhfeidhm ach thuigfeá do fhrustrachas an phobail i bhfianaise an €7bn d’athchaiptliú a déanadh ar Bhanc na hÉireann agus ar Bhanc Aontas Éireann i dtráth an ama chéanna is a fógraíodh na ciorruithe i leith múinteoirí acmhainne.
i bhfianaise na dtorthaí in light of the results
" Ní hábhar iontais é seo i bhfianaise na dtorthaí staidéir a d’fhoilsigh dream darb ainm ‘Faireachlann na n-Earráidí Moltóireachta’ agus atá le feiceáil ar an suíomh idirlín www.
i bhfianaise in light of
" Go deimhin, tá líon na bpríomhoidí fireanna as cuimse ard i bhfianaise a laghad fear atá ag teagasc san earnáil.
i bhfianaise in light of
" Grád: B Micheál Martin (An tAire Gnóthaí Eachtracha): Meas tuillte ar a chuid iarrachtaí Éire a thabhairt chun míntíreachais san Aontas Eorpach i bhfianaise theip Chonradh Liospóin.
i bhfianaise face to face
" Is léir go bhfuil sí an-bhreoite - tá seisean chun í a thabhairt i bhfianaise raon iomlán a cuid sceimhle, d’fhonn téarnamh agus leigheas d’fháil di.
i bhfianaise in light of
" Tá cruóg faoi leith le caomhnú Mau i bhfianaise na tábhachta atá ag baint léi mar dhobharcheantar.
i bhfianaise into the presence
" Tá fírinne sa léamh sin fós, ach creidim, le cur chuige ionraic, oscailte, réabhlóideach Haneke, gur thug sé mé i bhfianaise a chuid carachtar, agus an domhain ina maireann siad.
I bhfianaise in light of
" Breith an Bhoird SMM: I bhfianaise bhreith an Bhoird Phleanála sa chomharsain anseo, an meabhródh sé sin duit rud a tharla in iarthar Chorcaí i bhfad siar MÓS: An Betelgeuse! SMM: Sea, an Betelgeuse, agus an dream Briotánach is Éireannach, foireann na Betelgeuse a cailleadh le taobh na sprioclainne ag Faoide.
i bhfianaise in light of
" Ar an chéad dul síos, i bhfianaise na heachtra leis na póilíní i ndiaidh dom beirt Shasanach a cheannach, ar chóir dom m’iníon a thabhairt chun an Mheánoirthir lena díol thall.
i bhfianaise in light
" Ach an bhféadfadh anois go mbeadh athrú intinne orthu de bharr rialú na Cúirte Uachtaraí san achomharc, go háirithe i bhfianaise an costas mór a bhaineann le fostú foirne aistriúcháin? Rialaigh an Chúirt Uachtarach ar an 6 Bealtaine 2010 i mbreithiúnas a d'eisigh an Breitheamh Fidelma Macken (agus an Príomhbhreitheamh Murray, Uachtarán na hArd-Cúirte Kearns, agus na Breithiúna Hardiman agus Fennelly ag aontú léi) mar seo a leanas: - Is é an léirmhíniú ceart ar airteagal 25.
i bhfianaise in light
" Dá stiúrfaí an t-ionad seo i gceart, thabharfaí próifíl ard dóibh, go háirithe i bhfianaise na háite ina mbeadh sé.
i bhfianaise in light
" ”* Ba cheart a rá ag an staid seo go bhfóireann sé do Bhlair béim a chur ar a bhain sé amach ó thuaidh i bhfianaise na gcogaí tubaisteacha san Iaráic agus san Afganastáin, a raibh lámh nach beag aige iontu.
i bhfianaise in light of
" Beidh níos mó suíocháin Dála ag Fine Gael ná a bheas ag Fianna Fáil don chéad uair riamh agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh Fianna Fáil taobh thiar den Lucht Oibre, i bhfianaise na bpobalbhreitheanna a tógadh agus a foilsíodh le déanaí.
i bhfianaise in the presence
" Ansin tagann an cheist uaidh a thugann le fios dúinn luath sa scannán seo go bhfuilimid i bhfianaise sár-scriptscríbhneora - *‘Do you remember where we live?’*.
i bhfianaise in light
" ” Chuir sé sraith de mholtaí faoina bhráid maidir le giniúint aibhléise as foinsí fuinnimh malartacha, moltaí a bhfuil cuma iontach fadradharcach orthu i bhfianaise dúnghaoisí glasa an lae inniu.
i bhfianaise in light of
" Deich mbliana níos faide anonn, tá sé suimiúil anois, i bhfianaise bua iontach Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an tSraith Iomána ag tús na Bealtaine seo caite, a teacht chun tosaigh ar Thiobraid Árann le gairid arís, sracfhéachaint a thabhairt arís ar an treoirphlean úd agus ar a bhfuil bainte amach san idirlinn.
a huacht i bhfianaise her will to
" Léann an t-aturnae a huacht i bhfianaise a beirt pháiste, an cúpla Jeanne agus Simon.
i bhfianaise in light of
" Agus, i bhfianaise slógadh oíche Lá ’le Bloom, táimid, glúin na seascadaí, fós ar an gcuardach.
i bhfianaise in light
" Ansin, i bhfianaise scannán a bheadh níos simplí, d’fhéadfadh an criticeoir Peter Bradshaw an *‘epic’* sin a chailliúint óna léirmheas sa Guardian, Peter Travers an *‘reach for the stars’*, agus Todd McCarthy *‘man’s place in the grand scheme of things’*, agus bheidís triúr níos gaire do scála an éachta atá bainte amach ag Malick.
I bhfianaise a bhfuil in light of what
" I bhfianaise a bhfuil bainte amach acu go nuige seo, an bhfuil sé róluath a bheith ag súil go dtabharfaidh ár gcuid dornálaithe amaitéaracha roinnt bonn abhaile tar éis na gCluichí Oilimpeacha i Londain in 2012?
i bhfianaise in light of
" Seanlady le foighne Job i bhfianaise iompar amhlánta an gharmhic.
i bhfianaise in light of
" Bhí cuid de na hAirí sách faiteach faoin méid sin airgid poiblí a chaitheamh, ar mhaithe le stáisiún teilifíse trí Ghaeilge, i bhfianaise an fheachtais láidir ar bun ag iriseoirí is tráchtairí áirithe sna meáin, ar thug Michael D.
i bhfianaise in light of
" Go híorónta, i bhfianaise a bhfuil tarlaithe, cuirtear tús agus deireadh leis an leabhar le Caoimhín Ó Caiside.
i bhfianaise in light of
" Is é an t-aon chosaint atá fanta ag muintir na 26 Contae i bhfianaise aineolas agus tréas lucht cinsil BÁC le blianta beaga anuas.
i bhfianaise in light of
" Ar mhaithe le pleanáil teanga agus i bhfianaise na Straitéis Fiche Bliain, níor mhiste go mbeadh go gcuirfí ceist sa chéad Daonáireamh eile, le fáil amach an mó teaghlach ar fud an stáit ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga baile.
i bhfianaise in light of
" Tá labhairt na Gaeilge ag cuid acu, de réir dealraimh, agus tá léamh na Gaeilge ag roinnt eile; ach níl scríobh na Gaeilge ag duine ar bith acu, i bhfianaise na bolscaireachta a thagann amach óna gcuid clinicí go rialta.
i bhfianaise in light of
" Seo *‘Everyman’*, nó *‘Everyleanbh’*, agus sciobtar na cosa amach fúinn i bhfianaise ‘ghlaine a chroí, neart a ghéag’ agus an ‘beart de réir a bhriathair’.
i bhfianaise na ndlithe déine in light of the strict laws
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
i bhfianaise na deacrachta ar fad in light of all the trouble
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
i bhfianaise in light of
" Cé ar domhan a thógfadh sin air? Ach is achasán an-bheag an gearrán seo agam i bhfianaise snas an iomláin.
I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair in light of the financial difficulties
" I bhfianaise na ndeacrachtaí geilleagair atá mar sciúirse ar an Eoraip faoi láthair, is lú fós an bhá a bheidh ag Eorpaigh le hinimircigh fho-Shaháracha agus is in iomadúlacht a bheidh scéalta leithéidí Eric Tabo ag dul.
i bhfianaise in light of
" Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo, a déarfá, go háirithe i bhfianaise claonadh dochreidte láidir chun daoine a lochtú agus a dhamnú as ucht pé laigí a léiríodar san am atá thart.
i bhfianaise an dualgas reachtúil in light of the legal obligation
" Is dócha go bhfeictear sa státseirbhís gur ‘dul chun cinn’ an méid sin i bhfianaise an dualgas reachtúil atá le 10 mbliain anuas ar na Ranna agus Oifigí Rialtais céanna, seirbhís tré Ghaeilge a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla! Pleanáil Teanga ===== Chuireas spéis faoi leith sa ‘dul chun cinn’ a bhí le tuairisciú maidir le Pleanáil Teanga, an maide draíochta atá ceaptha an taoille a chasadh sa Ghaeltacht.
i bhfianaise laghdú leanúnach in light of the continuing fall off
" Ag trácht ar na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite sna laethanta seo a bhí sí, i bhfianaise laghdú leanúnach i líon na ndaoine atá ag ceannach nuachtán clóite.
i bhfianaise na moilleadóireachta in light of the delay tactics
" Ag Sracadh in Aghaidh Moille =========== Níl mé dóchasach, áfach, go bhfaighfidh mé freagra gasta ón Oifig sin i bhfianaise na moilleadóireachta in achomharc atá déanta ag mo chomhghleacaí, Áine Lally, i leith eolas eile a dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta a thabhairt di faoin phróiseas cheapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta.
i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm in light of the what the Black people went through
" Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’*12 Years a Slave*’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.
i bhfianaise na géarchéime in light of the emergency
" I 2013, tugadh €19 milliún don tseirbhís, ach i bhfianaise na géarchéime is fiú a cheistiú an leor an maoiniú agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag an stát.
I bhfianaise scileanna síoda in light of the slick skills
" I bhfianaise scileanna síoda Ono, níorbh fhada óm’ bheola lear mór ceisteanna nuair a chéad chaitheas súil air, sa bheo, mar a déarfá, Aoine an Chéad Lá Samhna seo d’imigh.
i bhfianaise in light
" Ina theannta san, i bhfianaise a bhfuil feicthe againn le bliain go leith anuas, is geall le gluaisneoir dochloíte í foireann seo na hardchathrach, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh.
i bhfianaise in light of
" Céard is fiú na leasaithe atá molta sa tuarascáil faoin nGaeltacht, i bhfianaise ar tugadh le fios san athbhreithniú ar Chlár Caipitil an Rialtais: ní bheidh acmhainní feasta ag Údarás na Gaeltachta!
I bhfianaise na tuarascála a réitigh in light of the report prepared by
" I bhfianaise na tuarascála a réitigh Stillwater Communications do RTÉ, breathnaíonn Donncha Ó hÉallaithe ar a bhfuil ann maidir le straitéis RTÉ i leith craolacháin i nGaeilge.
I bhfianaise in light of
" I bhfianaise deireadh a bheith curtha le foilsiú Ghaelscéal, de cheal ceannaitheoirí, cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist, an bhfuil pobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?