Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gníomhú ina aonar act alone
" Ní féidir leis an gcomhlacht gníomhú ina aonar maidir leis na cúrsaí seo agus go dtí go gcuirfidh Foras na Gaeilge breis acmhainní ar fáil do ÁIS, na dáilitheoirí leabhar, ní thiocfaidh aon fhorbairt ar an tionscal.
ina haonar by herself
" Chuaigh sí ansin ina haonar ach bhí aithne mhaith aici ar go leor ceoltóirí a bhí ag maireachtáil sa chathair de bharr go raibh tréimhse caite aici ag obair i gclub darbh ainm PN Hithouse i gceantar Schwabing a mbíodh grúpaí Sasanacha ag seinm ann.
ina aonar on his own
" Oibríonn siad fiú agus é ina aonar ag canadh lena ghiotár.
a luaithe a bhí sé ina aonar as soon as he was on his own
" Duine é a d'fhág ina dhiaidh clúid an bhaile agus, a luaithe a bhí sé ina aonar, a lig scread as a mheabhródh ainmhí dúinn: madra a mbeadh fearg air agus a bheadh ag bagairt foréigin ar an saol, nó a bheadh i bpianaigh, nó an dá rud.
ina haonar by herself
" Nuair a bhuailim le hÉireannach den chéad uair is léir dom nach dtuigeann sé an chúis ar fhoghlaim Meiriceánach mná an Ghaeilge ina haonar.
ina n-aonar on their own
" Chuir sí i gcuimhne don lucht éisteachta nósanna an phobail náisiúnaigh i rith laethanta fada na dTrioblóidí: "Má chonaic muid duine éigin ar thaobh an bhóthair agus é nó í á cheistiú ag na póilíní, bhí an fhreagracht orainn stopadh, agus gan iad a fhágáil ina seasamh ansin ina n-aonar.
ina n-aonar by themselves
" Deir seisean go gcaithfidh an tAontas Eorpach rud éigin a dhéanamh faoin cheist - níl rialtas Westminster ábalta mórán a dhéanamh ina n-aonar, dar leis an aire.
ina n-aonar on their own
" Is duine iontach dáigh mé!” Is minic a chloistear mic léinn thaighde ag gearán faoin saol uaigneach atá acu, agus iad scoite amach ina n-aonar, ar a ndícheall ag iarraidh “an diabhail tráchtas” a chríochnú.
ina aonar on his own
" Seasann an bainisteoir ina aonar i ndeireadh thiar.
ina n-aonar. by themselves.
" Tá súil agam go bhfuil spreagadh tugtha agam do dhaoine atá ag streachailt leis an Ghaeilge ina n-aonar.
ag seinm ina aonar playing solo
" ag seinm ina aonar Beidh ceolchoirm mhór ag Spillane agus de Paor le linn Oireachtas na Samhna i nDoire ach sna míonna amach romhainn leanfaidh Spillane air ag seinm ina aonar den chuid is mó, mar a dhéanann sé de ghnáth.
bhí Stone ina chadhan aonair, Stone was acting on his own,
" Mar a bhí nuair a mharaigh sé triúr ag tórramh na ndaoine a maraíodh i nGiobráltar, bhí Stone ina chadhan aonair, ach in 2006 tá an chomhthéacs athraithe ar fad.
ina aonar by himself
" Maidir leis an albam nua, chuala mé scéal faoi Jim Coleman, deartháir le Michael Coleman, go raibh eagla air roimh an dorchadas agus nár thaitin sé leis riamh a bheith ag imeacht ina aonar ó theach go teach san oíche ag seinm ceoil.
ina aonar by himself
" Mar shampla, ceann de na scéalta cáiliúla faoi Sheán Óg ná go ndeachaigh sé ag traenáil ina aonar an lá i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann cúpla bliain ó shin in áit fanacht sa leaba tamaillín níos faide ar maidin.
foilsíodh ina aonar é. it was published by itself.
" Níl i *Whanau* ach gearrscéal eile – ach dúradh liom go raibh sé rófhada le cur le *Pounamu Pounamu*, agus foilsíodh ina aonar é.
ina chillín aonair in his lone cell
" Bhí sé ina chillín aonair ar feadh i bhfad, áit a ndeachaigh a shláinte fhisiceach agus intinne in olcas.
triúr ina n-aonar three on their own
" Bhí drochthoradh ar an fhaisean seo le déanaí: fuair cúigear bás ar Choire an t-Sneachda i bPàirc Nàiseanta a’ Mhonaidh Ruaidh in Albain an geimhreadh seo, i mí na Nollag agus mí Eanáir, triúr ina n-aonar agus beirt le chéile.
ina n-aonar by themselves
" Chuir Daire in iúl dom go scríobhann na baill na hamhráin ina n-aonar ach go dtagann siad ar fad le chéile ansin chun na cinn is fearr a roghnú le cur ar albam.
ina aonar, on his own,
" Fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill.
ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, trying to raise his children on his own,
" **An bob a buaileadh ar shaol na healaíne**Cuireadh céad síol na caimiléireachta i dtosach sa bhliain 1985 nuair a chuir Myatt, a bhí ag streachailt le go leor fadhbanna ina shaol pearsanta agus é ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, fógra san iris aorach Private Eye.
ní leor an chruthaitheacht ealaíonta ina haonar, artistic creativity alone does not suffice,
" ” Is fear cruthaitheach é Irial, ach ní leor an chruthaitheacht ealaíonta ina haonar, dar leis.
ina n-aonar mar dhánta on their own as poems
" Theastaigh uaim go seasfadh na haistriúcháin Bhéarla ina n-aonar mar dhánta.
a d'eisigh sé ina aonar which he released on his own, i.e. solo
" ” Cén fáth, mar sin, nach bhfuair Condell riamh an t-aitheantas a bhí ag dul dó as na halbaim ar fad a d'eisigh sé ina aonar le breis is tríocha bliain anuas?“Níl an saol cothrom.
ina n-aonar alone
" Is ionann sin agus ceithre mhilliún duine a mhothaíonn scoite amach ón gcuid eile den phobal nó ina n-aonar, nach mbíonn ach fíorbheagán caidrimh acu le daoine muinteartha leo, le comhghleacaithe oibre, le cairde nó le comharsana.
ina haonar alone
" Thaitin sé léi a bheith ag déanamh cur síos uirthí féin agus mhínigh sí go raibh seo amhlaidh mar gur chaith sí an oiread sin ama ina haonar agus go raibh aithne níos fearr aici uirthi féin ná ar dhuine ar bith eile.
le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair to put a sparkle in his one poisonous eye
" Ar Son na Drúise ======= Den chéad uair le trí scór bliain fuair Balor bearradh gruaige, agus cheannaigh sé buidéal Optrex le loinnir a chur ina shúil nimhe aonair.
ina aonar, nach mór almost on his own
" Go tobann bhí an tUachtarán Obama ina aonar, nach mór, agus pobal Mheiriceá ag éileamh air go láidir gan an tSiria a bhuamáil.
ina n-aonar alone
" Agus an oiread sin againn ag teacht le chéile mar chairde, ní mór dúinn cuimhneamh ar dhaoine atá faoi strus, daoine atá ina n-aonar, nó daoine atá scartha uathu siúd is ansa leo.
ina chadhain aonair completely on his own
" Is léir ó mheamram rialtais ón 25 Feabhra, go raibh an tAire Ó Tuathail, ina chadhain aonair mar nach raibh duine ar bith eile sa rialtas ag tacú leis an phlean.
ina aonar by himself
" Chaith Tadhg Ó Muiris roinnt mhaith blianta ag foghlaim na Gaeilge ina aonar ach bhí an-leisce air an teanga a labhairt an chéad uair a bhuail sé le cainteoir líofa.