Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leathbhádóirí colleagues
" Is Afra-Mheiriceánach é, fear atá le fada ag moladh dá leathbhádóirí aird a thabhairt ar na geiteonna.
leathbhádóir colleague
" Agus bhí pictiúr dá leathbhádóir, an glámhánach sin Leamh Ó Cuinneagáin, ar leathanach tosaigh an nuachtáin chéanna faoin cheannlíne: "Fearg Phobal na Gaeilge Caillte!" Tá a fhios ag an saol mór gur cairtéal beag teolaí iad, lucht tochais tóin a chéile, muintir *Lá* agus muintir *Beo ar Éigean*.
leathbhádóir colleague
" Is é Donncha Ó Cróinín, ríomhtheangeolaí, mo leathbhádóir ar an long leictreonach seo agus is é a chuimhnigh ar an láithreán a bhunú an chéad lá riamh.
leathbhádóir féastaíochta feasting mate
" Ach bhí a chuid le rá ag Balor faoi bheirt a bheith ceaptha mar Phríomhfheidhmeannaigh ar Fhoraois na Gaeilge i gcomharbacht ar a sheanchara agus a leathbhádóir féastaíochta, Micheál Ó Grúdaireachta: "Bhí mé á mhaíomh le haois asail nach dtiocfadh leo duine ar bith a cheapadh ina áit.
leathbhádóir colleague
" Agus sin é mo scéal!" Dualgais ======= Tá raon leathan dualgas air mar gurb é an t-aon oifigeach amháin Gàidhlig ar fhoireann na Roinne Oideachais, cé go bhfuil leathbhádóir i roinn eile aige, Sarah Gundry.
leathbhádóirí colleagues
" Ar ndóigh, lean sé ar aghaidh leis an Ghaeilge agus le leathbhádóirí eile dá chuid - mar shampla, Séamus Ó Cionnfhaolaidh, Siobhán Uí Néill, Máire Ní Chuinn, Dónall Ó Ceilleachair, Seán Ó Donnabháin agus daoine eile nach iad - chuir siad grúpaí comhrá agus ranganna Gaeilge ar bun thart fá Londain.
leathbhádóirí partners
" Smaoinigh ar an cheist seo: cé hiad na daoine is mó a bhfuil cion agat orthu sa domhan seo? Nuair a bheas tú sínte ar leaba an bháis, cé hiad na daoine a mbeidh aiféala ort nár chaith tú níos mó ama leo i rith do shaoil? Gach seans go dtabharfadh an chuid is mó againn na freagraí céanna: tuismitheoirí, clann, deartháireacha agus deirfiúracha, céilí, leathbhádóirí, dlúthchairde.
a leathbhádóir his colleague
" Ní bheadh flosc chun comhrialtais ar Higgins é féin ná ar a leathbhádóir, Clare Daly, má thoghtar í.
a leathbhádóir his partner
" Fiú agus a leathbhádóir Tony Blair ag rá go hoscailte gur mhaith leis cainteanna a thosú leis na tíortha sin, is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh.
dá gcuid leathbhádóirí, for their companions,
" Ní tíorántacht í anois bheith ag scríobh do dhaoine óga nó dá gcuid leathbhádóirí, an foghlaimeoir fásta.
leathbhádóir rialta regular partner
" Tá dlúthdhiosca ceoil agus aithriseoireachta ar fáil leis an gcnuasach, a ndéanann leathbhádóir rialta Mhic Dhonnagáin, John Ryan, éacht leis ó thaobh na dánta a thabhairt chun beatha don éisteoir.
leathbhádóir comrade
" ” Mire mhílaoiseach Ach má tá Palin claonta i leith Iosrael (d’inis sí do Shimon Peres nach raibh ach bratach amháin ina hoifig!), tá a leathbhádóir sinsearach, John McCain, splanctha i ndiaidh na tíre bige sin.
leathbhádóir companion
" Gá aici aire a thabhairt do chúraimí níos cóngaraí do bhaile fosta siocair go bhfuil líon suíochán Dhún Laoghaire laghdaithe go ceithre cheann agus Aire na Leanaí, Barry Andrews, mar leathbhádóir aici i soitheach atá ag dul go tóin poill go tiubh gasta.
leathbhádóir companion
" Míníonn sé cad atá i gceist aige: an bealach a n-imrítear an pheil anois ná go mbeireann imreoir greim ar an liathróid, ritheann, iompraíonn í chomh fada agus is féidir, cuireann ar aghaidh, cliathánach nó siar í ar an seachadadh láimhe chuig leathbhádóir a dhéanann an rud céanna agus ar aghaidh mar sin go dtí go bhféachfar le scór a aimsiú nó go sciobfaidh, nó go ‘ngoideann’, an freasúra an liathróid.
leathbhádóirí comrades
" Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad? Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?
iar-leathbhádóir ex-comrade
" Ina áit sin, d'fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, 'the Minister for Fish and Ships' air!) Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán ghearrthréimhseach a bheas anseo.
leathbhádóir comrade
" Ba iad Joe Lieberman agus a leathbhádóir John McCain, ar na páirtínigh Iosrael is láidre ar Chnoc an Chaipeatóil, a chuir rún faoi bhráid Seanad SAM maidir le limistéar faoi chosc eitilte a chur i bhfeidhm os cionn na Libia.
leathbhádóir rámha comrade oarsman
" "Bhíodh beirt in gach ceann acu - leathbhádóir rámha, is dócha, " a dúirt Paul.
Leathbhádóirí leithéid acted alongside the likes of
" Leathbhádóirí leithéid Jean-Paul Belmondo, Alain Delon agus Jeanne Moreau.
Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid I took a comrade of mine with me
" Thug mé liom leathbhádóir de mo chuid as an bPolainn, agus chuir muid clár ar bun in éineacht le duine d’fhilí oirthear na hEorpa.
Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna my comrade wasn’t as threatening
" Ní raibh mo leathbhádóir chomh bagrach céanna, ach mhaslaigh sé dona go leor iad trí mhíniú dóibh os ard i mBéarla nár aithin siad teanga na hÉireann, an Ghaeilg, agus choinnigh air i bhfad ag rachtaíl gáire ina ndiaidh! Choinnigh siad orthu ag gearradh bealaigh go maolchluasach, ach is é an trua nach bhfaca slua ceart iad, mar roghnaigh siad sráid bheag choisithe lena sonc maslach a thabhairt do na ‘heachtrannaigh’ na teanga aduaine.
Cineál leathbhádóra a kind of companion
" Cineál leathbhádóra atá ann don fhear aonarach atá tagtha ar ais chuig an uisce don chéad uair le tamaill maith anuas.
ar féidir a chaitheamh le leathbhádóir ollscoile which may be used along with a university partner
" Chomh maith le cúnamh iontach eile, cuireann Enterprise Ireland ‘dearbháin nuálaíochta’ ar fáil ar féidir a chaitheamh le leathbhádóir ollscoile a thabharfaidh faoin taighde don ghnó nua.
Leathbhádóir companion to
" Leathbhádóir *The Great Silence*, is fiú súil a chaitheamh i dtólamh ar an leabhar *Saoirse gan Só*.