Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go hiomadúil abundantly
" Tá a seanáitribh fós le feiceáil go hiomadúil mar a bhfuil cathracha is dúnta, liosanna, ráthanna, clocháin, is galláin.
ina sluaite iomadúla céadacha in vast numbers
" Dar leis an bheirt acu - é féin agus an glór - go dtiocfaidh muintir na hÉireann amach ina sluaite iomadúla céadacha le vóta a chaitheamh ar a shon.
slua iomadúil a vast crowd
" Bhí Leamh ina sheasamh ar ardán, slua iomadúil ag stánadh air agus slua níos iomadúla fós ag éisteacht le chuile fhocal as a bhéal fríd na callairí.
in áiteanna iomadúla in numerous places
" Is féidir teacht ar nuacht in áiteanna iomadúla sa lá atá inniu ann ach ní raibh aon chlár dírithe ar phobal Polannach na hÉireann.
sluaite iomadúla numerous crowds
" Amach as gach poll sa tír a tháinig siad, ina scaiftí líonmhara, ina sluaite iomadúla.
iomadúla numerous
" Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
iomadúla many
" Fuair Derek Hill rud ansin, nach raibh fáil aige air sna háiteanna iomadúla eile a bhí siúlta aige ina shaol.
fhoinsí iomadúla many sources
" Tugtar le chéile anseo ábhar ó fhoinsí iomadúla agus, go deimhin, tá roinnt den ábhar á fhoilsiú ar dhlúthdhiosca den chéad uair.
jamonerías iomadúla many ham shops
" Sna jamonerías iomadúla crochtar cosa deiridh leasaithe na muc ón tsíleáil, agus baintear anuas iad lena ngearradh de réir mar a bhíonn glaoch orthu.
iomadúla numerous
" Is féile mhór sa Ghailís í, mar a gcaitear mórán ama ag ullmhú faoi choinne na dtinte cnámh iomadúla.
cleathainsí iomadúla many bits and pieces
" Chuaigh Riverdance chomh mór sin i bhfeidhm ar dhaoine gur ghin sé tionscal damhsa: na scoileanna rince, na compántais a thriallann ar na ceithre hairde, na cláir theilifíse, na siopaí a chuireann na cleathainsí iomadúla ar fáil do na rinceoirí féin (stocaí, smideadh, gúnaí, bréagfhoilt, bróga, idir chrua is éadroma) Ní baol go ndéanfaidh an pheil Ghaelach ná an iomáint thar lear aithris ar an rath céanna go luath.
pointí iomadúla a scag innumerable points inspected by
" Ar na pointí iomadúla a scag an Rapporteur Speisialta, ar Ceanadach é darb ainm François Crépeau, is fiú béim faoi leith a leagan ar dhá cheann.