Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lámh láidir violence
" Más ag beartú uirlisí úra foréigin a bhí siad, is droim láimhe é do na náisiúnaithe sin a raibh an dóchas acu go raibh deireadh ag teacht le lámh láidir na bpoblachtánach.
seachas an lámh láidir a úsáid ar an toirt instead of using violence immediately
" Is é an tuairim choitianta anois gur cheart do Mheiriceá agus don Bhreatain seasamh siar ar feadh tréimhse eile agus deis a chur ar fáil réiteach a aimsiú, seachas an lámh láidir a úsáid ar an toirt.
lámh láidir agression
" Creideann na hagóidithe go spreagfaidh lámh láidir na Meiriceánach thar lear na sceimhlitheoirí chun gnímh, go ndéanfar glúin nua daoine a earcú do Al Qaeda.
seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne instead of using force against them
" Bheadh sé níb éifeachtaí deireadh a chur leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na hIaráice le dhá bhliain déag anuas agus pobal na tíre a mhealladh le cineáltas agus le cabhair seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne.
in éadan na láimhe láidre opposed to violence
" Bhíodh an SDLP i gcónaí in éadan na láimhe láidre, mar sin ní thuigim cén fáth a bhfuil siad ag cur fáilte roimh Raytheon agus ag cuidiú leo.
polasaí na láimhe láidre policy of violence
" Ach deir aontachtaithe gur mian leis an Trimbleach "comhghéilleadh stairiúil" a dhéanamh le náisiúnaithe, ach poblachtánaigh deireadh a chur le polasaí na láimhe láidre.
an lámh láidir strong-arm tactics
" Thiontaigh an tUachtarán, Gonzalo Sánchez de Losada, nó el Goni mar a thugtar air, ar an lámh láidir; d'ordaigh sé don Arm na hagóidí a chur faoi smacht agus dhiúltaigh sé glan ceist an gháis a phlé le ceannairí na n-agóidí a fhad is a leanfaidís ar aghaidh ag agóid.
níos faide ar shiúl ón lámh láidir further away from violence
" Má thig le hAdams agus a chairde bogadh níos faide ar shiúl ón lámh láidir, tá *vista* an-phléisiúrtha rompu, ainneoin iarrachtaí Michael McDowell.
an lámh láidir physical force
" Ó thaobh na bpoblachtánach de, nuair a bhíonn an lámh láidir in úsáid acu, is é a bhíonn ar siúl acu ná "housekeeping" - ag iarraidh smacht "carthanach" a choinneáil ar a bpobal.
leis an lámh láidir by force
" Thar na blianta, tá iarrachtaí déanta ag na Spáinnigh an Charraig, mar a ghlaotar ar an réigiún, a athghabháil - leis an lámh láidir uaireanta agus le comhráití uaireanta eile - ach níor éirigh leo.
go bhfuil lá na láimhe láidre thart that physical force has had its day
" Caithfidh an ráiteas cur ina luí ar na haontachtaithe go bhfuil lá na láimhe láidre thart ó thaobh na bpoblachtánach de.
lámh láidir violence
" Cad é mar a d’aithneofá na daoine óga sin a chreideann gurb é an lámh láidir an dóigh amháin lena luach a fháil ón Stát? Cad é mar a mheasann tú neart an mhíshuaimhnis a mhothaíonn na daoine is boichte sa tír agus an fonn chun troda a chruthóidh sé? Bhí muid ar fad thíos leis an chíréib an tseachtain seo caite, ach má thógtar ceisteanna fá na cúiseanna a spreag daoine – má bhí cúiseanna ar bith acu – le dul i mbun an fhoréigin, beidh gar déanta.
chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart persuaded them that the time for physical force was over
" ” Thug an páirtí ról do na fir chrua ina measc, chuir ar a súile dóibh go raibh lá na láimhe láidre thart agus go mbainfeadh siad a gcuspóir amach trí mheán na polaitíochta.
an lámh láidir physical force
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
lámh láidir. violence
" Ba mhinic fosta nach mbíodh aon leisce ar na póilíní úsáid a bhaint as an lámh láidir.
mhuintir na láimhe láidre the men of violence
" Níorbh amhlaidh é do mhuintir na láimhe láidre, áfach.
lámh láidir violence
" d’éilimh na nEmberá, is é an lámh láidir atá tugtha ag eagraíochtaí paraimíleata na heite deise dóibh.
lámh láidir a úsáid to use force
" Thug Vladimir Putin aitheasc breá forásach os comhair chomhaltaí an fhóraim, á mholadh aige go n-oibreodh na tíortha éagsúla as lámh a chéile, ach ní foláir a chuimhneamh go raibh port an-difriúil á sheinm bliain ó shin, nuair a bhagair an Chreimil go mbeidís toilteanach an lámh láidir a úsáid chun a gcearta san Artach a chosaint.
lámh oilte láidir strong trained hand
" Bíonn tionchar ar an aigne ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
na láimhe láidre violent
" Chuaigh siad i bhfiáin le hearraí galánta a fháil saor in aisce - "siopadóireacht na láimhe láidre" mar a thug duine amháin air.
an lámh láidir force
" Rinne go leor leor daoine an tUachtarán a cháineadh go trom as an daoradh príosúin a gearradh ar na mná (an daoradh is lú don chineál sin coire i gcúirteanna na Rúise), rud a léiríonn, dar leo, an lámh láidir atá in úsáid ag an rialtas atá inchurtha le trialacha easaontóirí i ré dhorcha Shóivéideach na Rúise.
bagairt na láimhe láidre the threat of violence
" 
Bhí polaiteoirí aontachtacha ar thús cadhnaíochta san fheachtas sin agus tá aontachtaithe an lae inniu ag cuimhneamh gur éirigh leis an lámh láidir - nó bagairt na láimhe láidre - bac a chur ar an Riail Dhúchais ag tús an chéid seo caite.
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir we’ve turned our backs entirely on violence
" Táimid imithe go hiomlán i dtreo na polaitíochta reachtúla ó thaobh Éire shaor 32 contae a chur chun cinn agus tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir sa bpróiséas sin ar fad.
idir an lámh láidir agus plámas using both force and sweet mouthing them
" Baineadh triail as go leor bealaí chun dul i ngleic leis na díormaí seo idir an lámh láidir agus plámas.
iad a chur faoi chois le lámh láidir to suppress them by force
" Ina dhiaidh sin chaith na fórsaí slándála go brúidiúil le lucht na hagóide agus rinneadh iarracht iad a chur faoi chois le lámh láidir.