Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceardchumann na n-iriseoirí the journalists' trade union
" Ach in ionad áthas a bheith ar lucht na meán go bhfuil leasuithe breise á mbeartú tá ceardchumann na n-iriseoirí ag clamhsán mar gheall ar roinnt de na moltaí eile a chreidtear a dhéanfaidh an tAire iarracht a shleamhnú isteach sa bhille.
iriseoirí journalists
" Is féidir a bheith cinnte go dtuillfidh sé cuid mhaith airgid freisin ón mbrabús a dhéanfar ar an leabhar atá á scríobh ag beirt iriseoirí Mheiriceánacha ina thaobh faoi i láthair.
an ruaig a chur ar bheirt iriseoirí to chase off two journalists
" B'éigean do Bruce an ruaig a chur ar bheirt iriseoirí ón *Daily Mail *ó leac a dhorais féin.
fíorbheagán iriseoirí a small number of journalists
" Chinntigh dlíthe leabhail an stáit seo nach raibh ann ach fíorbheagán iriseoirí arbh fhiú dóibh fíoririseoireacht fhiosraitheach a chleachtadh.
iriseoirí journalists
" Thit ciúnas domhain ar a raibh i láthair sa gcúirt, idir iriseoirí, ghardaí, lucht dlí agus lucht féachana, agus d'fhan siad ina dtost an fhad is a bhí na mionsonraí scáfara á dtabhairt ag an gceannfort.
iriseoirí journalists
" "Nuair a smaoiním ar a láidre is atá an Ghaeilge ina lán ceantar go fóill, ar chumas foirfe scríbhneoirí agus iriseoirí na Gaeilge, ar thacaíocht an phobail do na Gaelscoileanna agus ar an meas a thugtar go coitianta don dúchas, díbrím an duairceas agus bím dóchasach arís.
iriseoirí journalists
" Ní bhíonn cead isteach ag iriseoirí chuig cruinnithe den choiste rúnda seo, agus ní eagraítear preasócáidí ina ndiaidh chun an saol mór a chur ar an eolas faoin méid a thit amach iontu.
iriseoirí journalists
" Deir na hiriseoirí Kevin Myers agus Toby Harnden go bhfuil baill den RUC agus den Gharda tar éis ainmneacha na beirte Gardaí a thug eolas don IRA a chur in iúl go príobháideach dóibh siúd.
iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach journalists from the conservative publications
" B'fhéidir gur chreid iriseoirí na bhfoilseachán coimeádach sinne sa deireadh, nuair a chuala siad an méid sin.
iriseoirí journalists
" Chuir lucht PJ Carroll an-suim sa scéim nua agus chuaigh na hiriseoirí ansin i dteagmháil le Rúnaí CLG ag an am, Seán Ó Síocháin.
iriseoirí gairmiúla professional journalists
" Is iriseoirí gairmiúla iad.
iriseoirí journalists
" “Le go mbeidís in ann é sin a dhéanamh, theastódh níos mó iriseoirí uathu.
iriseoirí journalists
" Chuir feidhmeannach a raibh blianta fada caite aige leis an FBI in iúl an mhí seo caite gurbh eisean an té a chas leis an bheirt iriseoirí ón *Washington Post, *Bob Woodward agus Carl Bernstein, i dtús na seachtóidí.
baicle iriseoirí a group of journalists
" Ach i mBaile na hAbhann, bhí tú i measc baicle iriseoirí agus b’éigean duit bheith ag troid le dul amach ar an mbóthar.
baicle iriseoirí a crowd of journalists
" Goilleann sé orm a rá, i bhfianaise na géarleanúna a rinneadh ar Dolores McNamara, buaiteoir *Euromillions *le déanaí, go bhfuil cur chuige Hutts beo beathaíoch i measc baicle iriseoirí sa tír seo.
iriseoirí journalists
" Stormontgate ======= Níorbh fhéidir an colún seo a scríobh gan tagairt a dhéanamh do Stormontgate, an bronntanas Nollag is fearr le fada d’iriseoirí na tíre.
ní mé ar iriseoirí iad I don't know if they were journalists
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
méid bocht iriseoirí agus craoltóirí a great number of journalists and broadcasters
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid bocht iriseoirí agus craoltóirí ag fámaireacht thart i gConamara ag lorg líon teoranta scéalta.
iriseoirí óga cíocracha young hungry journalists
" Nach aisteach, mar sin, gur beag úsáid a bhain na meáin Ghaeilge as ó tharla é a bheith tagtha ar an saol mórán an am chéanna is a bhí iriseoirí óga cíocracha ag saothrú ghort na hiriseoireachta den chéad uair? Ní haon strainséir í an tsluasaid sa Ghaeltacht agus b’fhéidir go bhfuil sé in am anois ag iriseoirí na Gaeilge níos mó ama a chaitheamh ag tochailt agus ag salú a gcuid lámh.
iriseoirí, journalists,
" Chuireadar amach 300 pacáiste go dtí daoine, go dtí iriseoirí, stáisiúin raidió, nuachtáin, *so* tá siad taobh thiar de.
iriseoirí journalists
" Agus fiú nuair atá scúp agat, bíonn ort seasamh sa scuaine fhada d’iriseoirí ó na hionaid chomhairimh eile, scuaine leictreonach, ar bís lena scéalta féin a chur ar an aer.
iriseoirí na Breataine journalists of Britain
" An rud ba mhó faoin alt seo a chuir olc orthu thall ná gur thóg sé seachtain ar iriseoirí na Breataine teacht ar an bharúil chéanna.
iriseoirí, journalists
"iriseoirí, polaiteoirí, aos dána agus oideachasóirí faoi agallamh – Catherine Foley ón *Irish Times*, an t-amhránaí Áine Ní Cheallaigh, polaiteoirí ar nós Bhairbre de Brún agus Mary Hanafin agus an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen.
tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí the opinion of the commentators and the journalists
" Bhí sé thar am d’Eddie imeacht -- b'in tuairim na dtráchtairí agus na n-iriseoirí agus bhí port Eddie seinnte.
as measc iriseoirí uile na Gaeilge out of all the Irish language journalists
" ceart go leor, a eagarthóir, seo é: Balor: Míle buíochas leat, a Ian, siocair gur roghnaigh tú mise as measc iriseoirí uile na Gaeilge agus an Bhéarla agus na Polainnise, le cúpla ceist a chur ort agus tú anois ag teacht chuig deireadh do réime.
iriseoirí journalists
" Ba léir dom láithreach gur seo ceist atá curtha ag iriseoirí uirthi go minic agus go bhfuil sí dubh dóite de bheith á freagairt.
iriseoirí journalists
" Tar éis an pheaca sin, tharla ionradh na meán ar an mbaile beag seo, agus sárú eile prótacail nuair a rith iriseoirí *Pākehā* (Nua-Shéalannaigh gheala) i dtreo an *marae* (teach an phobail Mhaoraigh) gan chuireadh.
cuid mhór iriseoirí eachtrannacha a lot of foreign journalists
" Bhí ollsmacht i gceist i gcás meán áirithe agus ní raibh cead ag cuid mhór iriseoirí eachtrannacha úsáid a bhaint as an ngréasán domhanda ag amanna ar leith.
go leor iriseoirí a lot of journalists
" ” Chuir go leor iriseoirí tús lena ngairm agus iad ag obair ar bhonn deonach le Raidió na Life: Sharon Ní Bheoláin (RTÉ), Sinéad Crowley (Nuacht RTÉ), Aideen Gormley (Lyric FM) agus Tom O’Brannigan (98fm).
glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí new generation of writers and journalists
" Tháinig glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí chun cinn a bhuíochas dó.
iriseoirí spídiúla spiteful journalists
" Agus is cuma cé mhéid lúbadh atá á dhéanamh ag iriseoirí spídiúla ar na staidrimh - agus in ainneoin iarrachtaí lucht cosanta na teanga na hionsaithe a fhreagairt go macánta le figiúirí agus le fírinne - chaithfeá a adhmháil go bhfuil a dteachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar sciar mhaith den phobal.
bunús na n-iriseoirí most of the journalists
" Scaoileadh bunús na n-iriseoirí chun bealaigh agus ní bheidh fágtha ach dornán beag iriseoirí chun scéaltaí a fhiosrú is a bhailiú.
iriseoirí reporters
" Balor an Bhéil Bhinn a roghnaíodh as measc iriseoirí uile na liarlóige seo chun aghaidh a thabhairt ar chathair cháiliúil sin na beorach cois locha i Stáit Aontaithe Mheiriceá, féachaint cad é mar a bhí ag éirí leo thall agus lagtrá an gheilleagair ag brú go géar orthu.
iriseoirí journalists
" Ar chúl mo chinn ó shin, tá mé ag smaoineamh ar an intinn atá ag roinnt mhaith iriseoirí spóirt, atá ag iarraidh “pay to play” a thabhairt isteach sna Cluichí Gaelacha: an bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh sárimreoirí iomána is peile ag éileamh suimeanna airgid ollmhór le fanacht ag imirt lena gclubanna áitiúla agus lena gcontaethe dúchais? Ní dóigh liom é.
d’iriseoirí áirithe certain reporters
" agus ina raibh seachadadh litreacha le seoltaí Gaeilge ina chnámh spairne! Mar is gnách ag an am seo bliana tugadh, réamhspléachadh d’iriseoirí áirithe ar chomhaid rialtais a bhaineann le tríocha bliain ó shin.
iriseoirí cathrach urban journalists
" Baintear feidhm as iriseoirí cathrach chun na scéalta a ghoradh nó a fhás agus úsáidtear leis Twitter agus Facebook agus ligtear do na léitheoirí iad féin gach uile scéal a chíoradh ina bhfocail féin.
iriseoirí journalists
" Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin.
iriseoirí reporters
" Is fada iriseoirí agus dlíodóirí in adharca a chéile faoi chearta an duine aonair saol príobháideach a bheith aige agus saoirse cainte na meán.
iriseoirí is tráchtairí áirithe certain journalists and commentators
" Bhí cuid de na hAirí sách faiteach faoin méid sin airgid poiblí a chaitheamh, ar mhaithe le stáisiún teilifíse trí Ghaeilge, i bhfianaise an fheachtais láidir ar bun ag iriseoirí is tráchtairí áirithe sna meáin, ar thug Michael D.
iriseoirí bochta na hÉireann Ireland’s poor press hacks
" Is é atá ag dó na geirbe aige ná go bhfuil údaráis na Róimhe de chuid na hEaglaise Caitlicí Críostaí ag bualadh bachaille ar iriseoirí bochta na hÉireann.
ceardchumann neamhspleách d’iriseoirí Gaeilge na tíre a bhunadh to found an independent trade union for Irish journalists
" Nach mithid ceardchumann Éireannach a thosú d’iriseoirí na hÉireann? Thiocfadh linn toiseacht le hiriseoirí Gaeilge an t-am seo thart? Bíonn deis achan bhliain ag Oireachtas na Gaeilge ceardchumann neamhspleách d’iriseoirí Gaeilge na tíre a bhunadh.
Bunús na n-iriseoirí a maraíodh most of the reporters who were killed
" Bunús na n-iriseoirí a maraíodh i mbliana, sa tSiria a maraíodh iad (17); An Éigipt (6) agus An Phacastáin (4) ina dhiaidh.
d'iriseoirí taifid den chineál sin a thabhairt do for journalists to give records of this type to
" Ní ghnáthchleachtas é d'iriseoirí taifid den chineál sin a thabhairt do na Gardaí gan ordú cúirte ach deineadh eisceacht an iarraidh seo.
ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi she doesn’t allow reporters to bother her in the least
" Tuigeann sí nach gá di a bheith sa nuacht i gcónaí agus ní ligeann sí d’iriseoirí cur isteach ná amach uirthi.
nochtann iriseoirí aitheanta well known reporters reveal
" Sa leabhar seo nochtann iriseoirí aitheanta, atá in ard a maitheasa faoi láthair, a gcuid rún faoi na modhanna oibre a chleachtann siad chun scéalta a aimsiú agus a sheachadadh.
iriseoirí ilfhiosracha multi-enquiring reporters
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
idir iriseoirí gairmiúla including professional journalists
" Tá meitheal ardchaighdeáin scríbhneoirí ag an iris, idir iriseoirí gairmiúla agus scríbhneoirí den chéad scoth, agus iad ina gcónaí in Éirinn agus i dtíortha ar fud an domhain.
iriseoirí journalists
" Tá athruithe móra á ndéanamh ar dhlíthe clúmhillte na tíre seo den chéad uair le daichead bliain anuas, ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, níl na hiriseoirí róshásta le cuid de na hathruithe atá á mbeartú.
iriseoirí journalists
" Sa dara cuid de 2002, thosaigh go leor daoine ag rá le Tom Deignan, agus le hiriseoirí eile, go raibh an chaint ar fad sna meáin ar uafás an 11 Meán Fómhair ag cur as dóibh, go raibh sé in am éirí as an chlúdach leanúnach a bhí i gceist go dtí sin.
iriseoirí journalists
" Tá cuid den teicneolaíocht a d'úsáid iriseoirí le linn an chogaidh san Iaráic á húsáid ag comhlachtaí tacsaí i mBaile Átha Cliath agus i roinnt de na gutháin nua shoghluaiste atá ag teacht ar an margadh le tamall anuas.