lena mbeatha a thabhairt i dtír
to earn their living
Deir Mairéad go bhfuil sé cineál íorónta go gcaithfidh grúpa atá ag seinm ceol Gaelach an tír a fhágáil
lena mbeatha a thabhairt i dtír.
teacht i dtír
take advantage of
Díchoimisiúnú
=======
Tá an Fíor-IRA réidh le
teacht i dtír ar dhiongbháilteacht na nAontachtach i leith an dhíchoimisiúnaithe.
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír
struggling to make a living
" Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
a bheatha a thabhairt i dtír
to earn his living
Nuair a tháinig Tomás Mac Gearailt air ais go hÉirinn i lár na nóchaidí tar éis blianta fada a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, ní raibh sé ar intinn aige
a bheatha a thabhairt i dtír ag díol leabhar.
teacht i dtír ar dhaoine
take advantage of people
Sa chlár seo, bhí ról Donoghue aige, caimiléir agus slíodóir as Éirinn a bhí i gcónaí ag iarraidh
teacht i dtír ar dhaoine.
go dtabharfaí i dtír iad
that they would be brought ashore
Líomhaintí
=======
Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil
go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Is álainn iad na moscanna anseo ach meabhraíonn na foirgnimh eile Beirlín dom, Oirthear Bheirlín aimsir an Chumannachais, agus is é a deir siad ná, "Nach téagartha sinn anois! Nach orainn atá an rath!" Is ea, tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá …
An bhfuiltear
ag teacht i dtír ar Indiaigh ar bhealaí eile fós? Chonaiceamar saothar an-bhreá le healaíontóir Indiach anseo, déanta as adhmad, iad ar díol ar 250 dirham an ceann, abair tríocha punt.
chun teacht i dtír ar
to take advantage of
Mar chuid den teach nua-aimseartha seo bheadh baill den teaghlach ag úsáid an ríomhaire lárnaigh chun "teilisiopadóireacht, teileamhargaíocht, teile-íocaíocht agus teilea-obair" a dhéanamh, agus
chun teacht i dtír ar an teilea-oideachas.
i dtír na mbeo
in the land of the living
Cúis lúcháire dúinn uilig go bhfuil Balor na Baothchainte ar ais
i dtír na mbeo agus ar a sheanléim arís, i ndiaidh dó an domhan a shiúl agus é ar a chuid laethanta saoire ag tóraíocht na gréine agus na gaoise.
teacht i dtír ar an striapachas
exploiting prostitution
Is coir é cabhrú le striapach (mar shampla, coiscíní a dhíol léi nó cupán caife a thabhairt di agus í i mbun oibre) nó
teacht i dtír ar an striapachas.
go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach
that we take advantage of European money
Ach an bhfuil sé ceart
go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír
taking advantage of the weakest group in the country
Ní féidir le feidhmeannaigh RTÉ a bheith ag gearán leis na polaiteoirí maidir leis an nganntan airgid atá orthu, agus ag an am céanna bheith
ag teacht i dtír ar an dream is laige sa tír chun na milliúin euro in ioncam fógraíochta a shaothrú.
chun a mbeatha a thabhairt i dtír
to make a living
Cuireann sé a phost féin i gcomparáid lena ndéanann gnáthdhaoine in Éirinn
chun a mbeatha a thabhairt i dtír.
teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais
take advantage of the government's bad image
Agus an méid sin ráite, áfach, níor éirigh leis
teacht i dtír ar dhrochíomhá an rialtais san fhómhar, nuair a sceitheadh an t-eolas faoi na ciorruithe móra a bhí beartaithe ach a coinníodh faoi rún aimsir an olltoghcháin.
teacht i dtír ar
take advantage of
Baineann siad lenár stádas mar thír fhorbartha chomhaimseartha atá in ann
teacht i dtír ar an réabhlóid chumarsáide chun postanna d'ardchaighdeán a chruthú.
le teacht i dtír ar
to take advantage of
Is ó stáit eile formhór na ndaoine atá ag cur fúthu san áit, agus tagann daoine ó thíortha eile, fiú,
le teacht i dtír ar na háiseanna agus ar an stíl mhaireachtála a chuireann The Villages ar fáil.
is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua
who will take most advantage of the new markets
Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha
is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
teacht i dtír orthu
take advantage of them
Nuair a thugann scríbhneoirí péisteanna agus víreas na laigí sin faoi deara bíonn siad ábalta
teacht i dtír orthu agus bogearraí gránna a chruthú.
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha
taking advantage of its natural resources
Níl an dara rogha anois ag na Naisiúin Aontaithe ach teacht i gcabhair ar Mheiriceá le cinntiú go ndéanfar an Iaráic a riaradh go cothrom agus nach mbeidh comhlachtaí móra
ag teacht i dtír ar a cuid acmhainní nádúrtha, idir an ola agus acmhainní eile nach í.
dul i dtír ar Wirral
to land at Wirral
Ansin, fuair siad cead ó Edelfrida, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana,
dul i dtír ar Wirral.
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann
to take advantage of the support systems which exist
Tá eagla an domhain ar an dá rialtas go meallfar na sluaite ó thíortha bochta an oirthir go hÉirinn agus go dtí an Bhreatain, go dtiocfaidh siad go hiarthar na hEorpa
le teacht i dtír ar na córais tacaíochta atá ann don lucht dífhostaíochta agus do dhaoine gan dídean.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Tá sé mícheart, ar ndóigh, chomh mícheart le polaiteoirí measúla a bheith ag iarraidh íocaíochtaí ar son a bpatrúnachta - na daoine seo a bheadh ag tabhairt amach fá pharamílitigh ar thaobh amháin agus
ag teacht i dtír ar a stádas mar fheisirí ar an taobh eile.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Tá sé féin, le cois a chomhghleacaí Michael Daly, go láidir den tuairim gur ar mhaithe leo féin a bhíonn go leor de na coimeádaithe ealaíne agus na gnólachtaí móra, agus go bhfuil siad
ag teacht i dtír ar phíosaí ealaíne atá faoina gcúram ar mhaithe lena leas féin.
Tháinig siad i dtír ar an gceol traidisiúnta
they took advantage of the traditional music
Tháinig siad i dtír ar an gceol traidisiúnta agus chuireadar meascán i láthair an phobail le gach eisiúint.
teacht i dtír ar an eagla sin atá ar dhaoine
take advantage of that fear that people have
"Tá sé furasta ceannasaíocht a fháil ar an phobal aontachtach fríd an eagla, agus
teacht i dtír ar an eagla sin atá ar dhaoine," arsa poblachtánach amháin liom.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Go deimhin, bhí an córas sa nGearmáin réasúnta maith
ag teacht i dtír ar bhuntáistí an chaipitleachais agus an tsóisialachais araon.
a theacht i dtír orthu sin
to take advantage of them
Tá na hacmhainní teicneolaíochta ann leis an saibhreas oidhreachta a chraobhscaoileadh agus creidim go bhfuil dualgas ar an Bhrainse
a theacht i dtír orthu sin, ar acmhainní an idirlín ach go háirithe.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Ach is é an rud is suntasaí faoi ná go bhfuil sé
ag teacht i dtír ar an obair atá déanta cheana féin sa Eoraip i réimse na dteangacha.
báid dul i dtír
landing craft
Sular bhain siad Trá Juno amach, léim siad trasna go LCA (
báid dul i dtír) agus dúirt siad a bpaidreacha deireanacha iontu.
a theacht i dtír ar
to live off, take advantage of
Beidh orthu siúd atá ag iarraidh go fóill
a theacht i dtír ar an chlú a tharraing *Ryan’s Daughter *ar an chontae a n-aird a dhíriú ar an am atá romhainn agus bheith straitéiseach agus cruthaitheach ina gcuid pleanála.
teacht i dtír ar
to take advantage of
Ina gcás siúd, áfach, bíonn siad ag iarraidh
teacht i dtír ar an ádh a thiteann ar dhaoine agus ag iarraidh míbhuntáiste a bhaint as buntáiste.
beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír
regardless of their backgrounds when they were ashore
Bhí snaidhm ann a chothaigh an fharraige agus, déarfainn, an t-anró,
beag beann ar a gcúlra agus iad i dtír.
sa dóigh is go dtiocfadh leo a mbeatha féin a thabhairt i dtír
so that they could make their own living
Mhínigh Pól di go dtiocfadh leat cearca, muca, gabhair agus iasc a cheannacht le tabhairt do na bochta
sa dóigh is go dtiocfadh leo a mbeatha féin a thabhairt i dtír.
teacht i dtír ar
to take advantage of
Is fíor go bhfuil acmhainn mhór fuinnimh in-athnuaite ag an tSualainn: aibhneacha don hidrileictreachas, agus limistéar mór (agus cósta fada) inar féidir muilinn ghaoithe a chur, nó
teacht i dtír ar fhuinneamh na dtonnta.
i dtír anaithnid
in an unknown country
Iad adhlactha araon
i dtír anaithnid.
ag brath ar an turasóireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír
depending on tourism to make a living
Tá an tír breac le “Pinewoods”, “Oak Way” agus “Willow Drive” – eastáit a ainmníodh in onóir na gcrann a leagadh le hiad a thógáil!
Daoine ag brath ar an turasóireacht
=======
Tá a fhios agam go ndeirtear nach gcuireann radharcanna deasa bia ar an phláta, ach ná déanaimis dearmad go bhfuil go leor daoine
ag brath ar an turasóireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír.
agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga
and make use of their enthusiasm regarding the language
Tá sé ríthábhachtach gan neamhaird a thabhairt ar na cinn a bheas mí-éifeachtach ach cuidiú, oiliúint agus treoir a chur ar fáil dóibh
agus teacht i dtír ar a ndíograis maidir leis an teanga.
in ann teacht i dtír air sin
able to take advantage of that
Caillfidh Corcaigh luath nó mall, agus beidh na Déisigh
in ann teacht i dtír air sin.
áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír
where the pilgrims' boats used to come ashore
Tá bá bheag in aice leis,
áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír.
teacht i dtír air
to take advantage of him
Cóipeanna bréagacha
Suimiúil go leor, tá Hirst ag fáil blaisín beag dá chuid leighis féin sa mhéid is go bhfuil falsaitheoirí ag iarraidh
teacht i dtír air trí chóipeanna bréagacha a dhéanamh de chuid dá shaothar.
thug sé a bheatha i dtír
he made a living
D’oscail sé siopa agus mar shiopadóir grósaera comharsanachta a
thug sé a bheatha i dtír ina dhiaidh sin.
shocraíodar dul i dtír
they decided to go ashore
Níorbh fhéidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus
shocraíodar dul i dtír ansin.
tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo
vulnerable people are taken advantage of in these programmes
”
Gan amhras,
tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo agus is in olcas atá siad ag dul – tá na bobanna a bhuailtear ar dhaoine ag éirí níos táirí agus níos gránna le gach sraith nua a chuirtear amach.
tar éis don fhear geal teacht i dtír.
after the white man came ashore.
Ach d’athraigh sé sin ar fad
tar éis don fhear geal teacht i dtír.
ag teacht i dtír ar
taking advantage of
Ina theannta sin, níl siad
ag teacht i dtír ar an chultúr mór fíona atá sa tír anois, ná baol air.
i dtír úrnua
in a totally new country
Ar feadh cúpla uair an chloig is féidir leat a shamhlú gur taiscéalaí Sasanach thú
i dtír úrnua gan timpeall ort ach foraois agus treibheanna Indiacha.
i dTír na mBascach
in the Basque Country
Ag siúl ar shráideanna ciúine Gernika (mar a thugtar air sa Bhascais), agus mé ar laethanta saoire
i dTír na mBascach roinnt blianta ó shin, rith sé liom go raibh an baile cosúil leis an fhéinics, éan na finscéalaíochta, a d’éirigh aníos athbheo as luaithreach tine.
a tháinig i dtír ar an éileamh seo
to take advantage of this demand
Ba iad na meáin chumarsáide ba thúisce
a tháinig i dtír ar an éileamh seo agus is nós coitianta anois é leathanaigh phearsanta agus blaganna a chumadh.
ag teacht i dtír ar an tslí
taking advantage of the way
Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus
ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic
by taking advantage of its old opponent
Maíonn na náisiúnaithe gurb í Alba an t-aon tír riamh a d’éirigh níos boichte i ndiaidh d’ola a bheith faighte inti!
Ach maireann an bharúil i Sasana go bhfuil Alba ag dul i dtreise
trí theacht i dtír ar a seanchéile comhraic agus gur beag a mbuíochas, ach a mhalairt.
a tháinig i dtír
who came ashore
Ach leathanach ina dhiaidh sin, tá tagairt ó *The Picturesque Handbook to Liverpool 1842* ar na hinimircigh
a tháinig i dtír ag Clarence Dock, “holding converse in a jargon that it would be difficult to interpret.
tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht.
now she is trying to make her living through writing
Iarléiritheoir teilifíse le RTÉ atá inti agus
tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht.
teacht i dtír
take advantage, capitalise on
Bhí buachaillí óga le feiceáil timpeall na tíre ag baint úsáide as a gcuid camán mar bhata cruicéid agus as a gcuid sliotar mar liathróid chruicéid, ar feadh scaithimh i rith an tsamhraidh ar aon nós! Maidir le 2008, beidh le feiceáil cé acu an bhfuil sé de chumas ag lucht an chruicéid
teacht i dtír ar an aird agus ar an dea-thoil a tugadh dó in 2007 nó nach bhfuil.
ag teacht i dtír
taking advantage of, utilising
Ach níl muid
ag teacht i dtír ar an spéis ata acu sa cheol, agus níl muid ag cur réimse leathan ceoil ar fáil dóibh.
ag teacht i dtír ar an fheiniméan,
taking advantage of the phenomenon
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás –
ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl
taking advantage of what is happening
htm) le fios, tá comhlachtaí áirithe Éireannacha
ag teacht i dtír ar a bhfuil ar siúl san earnáil cheana féin.
daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht
people whose naivety was exploited
Is é fírinne an scéil ná go raibh na daoine a bhí i gceist ar an teorainn: fir de réir an dlí, ach
daoine ar thángthas i dtír ar a soineantacht dar le lucht déanta an scannáin.
ag teacht i dtír ar an dea-thoil
taking advantage of the goodwill
**Imeachtaí eile**Le cois na n-imeachtaí a bhfuil baint dhíreach acu le Seachtain na Gaeilge, bíonn eagraíochtaí agus tionscadail eile
ag teacht i dtír ar an dea-thoil i leith na teanga a bhíonn i gceist le linn choicís na féile.
teacht i dtír ar chruachás Ahern
to take advantage of Ahern's hardship
Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí
teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
taking advantage of the threat of narcotic terrorism.
Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
lena bheatha a thabhairt i dtír.
to earn his living
”Rinne Lunny agus Davey cúig cheolchoirm le chéile ag an am ach níor éirigh go rómhaith leo agus rinne Donal cinneadh díriú ar léiriú albam agus ar obair sheisiún
lena bheatha a thabhairt i dtír.
lena bheatha a thabhairt i dtír amháin;
to make a living only;
”
Is léir nach bhfuil an obair seo ar bun ag Julian
lena bheatha a thabhairt i dtír amháin; is léir go bhfuil spreagadh intreach aige chomh maith.
lena mbeatha a thabhairt i dtír
to earn their living
Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht
lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus
ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch
to take advantage of the innovative service
Má tá fonn ort anois cliceáil ar an gcnaipe nascleanúna le héalú ón alt scanrúil seo, ná déan! Ní gá tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn sintéis gutha
le teacht i dtír ar an tseirbhís nuálaíoch atá curtha ar fáil acu siúd atá i mbun an tionscadail.
ag teacht i dtír.
coming inland
“*Failt erriu dys Mannin”* (Fáilte romhat go Manainn) a bhí scríofa ar chomhartha agus mé
ag teacht i dtír.
ag teacht i dtír ar ár n-imní
taking advantage of our worry
Ach an bhfuil aon chontúirt ann go bhfuiltear
ag teacht i dtír ar ár n-imní? An féidir muinín iomlán a bheith againn as ceannairí ghluaiseacht na gcomhshaolaithe? Nó an bhféadfadh aidhmeanna folaigh a bheith ag cuid acu?
Ina óráid ag tús Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Chomhshaol agus Forbairt (UNCED) sa bhliain 1992, dúirt an fear a bhí ag feidhmiú mar ard-rúnaí ar an gcomhdháil, Maurice Strong: “*.
a thagann i dtír
come inland
I measc na ndaoine a ghabhtar agus a charcraítear faoin mbeartas seo tá cuairteoirí a sháraíonn coinníollacha
a víosa agus iad siúd ar mian leo tearmann a bhaint amach ach
a thagann i dtír gan chead.
a tháinig i dtír
who arrived ashore
Is féidir linn a rá, dá bhrí sin, go raibh Gaeilge ag an chuid is mó de na hÉireannaigh
a tháinig i dtír i Learpholl.
caitheadh i dtír
thrown ashore
Tréigeadh cuid nach beag acu ar cibé oileán a dtéadh na longa i dtír ann, agus caitheadh go dona leo arís ag muintir dúchais cibé oileáin in ar
caitheadh i dtír iad.
teacht i dtír air
to take advantage
Tá a leithéid de chóras lochtach, dar liom, agus is furasta don té atá mí-ionraic
teacht i dtír air.
ag teacht i dtír
benefitting
An Spéis ina Leithscéal
Tá iontas le feiceáil ar aghaidheanna na gcuairteoirí agus iad ag siúl thart go ciúin machnamhach ag grinniú na marbhán agus na mball coirp éagsúil atá ar taispeáint agus is mar gheall ar an spéis ollmhór seo a chosnaíonn Premier Exhibitions iad féin ón ghearán go bhfuil siad
ag teacht i dtír ar na mairbh agus ag tacú leis an sárú atá á dhéanamh ar chearta daonna sa tSín.
i dtír
ashore
Roghnaíodh an dáta seo mar an lá náisiúnta de bharr gur cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil ar 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig an chéad chabhlach
i dtír i gCuan Sydney.
ag teacht i dtír
landing, coming ashore
Nuair a thosaigh iarrthóirí na hÁise
ag teacht i dtír as báid neamhúdaraithe ag lorg tearmainn go luath sna nóchaidí, cuireadh i bhfeidhm beartas na coinneála éigeantaí, ar bhonn tacaíochta dépháirtí.
teacht i dtír ar
to gain from
Thapaigh SAM an deis ansin
teacht i dtír ar an easaontas, agus thosaigh siad ag maoiniú rialtas Barre le thart ar $100 milliún in aghaidh na bliana.
tháinig i dtír
landing
Thug mé cur síos i mBeo i Mí Eanáir ar na tuairimí difriúla a bhí ann maidir leis an teanga a bhí ag na hÉireannaigh a
tháinig i dtír i Learpholl 1845-1850.
i dtír
ashore
Thug mé cur síos i mBeo i Mí Eanáir ar na tuairimí difriúla a bhí ann maidir leis an teanga a bhí ag na hÉireannaigh a tháinig
i dtír i Learpholl 1845-1850.
i dtír
ashore
Teideal a thuill sé as na pictiúir fuinniúla, neamhghéilliúla a sheol sé chucu inar thaispeáin sé saighdiúirí Meiriceánacha ag teacht
i dtír ar D-Day nó radharcanna ó Chogadh Cathartha na Spáinne.
ina scrios i dtír
a pest
Tá sé
ina scrios i dtír ann anois, agus tá an-dochar déanta acu do ghnáthóga sobhriste an fhásaigh.
thagann i dtír
benefits
Ba le fórsaí míleata na Nigéire, ar ndóigh, a bhain na fir armáilte a ransaigh an baile agus ceacht á thabhairt acu don mhionlach eitneach Ogoni gan cur in aghaidh údaráis na Nigéire ná an comhlacht ola Shell a
thagann i dtír ar an acmhainn aiceanta atá go fras sa Deilt Nigéireach i ndeisceart na Nigéire.
teacht i dtír
to benefit from
In áit síneadh láimhe a thabhairt dóibh, molaimse go mbunófaí ciste ar leith a thabharfadh deis do fheirmeoirí na tíre
teacht i dtír ar an tionscal.
tháinig i dtír
arrived, came ashore
(Beo, Eagráin 80 agus 103)
Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a
tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
tháinig i dtír
arrived, came ashore
(Beo, Eagráin 80 agus 103)
Is é tuairim chiotach Belcham nach raibh ach Béarla ag na mílte Éireannach a
tháinig i dtír i Learpholl, ach thaispeáin Frank Neal ina leabhar *'Black '47*' nach raibh sin fíor, agus tacaíonn an taighde a rinne an tUrramach Abraham Hume i Learpholl i 1850 le tuairim Neal.
tháinig i dtír
arrived
Nuair a toghadh Rudd ina phríomhaire sa bhliain 2007 cuireadh i bhfeidhm dúnghaois inimirce nua a bhí ní ba bháúla le lucht iarrtha tearmainn a
tháinig i dtír as báid neamhúdaraithe, mar a míníodh ar an iris seo (Eagrán 97, Bealtaine 2009).
teacht i dtír
to come ashore
Cuireadh deireadh le dúnghaois an iar-rialtais, ar ar tugadh an Pacific Solution de bharr gur tógadh na daoine a rinne iarracht
teacht i dtír gan chead go hoileáin éagsúla san Aigéan Ciúin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais dídine.
i dtír
to land
Scríobh mé faoin scéal seo ar Beo, in eagrán 32, Nollaig 2003, faoin teideal 'Dinnseanchas Merseyside' mar tháinig an chuid is mó acu
i dtír anseo.
dul i dtír
to land
Fuair siad cead ó Edelfrida ansin, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana,
dul i dtír ag Wirral.
theacht i dtír
come ashore
Meastar gurb é Droichead Choinn Uí Neill an struchtúr is ársa i mBéal Feirste, áit ar ghnách le duine de na tiarnaí Gaelacha deireanacha as a bhfuil sé baiste
theacht i dtír le fíon smuigleáilte ón abhainn a dtugtar an *Connswater* anois air.
i dtír
ashore
Tá oidhreacht Bhriotanach láidir san Astráil gan amhras, ach is tír ilchultúrtha í anois agus bhí an mhuintir dhúchais anseo le daichead míle bliain sular tháinig an Chéad Loingeas
i dtír.
tháinig i dtír
landed
Nárú agus Manus
=========
Bhí na páirtithe coimeádacha i réim sna blianta tosaigh den chéad seo nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe, eagraithe ag gáinneálaithe daoine, a
tháinig i dtír plódaithe le teifigh ar chúiseanna tearmainn.
teacht i dtír ar
to benefitting from
Saothrófar na milliúin ar na turasóirí ar fad a mheallfaidh na mórimeachtaí seo, ach le
teacht i dtír ar na fámairí chucu, ní mór a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh leo.
teacht i dtír ar
to take advantage
Ar an 3 Meitheamh, d’eisigh al-Qaeda físeán eile — is beag stiúideo i Hollywood atá chomh gnóthach leo — inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne a rugadh agus a tógadh i gCalifornia, a lucht leanúna i Meiriceá (más ann dóibh)
teacht i dtír ar lúb ar lár sna dlíthe gunnaí ansin agus jihad foréigneach a fhearadh.
Roinnt an Eolais i dTír Aineoil
sharing info in a strange country
”
Roinnt an Eolais i dTír Aineoil
=================
Dá gcasfadh stráinséirí ar a chéile idir Munich agus Cologne, nó idir an Ghinéiv agus Milan, ní húdar iontais a bheadh ann.
ag baint a mbeatha i dtír
making a living
Go deimhin bhí comhaltaí áirithe
ag baint a mbeatha i dtír go huile is go hiomlán ag freastal ar na cruinnithe seo agus ar chinn de chuid na gComhairlí Contae.
tháinig i dtír
arrived
Chomh maith le siamsa Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Scoil Rince Mhic Fhearghusa, d'inis complacht aisteoirí áitiúla scéal faoi dhídeanaí ón Drochshaol a
tháinig i dtír sa chathair i 1847, dráma a bhí an-fhóirsteanach mar labhair Séamas Ó Duineacháin ag Cuimhneachán ar an Drochshaol an tráthnóna sin i lár na cathrach.
tháinig i dtír leis
arrived with
Mar sin féin, tá tionchar na Gaeilge fós le brath ann: ó iarsmaí na teanga a
tháinig i dtír leis na himircigh sa naoú haois déag go dtí an spéis atá á cothú sa teanga ag díograiseoirí i gcathair Melbourne na laethanta seo.
ag eagrú teacht i dtír
organizing the landing
Tá Wallasey ar an leathinis Cilgwri, idir na haibhneacha Merswy agus Dyfrdwy, os comhair Learpholl, agus bhí Méara an bhaile, Moira McLaughlin i láthair chun fáilte a chur roimh an Ollamh Stephen Harding, atá
ag eagrú teacht i dtír an bháid sa cheantar agus tá Paul Mercer atá ina chúntóir ag bunáit an togra: Haugesund san Iorua.
a mbeatha a bhaint i dtír
to make a living
Tá an t-eitleán bán ag bagairt arís, faraor agus caithfear iarracht a dhéanamh in athuair a chinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta
a mbeatha a bhaint i dtír ina gceantair dhúchais.
ag tógáil clainne i dtír iasachta
raising a family in a foreign country
Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo:
ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
theacht i dtír air
to benefit from it
Tabharfaidh sé spreagadh do Ghaeil i gcéin, agus b’fhéidir go ndéanfadh Páirc an Chrócaigh iarracht thréan ar
theacht i dtír air luath nó mall.
thugann a mbeatha i dtír go fóill
making a living
Ar ndóigh tá daoine ar an oileán a
thugann a mbeatha i dtír go fóill.