Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thigín leagtha levelled cottage
" Ní go dtí go mbeidh tú tar éis an chéad radharc a fheiceáil a thuigfidh tú chomh cosúil is atá an suíomh seo le ballóg ó aimsir an Ghorta, gona thigín leagtha agus ballaí cloiche, mar aon le bóithrín casta a bhfuil plandaí de chuid na hÉireann le fáil ar an dá thaobh de.
comhlacht leagtha píopaí pipe-laying company
" " Cás cúirte ======= Agus í ar ais i gCalifornia, thosaigh sí ag obair ar chás cúirte frith-iontaobhais a thóg comhlacht leagtha píopaí darbh ainm ETSI i gcoinne cúig chomhlacht iarnróid a chuir cosc orthu ar feadh trí bliana déag píopaí a leagan chun gual a iompar trasna na Stát Aontaithe.
a bhí leagtha amach dóibh which was laid out for them
" Níorbh iad na Meiriceánaigh amháin a chreid a gcuid amaidí, ach tuairisceoirí na mórchainéal satailíte sa domhan iartharthach a thug léargas chomh claonta dúinn ar a raibh ag titim amach gur fágadh ar snámh gan chompás iad nuair nár imir muintir na hIaráice an cluiche a bhí leagtha amach dóibh.
leagtha amach laid out
" Forbairt é seo a chuirfeas slacht ar an gCeathrú Rua, ó tharla nach baile é atá leagtha amach ar bhonn struchtúrtha, righin.
leagtha amach laid out
" Tháinig siad ar a lán rudaí suimiúla, ina measc gaistí éisc, clocha leagtha amach fá choinne ceilpe, agus bád Neoiliteach fiú.
fir leagtha crann lumberjacks
" Bhí na fir leagtha crann, áfach, ag bun an liosta ar fad, mar gheall ar neamhsheasmhacht an phoist, an drochphá, agus an dainséar.
siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos because the guidelines that had been laid down were not implemented
" Rialaigh an chúirt go raibh an otharlann faillíoch siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos le dul i ngleic leis an ghalar.
leagtha go talamh knocked down
" Thug mé faoi deara go raibh na craobhacha eolais agus comharthaí buí leagtha go talamh agus nuair a bhain mé an fheirm amach bhí cuma an-ait uirthi – bhí seanfheithiclí agus innealra scaipthe thart timpeall.
leagtha amach laid out
" Bhí an leabhar leagtha amach ar an dóigh sin agus chloígh muid go daingean leis an leagan amach sin.
leagtha amach. laid out.
" Ní maith liom mo shaol a fheiceáil amach romham agus gach rud leagtha amach.
leagtha amach laid out
" Agus sin sula dtugtar faoi Chonradh Liospóin féin mar atá sé leagtha amach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C306, (lgh.
cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain what kind of schedule was laid out for the year
" I mí Eanáir na bliana seo, fuair mé amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dá dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008.
bhéim leagtha emphasis placed
" Ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus.
leagtha amach laid out
" Bhí daoine ‘na gcónaí anseo i bhfad sular bheartaigh ’n duine sráideanna a thógáil agus níl na sráideanna sin leagtha amach ar bhealach dronuilleogach mar atá i ngach áit eile i Manhattan, ach bóithre atá fite fuaite fríd a chéile, a dhéanann a gcomhairle féin, cheapfá.
leagtha go talamh knocked to the ground
" Ach gu’b é inimirce ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus lucht critice, bhí an ceantar seo i mbaol a mhillte – bheadh sé leagtha go talamh agus bheadh na hilstóraigh a bhí a dtógáil ar fud an oileáin tógtha anseo fosta.
dúshraith leagtha foundation has been set
" Tá an dúshraith leagtha mar sin.
leagtha síos set out
" Go minic sa lá atá inniu ann, mura bhfuil iomám ann a chinnteoidh go maraítear an chaora de réir na ndeasghnáth atá leagtha síos, bíonn ar fhear an tí é féin an íobairt a dhéanamh.
leagtha síos set out
" Bhí go leor daoine cáinteach fosta nach raibh spriocóg faoi leith leagtha síos don Ghaeltacht sa Dréachtstraitéis laistigh den 250,000 sin.
Tá sé leagtha ar it is said to be
" Tá sé leagtha ar fhear darb ainm Gwithers gurbh é a chuir an sceith ann.
leagtha amach set out
" Sea, bíonn maolú 67% tagtha ar rianta na hinchinne a bhíonn leagtha amach go huathúil agus ar fáil ag an fhoghlaimeoir teanga os cionn 14 bl.
leagtha síos laid down
" Anuas ar sin, is léir go bhfuil na meáin úra ag feidhmiú lasmuigh den chomhthéacs eitice agus dlíthiúil atá leagtha síos do na meáin sheanbhunaithe le fada.
leagtha amach go sócúlach comfortably laid out
" Is fiú iad a bheidh leagtha amach go sócúlach – caitheann na fir suas le hocht n-uaire an chloig ann chuile lá.
leagtha set
" Teagmháil le Seanfheadóig =============== Sa teach a raibh súil linn ann, bhí an bord leagtha agus béile blasta réitithe dúinn.
an bhéim leagtha emphasis (is) placed
" Ach is ar mhaoirseacht na rialach atá an bhéim leagtha.
leagtha amach specified
" Socrófar an foras cruthú fostaíochta a bheas ann feasta nó an mbeidh fócas níos leithne aige mar atá leagtha amach ins an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
béim leagtha emphasised
" Dá bhrí sin, tá deis ag foireann Phoblacht na hÉireann i gcónaí gaisce a dhéanamh (a) má bhíonn an t-ádh leo maidir le nithe éagsúla ar nós cinntí réiteora agus imreoirí a bheith i mbarr a sláinte (b) má oibríonn plean agus beartas an bhainisteora an freasúra a chur den scóráil ina coinne agus (c) má imríonn siad leis an spreacadh agus leis an gcroí céanna a bhíonn ag foirne na hÉireann de ghnáth agus a bhfuil béim leagtha air ag an mbainisteoir Trappatoni.
atá leagtha orthu invested in them
" An bhfuil aon mhuinín againn go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta in ann don chúram dúshlánach atá leagtha orthu ó thaobh na pleanála teanga sa Ghaeltacht más aon teist é an cás seo? Má ghlactar leis an tuar duairc a rinne an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge go bhfuil an baol ann nach bhfuil ach idir cúig bliana déag agus fiche bliain fágtha ag an Ghaeilge mar roghatheanga an phobail (agus go bhfuil cúig bliana de sin imithe cheana féin) an bhfuil muid dóchasach go mbeidh a dhóthain fuadair faoin Roinn leis an phleanáil teanga a thabhairt go ceann scríbe?
bhí leagtha amach aici ina hintinn which she had in mind
" B’fhéidir nach leanfadh sí den chonair a bhí leagtha amach aici ina hintinn ag an am.
gach ní leagtha amach everything is planned
" Is é mo mheas go gcaithfimid daoine leochaileacha a chosaint ar dhaoine leochailacha eile, ach tá an saol agus gach ní leagtha amach don dream fuinniúil láidir daoine gur cuma leo na buillí a buaileadh, a bhuailtear is a bhuailfear orthu.
dualgas’ leagtha ar an obligation placed on
" De bharr Alt 10 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá ‘dualgas’ leagtha ar ‘comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla’.
Tá ucht an eolais leagtha amach go hiontach the dashboard is laid out beautifully
" Tá ucht an eolais leagtha amach go hiontach – agus gach rud ann so-aimsithe.
bhí dúshraith leagtha a dtiocfadh leo tógáil air there was a foundation laid from which they could build
" Mar sin, i ndiaidh na gcimí theacht amach i ndiaidh na stailceanna ocrais, bhí dúshraith leagtha a dtiocfadh leo tógáil air.
agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais laid out like a sarcophagus
" Tá sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad.
de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos according to the formats set down
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
bhí bunchloch leagtha the foundation was laid
" Ach bhí bunchloch leagtha agus bhí borradh ag teacht faoin gcumann.
ina bhfuil fianaise leagtha amach in which evidence is laid out
" '* Bhí an ceannlíne ag tagairt do leabhar dar teideal Lethal Allies, ina bhfuil fianaise leagtha amach faoi chorradh le céad dúnmharú ina raibh RUC, an UDR agus/nó Arm na Breataine páirteach i gcuideachta paraimíleataigh dhílseacha.
leagtha síos mar bhunchoinníoll set down as a basic condition
" Ar an gcéad dul síos, beidh ar an nuachtán leagan clóite a chur ar fáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú amháin muna bhfuil sin leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an bhForas.
leagtha ar bhord laid on a table
" É leagtha ar bhord, fráma air, é scríofa go slachtmhar, agus an scríbhinn seo a leanas in uachtar ar an mbileog: do Chór na bhFear, Blaenporth (Ceredigion) ó Chór Fear na nDéise, an 26ú Mí na Samhna 2013.
Sin agus cóip de i bhfráma leagtha ar bhord to do so while a framed copy is place on the table
" Sin agus cóip de i bhfráma leagtha ar bhord i dteach sa mBreatain a bhfuil Gaeilge á scríobh ann ag fear eile anocht.
leagtha síos set down, spelled out
" Smaoinigh ar seo: ní éiríonn le státchóras na hÉireann ach beagán de na doiciméidí dlithiúla ón tír seo a aistriú go Gaeilge, cé gurb í an Ghaeilge ‘an phríomhtheanga oifigiúil’ de réir Alt 8 den Bhunreacht agus cé go bhfuil sé leagtha síos in Alt 25.
dóite agus leagtha burnt and knocked
" Tá an halla mór sa bPoitín Stil, ina raibh na céadta i láthair ag Corn Uí Riada i 1974, dóite agus leagtha.
Bhí córas na hInde leagtha amach go breá rompu the Indian system was set out perfectly for them when they arrived
" Bhí córas na hInde leagtha amach go breá rompu ón tús lena gcuid uasaicmí agus íosaicmí agus an-raidhse creideamh chomh maith.
chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill up to the alter planned yet
" An bhfuil aon damhsa suas chuig an altóir leagtha amach romhaibh go fóill?** ENE: (gáire) Cuirtear an cheist orm anois is aríst agus cuirtear an cheist air féin chomh maith.