Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iasachta foreign
" Ba é an Síneach an chéad chuairteoir iasachta a fuair leaba agus lóistín saor in aisce i dteach aíochta úr an rialtais, Farmleigh, lámh le Páirc an Fhionnuisce.
teanga iasachta Eorpach European foreign language
" As seo amach, tosófar ag múineadh teanga iasachta Eorpach sa *scuola elementare* seachas sa *scuola media* agus múinfear an dara teanga iasachta do dhaltaí agus iad sa dara scoil sin.
iasachta foreign
" Eaglais iasachta ======= Bhí agus beidh an Eaglais Chaitliceach i gcónaí ina heaglais "iasachta" agus mhionlaigh sna Stáit Aontaithe, tír a bunaíodh i 1776 le fréamhacha doimhne Protastúnacha, agus ina rabhthas i gcónaí in amhras mar gheall ar aon rud "pápánta".
thíortha iasachta foreign countries
" Is ar na cathracha móra, go háithrid Sydney agus Melbourne a thugann formhór na ndaoine ó thíortha iasachta a n-aghaidh, in ainneoin iarrachtaí an rialtais daoine a mhealladh chuig bailte níos lú nó amach faoin tuath.
iasachta foreign
" Sampla eile is ea focail iasachta sa chaint bheo, seachas focail chumtha chun Béarla a sheachaint, nach féidir le haon chainteoir a thuiscint.
iasachta foreign
" Nuair a tháinig mé go hOllscoil na Gaillimhe ar scéim Erasmus, cuireadh na mic léinn iasachta ar fad a bhí chun freastal ar an Léann Ceilteach amach go dtí an Cheathrú Rua ar feadh míosa chun cúrsa speisialta a dhéanamh in Áras Mháirtín Uí Chadhain.
ó thíortha iasachta from foreign countries
" Tá iascairí áitiúla, daoine óga ó Ghalicia, ón Spáinn agus ó thíortha iasachta ag obair ó dhubh go dubh chun na tránna agus na carraigeacha a ghlanadh.
iasachta foreign
" Is athrú suntasach é seo ar an gcaidreamh le tíortha iasachta a bhí ag an Spáinn le cúig bliana is fiche anuas.
infheistíocht iasachta foreign investment
" Ní hamháin go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur isteach ar chúrsaí turasóireachta, ach tá sé ina bhac ar infheistíocht iasachta chomh maith.
iasachta foreign
" Tá cúpla clár fáisnéise ó thíortha iasachta ar nós na Bainglaidéise agus na Maláive déanta chomh maith acu do TG4.
muintir na n-ainmneacha aisteacha éagoiteanna iasachta those with strange, uncommon foreign names
" Leis an fheachtas reifrinn atá ar siúl acu tá siad ag iarraidh an Bunreacht a leasú chun muintir na n-ainmneacha aisteacha éagoiteanna iasachta a choinneáil amach as an tír.
teanga iasachta a foreign language
" Chomh maith leis sin, bhí mé róbhuartha faoi na botúin go léir, ach thuig mé i ndiaidh tamaill go bhfuil siad nadúrtha agus tú ag foghlaim teanga iasachta.
iasachta loan
" Chosain an tionscadal uilig cuid mhór orm, agus is dócha go mbeidh mé ag díol na hiasachta ar ais leis an bhanc go Lá Sheoin Dic; ach is fiú achan leathphighin domh é - a bheith ábalta a rá go ndearna mé "ar mo bhealach féin é", mar a déarfadh John Beag Sinatra! An rud atá á lorg agam anois, áfach, ná dream leis an dlúthdhiosca a dháileadh, so má tá comhlacht seachadta ar bith amuigh ansin atá ag iarraidh cúpla euro a dhéanamh orm …! AÓF: Agus céard atá ar an dlúthdhiosca seo go díreach? BNM: Tá trí amhrán déag air, 11 i nGaeilge agus dhá cheann i mBéarla.
infheistíocht dhíreach iasachta a mhealladh to attract foreign direct investment
" Sa chéad dul síos, tá sé práinneach go gcuirfear na seirbhísí seo ar fáil go forleathan, ionas nach ndéanfar damáiste do chumas na tíre infheistíocht dhíreach iasachta a mhealladh.
mar theanga iasachta as a foreign language
" Tá go leor leor oibre déanta ar theagasc an Bhéarla mar theanga iasachta mar gur tionscal ollmhór é.
iasachta foreign
" Agus, cé go bhfuil na seandiúlaigh seo ag dul anonn in aois, agus cé go bhfuil mearbhall na mblianta ag teacht orthu, tá a gcuid Gaeilge chomh glan agus chomh glinn agus chomh saor ó thionchar iasachta agus a bhí riamh.
Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta. We depend too much on direct foreign investment.
" Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta.
iasachta foreign
" Ní fhéadfaí a rá go gcuimhníonn lucht an rachmais atá ag fostú cuid de mhuintir na dtíortha iasachta seo ar chomh fada siar is a théann an eisimirce in Éirinn.
teanga iasachta foreign language
" Níl sé furasta teanga iasachta a fhoghlaim, ach tá sé níos deacra fós má tá ort í a fhoghlaim trí theanga iasachta eile.
teanga iasachta foreign language
" Ina theannta sin, tá sé cruthaithe in Albain nach raibh an oiread sin tóra ar an Ghàidhlig nuair a bhí rogha le déanamh idir í agus teanga iasachta, mar shampla.
ar bhonn iasachta on a loan basis
" I lár na seachtóidí, d’imigh an bainisteoir, Pól Ó Foighil, agus d’fhiafraigh Príomhfheidhmeannach Ghaeltarra agus an Chomharchumainn de Phádraig an mbeadh sé sásta dul i mbun oibre mar bhainisteoir an Chomharchumainn le haghaidh bliana ar bhonn iasachta, a fhad is a bheadh duine eile á lorg acu.
ó dhaoine iasachta from foreign people
" Agus má tá muid ag súil le vótaí ó dhaoine aisteacha mar sin – gabh mo leithscéal, *I mean* ó dhaoine iasachta mar sin – bhuel is daoine aisteacha a chaithfear a thabhairt dóibh mar iarrthóirí.
i dteanga iasachta in a foreign language
" ” Tá Kings san iomaíocht d’ainmniúchán do Ghradam Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta – an chéad uair riamh ar tharla sé seo i gcás scannán Gaeilge – agus tá Tom Collins ag súil go gcuideoidh an scannán agus an phoiblíocht ar fad le haird a tharraingt ar an dea-obair atá á déanamh ag muintir Aisling agus ar an dóchas atá á thabhairt ag an obair sin do na céadta Éireannach a bheadh cráite agus caillte gan é.
beoracha nua iasachta new foreign beers
" Mar gheall ar mhórchumhacht dáileacháin na n-ollghrúdlanna, bhíodar in ann beoracha nua iasachta a chur ar fáil don ghnáth-thomhaltóir Meiriceánach – beoracha mar Guinness, Harp, Bass, Stella Artois, Becks, Boddingtons, agus Löwenbräu ina measc.
i dtíortha iasachta in foreign countries
" Is é an rud is fearr liomsa faoi am a chaitheamh i dtíortha iasachta ná an deis a fhaigheann tú a bheith ag amharc ar an chultúr agus ar iompar na ndaoine, is é sin, an chuma atá ar mhuintir na háite, an dóigh a maireann siad agus an dóigh a gcaitheann siad a gcuid laethanta.
dtír iasachta a foreign country
" Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
thír iasachta a foreign country
" Coisceann an dlí L622-1, dlí atá i bhfeidhm ó 1945, ar gach saoránach agus ar dhaoine atá ag cur fúthu go dleathach sa Fhrainc cabhrú le duine ó thír iasachta nach bhfuil i dteideal cearta inimirce ‘teacht isteach, saorthaisteal thart nó tréimhse a chaitheamh’ sa tír.
longa iasachta foreign ships
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
iasachta foreign
" Cara mór dá chuid a bhí sa radharceolaí, agus mhínigh sé údar chuid trioblóidí Chuach dó go deas caoin cneasta: dúirt sé go raibh ball éigin iasachta ag cur isteach ar a iris.
Iasachta foreign
" Reáchtálann an Roinn sin Clár na dTeangacha Iasachta, rud nach mbeifeá ag súil leis ó roinn teangeolaíochta (gáire), ach d’oibrigh sé domsa toisc go bhfuaireamarna, na mic léinn iarchéime go léir, deis iontach teangacha Iasachta a mhúineadh ar chlár a leag béim láidir ar an tumoideachas agus ar chumas comhrá.
iasachta foreign, 'lone'
" Ní úsáidtear an focal ‘iasachta’ i mo leith ach sin a bhíonn i gceist.
iasachta foreign
" Bíonn scileanna oibrithe iasachta ag teastáil ó stáit shaibhre is dhaibhre ar na saolta seo.
iasachta foreign
" In Albain, áit a bhfuil an Ghaeilge acu féin ina hábhar roghnach, is beag ráchairt a bhíonn ar an teanga i measc scoláirí dara leibhéil le hais teangacha iasachta Eorpacha.
iasachta foreign
" Mar thír bheag, níl sé de chumas ionainn an Béarla a bheith mar gné phríobháideach againn chun sinn a chosaint ó fhórsaí iasachta.
iasachta foreign
" Tá Anna féin den tuairim gur teanga í an Ghaeilge atá i bhfad níos deacra ná teangacha iasachta eile.
iasachta foreign
" I ráiteas a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn faoi chás Commins, dúradh: Nuair atá fuadach duine i gceist, d’fhéadfadh faisnéis íogair a bheith ag seirbhísí slándála, ag rialtais iasachta nó ag idirghabhálaithe eile, faisnéis a bheadh fíorthábhachtach chun go saorfaí go slán sábháilte an duine, nó na daoine sa chás áirithe seo, atá faoi choinneáil.
infheisteoirí ó thíortha iasachta foreign investors
" Biseach ar an mBrasaíl =========== Ní nach ionann agus ceannairí eile de chuid na heite clé i Meiriceá Theas, áfach, níor chuir rialtas Lula an ruaig ar infheisteoirí ó thíortha iasachta.
tír iasachta foreign country
" Má tháinig sí agus roinnt daoine eile slán ón longbhriseadh, tá a deartháir, Sebastian, caillte agus is léir faitíos uirthi faoi céard atá i ndán di sa tír iasachta seo darb ainm Illyria.
Múineadh Teangacha Iasachta foreign language teaching
" Tá mé ag teagasc na Gaeilge i gColáiste Elms in Iarthar Massachussets mar chuid den chlár Fulbright, Cúntóirí Múineadh Teangacha Iasachta.
d’fhocail iasachta amháin only for foreign words
" Tá an méid céanna litreacha san aibítir Chatacánach is atá san aibítir Hireagánach ach úsáidtear d’fhocail iasachta amháin í, fágaim, ハンバーガー (Hám-á-bá-gá) (borgaire) nó ainmneacha iasachta, cuir i gcás, ヨハネ(John.
an oiread sin focal iasachta so many foreign words
" ) Bhi ionadh orm an oiread sin focal iasachta a fheiceáil sa tSeapáinis.
Iasachta foreign
" - **‘Incendies’ - Denis Villeneuve** - Eisiúint Cineama - **‘Biutiful’ - Alejandro Gonzalés Inárritu** - Eisiúint DVD Ba é ‘Incendies’ ainmniúchán Cheanada don Osgur i mbliana, sa rannóg ar a dtugtar ‘An Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta’ – ní mise a chum ná a cheap an t-ainm sin.
iasachta foreign
" Bhuaigh sé duais ag an bhFéile Scannán in Cannes sa bhliain 2006 agus ainmníodh é don duais Oscar mar an scannán is fearr i dteanga iasachta sa bhliain chéanna.
hairgeadra iasachta foreign currency
" Cuntasóir a bhí ann! Cuntasóir nach bhféadfadh déileáil le hairgeadra iasachta.
ag tógáil clainne i dtír iasachta raising a family in a foreign country
" Bheadh tuiscint ag na hÉireannaigh i Sasana ar théamaí an dráma seo: ag tógáil clainne i dtír iasachta; ag éisteacht leo ag fás aníos le blas *Scouse/Brummie/Cockney* ar a gcuid cainte; ag filleadh abhaile leo chun samhradh ídileach a chaitheamh i measc do mhuintire féin; agus an t-imni a bhionn ort faoi drochthionchar na cathrach móire orthu.
ba de bhunadh na hiasachta were of foreign extraction
" Bhí seachtar nó ochtar ag fanacht leis an mbus faoi seo, agus ba de bhunadh na hiasachta dá dtrian díobh.
an teanga iasachta is coitianta the most common foreign language
" Tá an uachtaránacht seo faoi phobal na hEorpa agus is é an Béarla an teanga iasachta is coitianta atá ar bhéal na ndaoine.
Córas iasachta úr a bheas acu they’ll have a new loan system
" Córas iasachta úr a bheas acu.
focail iasachta foreign words
" Murab ionann is Rialtas na Fraince, atá i ndiaidh an Commission générale de terminologie et de néologie a chur ar bun chun téarmaíocht nua a chruthú a shaibreoidh an Fhraincis agus a chosnóidh í ó thionchar an Bhéarla, tá Rialtas na Gearmáine sásta glacadh leis go dtiocfaidh na focail iasachta seo isteach sa Ghearmáinis agus go bhfeidhmeoidh siad mar lagchúiteamh nó ersatz ar sheanfhocail na Gearmáinise de réir a chéile.
Ní hionann focail iasachta i dteanga a foreign word in a language is not the same as
" Ní Buille go Cnámh É, Fós ============ Ní hionann focail iasachta i dteanga agus meath teanga, áfach.
theanga iasachta a foreign language
" Chuala mé trácht ar theastas TEFL nó teastas i múineadh an Bhéarla mar theanga iasachta, ach bhí amhras orm ina leith ar dtús.