in áit an fhíona
instead of wine
"Níl fonn fíona orm anocht," arsa Deirdre, "faigh gloine *cider*
in áit an fhíona domhsa fosta.
in áit an fhíona
instead of wine
"Níl fonn fíona orm anocht," arsa Deirdre, "faigh gloine *cider*
in áit an fhíona domhsa fosta.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
Is léir go bhfuilimid
in áit na leathphingine maidir le saibhreas, agus an timpeallacht nádúrtha.
an sop in áit na scuaibe
a poor substitute
Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis
an sop in áit na scuaibe.
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt
which is supposed to offer respite
Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
in áit na ngiorrúchán
instead of the abreviations
Mar sin, tá ainmneacha suíomh gréasáin nua ag éirí níos faide agus níos faide - agus tá daoine ag úsáid frásaí iomlána mar sheoltaí
in áit na ngiorrúchán a bhí coitianta go dtí seo.
in áit do ghnáthleathanaigh baile
in the place of your usual home page
com" isteach i do bhrabhsálaí idirlín, feicfidh tú suíomh ag comhlacht i Hong Kong atá tar éis an t-ainm sin a cheannach - suíomh dána a dhéanann iarracht é féin a chur
in áit do ghnáthleathanaigh baile.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
An raibh a fhios acu siúd nach dtiocfadh le Trimble glacadh leis an doiléireacht ab éigean don IRA, dar leo féin, a chur thart ar an díchoimisiúnú? Má bhí a fhios, cad chuige nár fhuascail Trimble agus Adams an cheist sular thosaigh an damhsa?
Agus an SDLP fágtha
in áit na leathphingine - is cinnte go dtitfidh siad níos faide ar chúl Shinn Féin - agus na haontachtaithe scoilte, fágann sin *Godzilla *versus *Megalon*, Sinn Féin in éadan an DUP, san idirbheartaíocht d'anam na Sé Chontae i ndiaidh an toghcháin seo.
ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin
the money must be found somewhere
Agus an borradh mór geilleagrach tráite go maith faoin am seo, áfach,
ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin.
in áit teachín
instead of a small house
Cuirtear in iúl i dtuairiscí den chinéal seo gur féidir, ar an bpraghas céanna, *villa *deas mór a cheannach in áit the ghalánta cois farraige,
in áit teachín, cur i gcás, i mBaile Átha Cliath 8 nó a mhacasamhail d'áit i gCorcaigh nó i nGaillimh.
in áit na leathphingine
in second place
Siúd is go bhfuil craiceann na fírinne air seo, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghearmáinis agus an Bhaváiris fágtha
in áit na leathphingine sa lá atá inniu ann.
in áit na ngnáthréalt
in place of the regular stars
Tarlóidh sé ar Lá na Saoirse, an 4 Iúil, nuair a shíneoidh daoine ar fud na Stát an dearbhú sin agus é curtha faoi bhun bratacha bréige ar a bhfuil lógónna na gcorporáidí móra ar nós IBM, Exxon agus McDonald's curtha
in áit na ngnáthréalt a sheasann don 13 stát bunaidh de chuid an aontais.
in áit eachtrannach
in a foreign place
An tríú rud ná an mothúchán a bhuaileann tú nuair atá tú
in áit eachtrannach, uaireanta - "iasc as uisce", mar a deirtear.
fágfar in áit na leathphingine é
it'll be left behind
Tá Aer Lingus i riocht fíorfholláin faoi láthair ach caithfear leanstan leis an fhorbairt nó
fágfar in áit na leathphingine é.
gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna
that I had to stay longer in places
Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé
gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail.
le háit a chur in áirithe
to book a place
Ach is féidir go bhfuil infheistíocht déanta ag na meirligh cheana féin in Oideas Gael, nó tá sé tugtha faoi deara acu siúd a thugann rudaí mar sin faoi deara go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin ag tairiscint *cashback* i nótaí sterling *Northern Bank *do gach duine a úsáideann cárta creidmheasa
le háit a chur in áirithe ar chúrsaí na bliana seo.
in áit iargúlta
in a remote place
"Thig leatsa troid a thosú
in áit iargúlta, fiú le clár fógraí," a dúirt Dave liom nuair a d'inis mé an scéal dó.
in áit na leathphingne
in the halfpenny place
Le fada bhí lucht iomána den tuairim gur
in áit na leathphingne a bhí siad (seachas i ndornán contaetha i ndeisceart na tíre) maidir le cinntí agus pleanáil i gCLG.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
Más eiseamláir é an siúl sléibhe don turasóireacht i gcoitinne níl Éire ach
in áit na leathphingine i gcomparáid lenar gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
in áit na seanfhoirgneamh
in place of the old buildings
Tógfar tithe nua
in áit na seanfhoirgneamh agus beidh na ceantair níos tarraingtí mar gheall air seo, de réir an Leas-Phríomhaire, John Prescott.
in áit suíomh eile nuachta
instead of other news sites
Cuireann *blogs *ar chumas daoine cineál de nuachtlitir a scríobh ar líne agus bíonn sé suimiúil tuairiscí ar *blogs* a léamh ó am go ham
in áit suíomh eile nuachta.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
Ar an drochuair don UUP agus do David Trimble, d’fhág an mhuinín a bhí ag Blair in Adams agus McGuinness an páirtí a rialaigh na Sé Chontae
in áit na leathphingine ach atá sé chomh glinn soiléir sin go bhfuil straitéis nua curtha i bhfeidhm fud fad ghluaiseacht na poblachta, straitéis nach mbaineann úsáid as an lámh láidir.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
“Chaill na hAlbanaigh dáimh leis an chultúr traidisiúnta a bhí, mar a déarfaidh Allan MacDonald leat, sáite sa chultúr Gaelach a caitheadh
in áit na leathphingine ar feadh na gcianta,” arsa Brian.
In áit talaimh thorthúil
instead of fertile land
In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.
in áit na soiléireachta
instead of clarity
Ach doiléire atá anois ann
in áit na soiléireachta.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
“Aontaím le David McKittrick ón *Independent *a dúirt go bhfuil Protastúnaigh ag glacadh ról na gCaitliceach ó thuaidh, go measann siad go bhfuil siad curtha
in áit na leathphingine ag an rialtas.
in áit na Laidine
instead of Latin
Chuir siad béim ar an Sean-Tiomna, agus bhain siad úsáid as teangacha na ndaoine
in áit na Laidine.
in áit na Gaeilge éigeantaí
in place of compulsory Irish
Is cuma cé mhéid cainte a dhéanann siad faoina “léirmhíniú” siúd agus faoin idirdhealú idir comórtais idir-ranna agus comórtais inmheánacha, is é an tuiscint atá ag an phobal ná go bhfuil creimeadh tagtha ar an chóras a tháinig
in áit na Gaeilge éigeantaí.
in áit dhraíochtúil
in a magical place
Níl an áit rófhorbartha, i gcomparáid leis na láithreáin sa Téalainn, san Éigipt agus araile, agus tagann daoine ar ais go Tofo arís agus arís eile chun leas a bhaint as na háiseanna iontacha agus chun bheith
in áit dhraíochtúil.
in áit ceannasaíocht a léiriú ar cheist
instead of showing leadership regarding an issue
Claonadh aige cinntí conspóideacha a chur ar an mhéar fhada agus dul i muinín coistí
in áit ceannasaíocht a léiriú ar cheist.
ullamh agus in áit
ready and in place
Dixon in airde ina ndiaidh, gach rud
ullamh agus in áit dó.
áit a chur in áirithe
to book a place
Déanaim turais eagraithe a sheachaint de ghnáth, ach seachas carr a thógáil ar cíos, rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh, ní raibh mórán de rogha agam ach
áit a chur in áirithe ar thuras i Windhoek, príomhchathair na tíre.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
Ach go dtí go mbeidh córas iomlán cosán ar fud na tíre, agus cead fánaíochta ann, beidh Éirinn
in áit na leathphingine i gcomparáid lenár gcomharsana ar mhór-roinn na hEorpa.
a chur in luí ar mhuintir na háite
to convince the locals
Ba dheacair
a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
in áit inteacht a bhfeicfidh mé iad.
somewhere I'll see them.
Éist liom anois agus coinnigh do dhá lámh
in áit inteacht a bhfeicfidh mé iad.
in áit an phictiúir chonspóidigh
in place of the controversial photo
Is éard a chuireamar
in áit an phictiúir chonspóidigh ná athair agus mac de bhunadh na hEorpa agus iad ar a sáimhín só cois tine – chuir sé sin bolscaireacht na Naitsithe i gcuimhne domsa.
in áit na leathphingine
in the halfpenny place
Níl Cogadh na hIaráice ach
in áit na leathphingine le hais an spóirt seo.
in áit iontach
in a great position
Tá siad
in áit iontach sa mhéid is go dtig leo bheith ag foghlaim “ar an láthair” sa rialtas ó thuaidh, áit a bhfuil “fíorpholaitíocht” agus na fadhbanna a bhaineann léi i gceist.
in áit ar leith.
in a special place.
Nuair a shúigh mé isteach an t-aer úr, agus nuair a chonaic mé dul faoi na gréine agus éirí na gealaí an chéad oíche sin, bhí a fhios agam go raibh mé
in áit ar leith.
in áiteanna iomadúla
in numerous places
Is féidir teacht ar nuacht
in áiteanna iomadúla sa lá atá inniu ann ach ní raibh aon chlár dírithe ar phobal Polannach na hÉireann.
i leabharlann nó músaem in áit éigin,
in a library or musem somewhere,
Níl a fhios agam an bhfuil ainm Richard de Walton luaite i lámhscríbhinn Éireannach
i leabharlann nó músaem in áit éigin, agus ainm an chailín a d’fhuadaigh sé in Éirinn luaite inti fosta.
in áit na Sionainne;
instead of Shannon;
Beidh Aer Lingus ag cur eitiltí ar fáil go Heathrow as Béal Feirste,
in áit na Sionainne; tá Fianna Fáil ag beartú iarrthóirí a chur chun cinn sna toghcháin ó thuaidh; eagraíodh an fhreagairt ar ghéarchéim an ghalair crúibe agus béil ar bhonn uile-Éireann.
nach bhfaighinn in aon áit eile.
that I wouldn't get anywhere else.
Thug sé an méid sin cabhrach agus comhairle agus meantóireachta dom,
nach bhfaighinn in aon áit eile.
in áit thar a bheith ciúin.
in an extremely quiet place.
“Táimid ag iarraidh go mbeidh an t-ionad an-tarraingteach do phobal na Gaeilge agus go mbeidh sé lárnach; faoi láthair táimid
in áit thar a bheith ciúin.
in áit na leathphingine
on the hind tit
Tá reachtaíocht ag teacht i bhfeidhm, de réir a chéile, a chinnfeas nach
in áit na leathphingine a bheas an teanga seo againne, i saol na 26 contae ar a laghad ar bith.
An tseiris in áit an tsearbhais
sherry rather than bitterness
An tseiris in áit an tsearbhais
Ba é an chéad rud a bhí le tástáil ná seiris ghéar fhuaraithe.
An sup in áit na stuaime
a drop too much
An sup in áit na stuaime
Níor luaithe trácht ar an tseiris thart ná go raibh leathghloine de Champagne Pol Roger os mo chomhair amach.
In áit
instead
09) gur ann do marché noir
In áiteanna éagsúla san ardchathair ina mbíonn tairgí bia ar díol (iógart, liamhás srl) atá imithe ó mhaith de réir an dáta ar an bpacáiste nó torthaí agus glasraí atá idir maothlaithe is meathlaithe agus nach bhfuil, dá bhrí sin, indíolta a thuilleadh.
in áit
instead of
Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre
in áit an lón a cheannach gach lá.
An tImreas in áit na hImeartha
fighting instead of playing
An tImreas in áit na hImeartha
Ní cuis díomá dom nach spéis leo an pheil, ach a mhalairt.
in áit na garaíochta
able to do things
Tharla san EMU sinn agus gur i lár báire sinn, bhíomar
in áit na garaíochta don dá thaobh i gcónaí agus rinneamar go maith as dá bharr.
in áit
instead
Ach léiríonn an toghchán is deireanaí san India go bhfuil muintir na tíre sin ag féachaint ar aghaidh
in áit a bheith ag amharc siar.
in áit
instead of
Anois,
in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is rómhinic ar fad sinn ag seoladh ‘sonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.
in áit an ghrá
in place of love
com/watch?v=rUUuD0oh81o)
Tá seanrá ag na Sínigh - ‘Go mairir an céad d’fhonn díoltas a imirt ar do pháistí’, ach i ndomhan an auteur Ostaraigh áirithe seo, ’s iad na páistí a imríonn díoltas gan taise ar thuistí is ar shochaí atá seasc, brúidiúil, ina bhfuil an ghangaid
in áit an ghrá.
cruthaíodh in áit na mbonn
created in a jiffy
(Teanga neamhsheasmhach le gramadach shimplí agus a
cruthaíodh in áit na mbonn chun cumarsáid a dhéanamh is ea pidsean).
sop in áit na scuaibe
a poor substitute
I ndomhnach, is beag nár éirigh leis, ach cúpla lá dár gcionn ba léir nach raibh ann ach
sop in áit na scuaibe.
fágtha in áit na leithphingne
left with the crumbs
”
Agus tá an dearcadh sin láidir i measc dreamanna éagsúla ó thuaidh, go bhfuil an mheánaicme ag baint tairbhe as an Stormont úr agus go bhfuil an aicme oibre
fágtha in áit na leithphingne.
in áit éigeantais
instead of compulsion
**“Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh
in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasfear níos fabhraí a chothú dí.
in áit na leithphingine
in a bad way
Ar an dóigh chéanna, is iomaí scáilbhaile a fheicfeas tú faoin tuath freisin a fágadh
in áit na leithphingine nuair a dhún an líne traenach chéanna.
in áit
instead of
Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh
in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
in áit teannadh leis
instead of drawing towards
B’iontach mar sin féin an chaoi ar phill na daoine ar Fhine Gael,
in áit teannadh leis an Lucht Oibre, cuirim i gcás.
in áit
rather than
Ag tús na 1980í fuair sí scoláireacht le dul ar an Ollscoil i Meiriceá le bheith ag staidéar agus ag imirt leadóige ach
in áit beatha aoibhinn an scoláire a chaitheamh, d'imigh Caitríona léi go Nicearagua agus go hEl Salvador, áit ar chuir sí faobhar ar a cuid polaitíochta.
in áit éigeantais
instead of compulsion
Sa Dáil ag an am dúirt an tAire Richie Ryan, a bhí freagrach as na hathruithe a chur i bhfeidhm, go raibh an Rialtas “lán-mhuiníneach go musclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh
in áit éigeantais, dea-mhéin breise don Gaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmasféar níos fabhraí a chothú di.
In áit
instead of
In áit gabháltais a bhainistiú, chuir sé a ainm orthu agus thug sé úinéireacht na n-áiteanna do chomhlachtaí eile.
In áit mo chroí a chrochadh
instead of lifting my heart
In áit mo chroí a chrochadh, ’sé an chaoi gur chuir an tsiúlóid dath dubh ar sin chomh maith.
in áit na leathphingine
was in the doldrums
Bhí an iomáint
in áit na leathphingine mar sin i gcomórtas leis an bpeil Ghaelach sa chontae is mó daonra sa tír.
in Áit an Chúitimh
instead of recompense
An Dea-fhocal
in Áit an Chúitimh
==================
Ní costais na seirbhísí amháin, ar ndóigh, a chuireann isteach ar an phobal.
chasúr a úsáid in áit an chleite
using a hammer instead of a feather
An fhadhb is mó a bhí ag lucht a fhreasúra ina gcoinne ná an tslí gur shocraigh lucht a dhréachta ar
chasúr a úsáid in áit an chleite.
in áit gníomhú air
instead of acting on it
Chuir siad tuarascáil ghonta le chéile le moltaí maithe ach
in áit gníomhú air, bunaíodh coiste le comhairle a chur ar an rialtas.
In áit an chiúnais
instead of quiet
In áit an chiúnais, bhí torann agus rírá ann.
In áit leas na tíre a chosaint
rather than defending the country
In áit leas na tíre a chosaint chuirfeadh diúltú don chonradh bac ar an obair thábhachtach sin.
gheobhainnse a bheith in aon áit
I could live anywhere
Bhuel,
gheobhainnse a bheith in aon áit, mé féin, ach b’fhearr liom a bheith fén dtuaith.
is mó atá in áit na leithphingine
who are mostly on the bottom rung of the ladder
Ar bhonn staidrimh, is iad na Caitlicigh
is mó atá in áit na leithphingine.
In áit na hacmhainní ar fad beagnach
instead of almost all of the resources
In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí? Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.
míchéadfa in áit suaimhnis
discontent replacing tranquillity
B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais,
míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
fós in áit na leathphingine
still in the starting blocks
Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis
fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
In áit naofa stairiúil atáim
I’m in a historical and sacred place
In áit naofa stairiúil atáim, áit a d’fhéadfadh bheith mar Mecca Los Irlandes ar an mór-roinn seo toisc gurb í Maranhao suíomh an chéad Lá Fhéile Phádraig i Meiriceá theas.
in áit a bheith
rather than
D’fhéadfaí í a leanacht timpeall an chúinne, i ngan fhios di b’fhéidir, sa chaoi go dtiocfaí aníos léi agus dúshlán cainte a thabhairt di,
in áit a bheith ag tathaint uirthi, rud ar bith le teacht thart uirthi.
i bhfolach in áit amháin
concealed ina particular place
Thréig an bheirt acu an chathair an lá dár gcionn agus mhaigh Mc Laughlin gur chuir Stokes an tiachóg
i bhfolach in áit amháin ar a mbealach ó dheas agus gur chaith sé an uirlis champála sa choill in áit éigin eile.
in áit na leathphingine
at the bottom of the pile
Riamh anall, bhí muidinne, Caitlicigh,
in áit na leathphingine sa chathair seo.
in áit strainséartha
in a strange place
An Duais
====
**Cóip den leabhar 'Smuf’ le Alan Titley**
Smuf:
Conas a mhothófá dá bhfágfadh do mhuintir ar thaobh an bhóthair thú
in áit strainséartha – agus dá n-imeoidís leo sa charr? Sin é go díreach a tharlaíonn do Smuf, laoch an úrscéil seo.
Tharla macasamhail seo in áiteanna eile
the likes of this happened in other places
Tharla macasamhail seo in áiteanna eile timpeall na tíre a raibh antoiscigh roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtánach, agus b'é bun agus barr an scéil gur choinnigh an Páirtí Daonlathach greim daingean ar an Seanad, rud nach rabhthas ag súil leis.
in áit a mhalairt a dhéanamh
rather than doing the opposite
Chuir mé an cheist sin, mar thaifid sí a guth ar tús sular chuir sí na huirlisí leis na hamhráin atá ar Clocks
in áit a mhalairt a dhéanamh.
ar an uirlis is mian leat in aon áit
on any instrument you wish to anywhere
99 an tseirbhís céanna gan fógraí
ar an uirlis is mian leat in aon áit.
in áit a bheith gafa ag
rather than be occupied with
Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos!
Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach
in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
In áit a bheith á shéanadh
rather than denying it
Airgead Amú
====
In áit a bheith á shéanadh, ba cheart dúinn a admháil go bhfuil airgead poiblí á chur amú ar an nGaeilge agus ansin a bheith chun tosaigh ag déanamh moltaí faoi bhealaigh ina bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh níos feidhmiúla, le go mbeadh toradh níos fearr ar an gcaiteachas.
In Áit na Garaíochta
in a position to help others
In Áit na Garaíochta
=======
“Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
sásta fanacht in áit na leathphingne
content to remain bereft of respect
"Ceann de na rudaí a tharla sna 70í a bhí difriúil ná, i ndiaidh an imtheoranaithe, gur léir nach raibh an pobal náisiunaíoch
sásta fanacht in áit na leathphingne.
in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas
rather than making their own mind up
(Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!)
Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus
in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.
in áit mar shaothar ealaíne
rather than as a piece of art
Cuirtear béim go minic ar ealaín a theánn i bhfeidhm mar ‘eispéireas coincheapúil’
in áit mar shaothar ealaíne atá luachmhar ina cháilíocht féin agus in ainneoin nach bhfuil téama i gcoitinne ag na píosaí sa taispeántas i mbliana, is minic tagairtí iontu don tsaint, do mhí-úsáid chumhachta agus do phobail ag obair faoi scáth a chéile.
in áit fuath a bheith agam ar
rather than hating
Ach
in áit fuath a bheith agam ar an stáitín ina bhfuil mé i mo chónaí, thuig mé níos fearr cad chuige nár smaoinigh mé riamh ar an áit a fhágáil.
dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách
to place two wheels in places I wouldn’t visit usually
Tugann an rothar saoirse dom fosta
dhá roth a leagan in áiteanna nach ligfinn cos iontu de ghnách, mar sin, tá mé ag teacht ar eolas mo bhaile dhúchais féin.
in áit na brústocaireachta
rather than lobbying
Ina leabhar cáiliúil “*The Myth of the Rational Voter*”, mhaígh Bryan Caplan gurb í míréasúnacht an vótálaí an tsiocair is mó le drochpholasaithe sna tíortha daonlathacha (
in áit na brústocaireachta nó na caimiléireachta cuirim i gcás).
in áit an-chontúirteach
in a severe predicament
Sílim go bhfuil Ghaeilge
in áit an-chontúirteach.
in áit inteacht eile
somewhere else
Caidé a thugann tú ar bhurgar de chuid Tesco a thit isteach sa BBQ agus atá dóite? Black Beauty! Níl caill ar bith ar bhurgair Tesco, ach b’fhearr liom féin My Lidl Pony! Agus mar bharr ar an donas: Tá an oiread sin ocrais orm go dtiocfadh liom capall a ithe – Imigh leat chuig Tigh Tesco agus faigh burgar duit féin! Hó! Hó! Hó!
Agus ós ag caint dúinn ar dhaoine a bhíonn ag gáire os ard, gearradh 5% de phinsean na nIarthaoiseach i mbliana, ach síleann Balor go mbeidh siad in ann na heachbhurgair de chuid Tesco a sheachaint, agus go mbeidh siad in innimh a gcuid burgar a cheannach
in áit inteacht eile.
in áit an fhoirgnimh úir ghalánta
as distinct from the magnificent new building
Tugann sí moladh mór don scolaíocht a fuair sí i mbunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae, is é sin na seanbhotháin
in áit an fhoirgnimh úir ghalánta atá anois ann.
in áit ar bith
anywhere
Ba bheag nár thit mé i laige nuair a fuair mé amach gurb é an focal atá ann do bheoir ná cerveza! Cé nach raibh mé i bhfad ón mbaile, an bhféadfainn maireachtáil san áit choimthíoch seo ar feadh bliana, i ndáiríre?
Cur i bhFeidhm na dTeoiricí
============
Go teoiriciúil agus TEFL déanta agat, tá tú ceaptha a bheith in ann an Béarla a mhúineadh
in áit ar bith ar domhan, ón mBablóin go Timbeactú! Déantar na ranganna a theagasc d’eachtrannaigh sa sprioctheanga amháin, is cuma cén leibhéal teanga atá acu sa teanga sin.
in ómós d'áilleacht na háite
dedicated to the place’s beauty
Tharla leathbhliain roimhe sin agus mé i mo shuí sa halla céanna ag éisteacht le ceol gur scríobh mé sliocht i mBreatnais
in ómós d'áilleacht na háite.
in áiteanna éagsúla leis na huaisle
with the upper class in various places
Mhínigh Annie Carroll gur chaith Pádraig tamall i Sasana agus in Albain mar chláirseoir cheapaithe
in áiteanna éagsúla leis na huaisle.
in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht
rather than giving them the duty of entertainment …
An trí pobail éagsúla a chur ag iomaíocht in aghaidh a chéile, i gcomórtas seanchaite gan mórán toradh fadthréimhseach? Beidh an cúram ar Ghael-Linn dul ag plé le ‘oideachas in earnáil an bhéarla’,
in áit an cúram a chur orthu siamsaíocht trí mheán na Gaeilge a eagrú is a spreagadh is a chothú, rud a theastaíonns go géar, le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge í a úsáid go sóisialta.