Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a luíonn isteach which blends in
" Foirgneamh é An Nasc, 199 Bóthar na bhFál, a luíonn isteach lena thimpeallacht; oireann aghaidh an fhoirgnimh don lochtán Victeoiriach atá in aice leis, ach cuireann a dhearadh nua-aoiseach le forbairt nádúrtha na sráide.
Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. The Irish language fits in better with my own viewpoint.
" Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin.
Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin. The Irish language fits in better with my own viewpoint.
" Luíonn an Ghaeilge níos fearr le mo dhearcadh féin.
luíonn sé le loighic it's logical
" Tá an ceart ag an Stát a rá cén t-ainm oifigiúil atá ar áit agus luíonn sé le loighic gur i nGaeilge a bheadh sin i gceantair Ghaeltachta.
agus nach luíonn that doesn't fit in
" An t-aon smál atá ar an radharc álainn seo ná Ionad Georges Pompidou, foirgneamh uafásach, gránna atá cosúil le rud éigin as drochscannán todhchaíoch agus nach luíonn leis an gcuid eile den chathair in aon chor.
agus nach luíonn that doesn't fit in
" An t-aon smál atá ar an radharc álainn seo ná Ionad Georges Pompidou, foirgneamh uafásach, gránna atá cosúil le rud éigin as drochscannán todhchaíoch agus nach luíonn leis an gcuid eile den chathair in aon chor.
luíonn sé le réasún it stands to reason
" “Ní dream polaitiúil sinn ar chor ar bith ach luíonn sé le réasún go mbaineann ceol traidisiúnta na hÉireann leis an tír iomlán, leis an diaspóra agus leis an lear mór daoine sin nach bhfuil baint ar bith acu leis an tír ach a bhfuil dúil mhór acu i gceol na tire seo.
luíonn sé le réasún it makes sense
" Bhí go leor trealaimh ceannaithe againn faoin am sin le tabhairt faoin taifeadadh – luíonn sé le réasún go ndéanfaimis amhlaidh; is cuimhin liom, agus muid le Island Records cuir i gcás, go mbíodh muid ag íoc £1,300 sa lá as stiúideo.
luíonn sé le nádúr it is natural
" Mar gheall ar ar fhulaing na Giúdaigh san Uileloscadh, luíonn sé le nádúr go leor gur iomaí duine atá báúil le coincheap an tSíónachais.
luíonn sé le réasún reasonable to assume
" Más é brábach sprioc do chomhlachta, nach luíonn sé le réasún go ngearrfaidh tú na praghasanna is airde ar na táirgí is saoire? Faigh Cumhdach Árachais nó Cónra! Sin mar a sheasann cúrsaí mar atá siad.
luíonn which agrees
" Mar a tharlaíonn sé, sin é misean *Foursquare*: daoine a ghríosadh chun aithne a chur ar a gceantar agus ar a dtimpeallacht, rud a luíonn go dílis le misean gluaiseacht na Gaeilge.
luíonn agrees with
" Seoladh taighde ag tús na bliana ag an *Association of Downloadable Media* a luíonn leis seo.
Luíonn sé le céill it stands to reason
" Luíonn sé le céill go bhfuil rath ar an innealtóíreacht sna tíortha atá faoi fhorbairt ghasta.
Luíonn sé seo isteach go deas leis this nicely compliments
" Luíonn sé seo isteach go deas leis an tseirbhís mhianliosta atá acu.
nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith that don't fit in with the surroundings at all
" Is mór an trua go bhfuil go leor de na tithe seo nach luíonn leis an timpeallacht ar chor ar bith.
luíonn i lár baill dá chuid a central element of his
" Cuireann an faobhar speisialta sin a luíonn i lár baill dá chuid siamsaíochta Corkery i gcuimhne go minic, ach go háirithe an cur síos gonta cáiliúil sin aige ar Chathair Chorcaí nuair a bhaist sé ‘inneall cealgach’ uirthi.
luíonn domhain sa gcnámh lies deep in the bone
" Thuigeas ón gcéad chúig neomat ina cuideachta go raibh aithne agam uirthi ó chianaibh - aithne a shíolraigh ó cheann de na mistéir nach soilsítear bun ná barr di dúinn - an chomhthuiscint nach bhfuil aon mhíniú ann di ach an rud a thagann anuas chugainn ó na sinsir - an t-ábhar sin a ritheann saor sa bhfuil, a luíonn domhain sa gcnámh agus nach feas dúinn i gceart a bhun ná a bharr ná a bhrí.
Luíonn sé le céill it stands to reason
" Luíonn sé le céill go raibh an teanga beo beathach freisin sna ceantair eile ina raibh na luathchoilínigh lonnaithe.
Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill his death still weighs heavily on their hearts
" Luíonn a bhás go trom ar a gcroí go fóill.
luíonn sé le céill it’s reasonable to assume
" In aimsir na gciorruithe luíonn sé le céill go ndéanfadh na comhairlí contae a ndícheall na gnóthaí móra seo a mhealladh.
luíonn sé le réasún it makes sense
" Má tá an Eoraip le dul in iomaíocht leis an tSín agus leis na Stait Aontaithe, luíonn sé le réasún gur gá cur le chéile.
Luíonn sé sin le réasún it’s reasonable
" Luíonn sé sin le réasún agus leis an dlí nádúrtha, más mian leat.
Luíonn sé le ciall it’s sensible to assume
" Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas.
an bharbarthacht a luíonn i gcroí an duine the barbarism which lies in the heart of man
" D’eascair an t-arm eithneach as an dul chun cinn iontach a rinneadh i réimse na fisice sa chéad leath den fhichiú aois, agus léiríonn tógáil agus úsáid an airm chéanna an bharbarthacht a luíonn i gcroí an duine.
Luíonn seo leis an inspreagadh this is part of the inspiration
" Luíonn seo leis an inspreagadh a ghineann aon saghas comhlacht nua ó chaife cúinne go dearthóir graificí, go feighlí linbh gan trácht ar na comhlachtaí nuatheicneolaíochta.
a luíonn anseo who is buried here
" N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe go ‘Gaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus curtha an cuan amach ar an ‘Atlas II’ i 1800? Nead Éireannach Aontaithe =========== Nó b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an té a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar sí lena compánach William Mahoney in 1812.
luíonn agrees (with)
" Dá réir, is mór idir cinneadh agus rogha agus luíonn an difríocht seo le mothúcháin agus breithiúnas.
luíonn tábhacht importance is
" Anseo a luíonn tábhacht na n-aonad scríbhneoireachta agus go háirithe na tearmainn pinn don lucht acadúil.
mar a luíonn siad where they lie
" Seo an téacs: > “Tógadh an leacht seo i gcuimhne na 241 deoraí Éireannach a cailleadh ar an toabh (sic) thiar thuaidh d’Ile agus í ar an bhealach ó Dhoire Cholmcille go Québec Ceanada, le linn an Drochshaoil, fuarthas 108 corpán mná agus páiste a mbunús (63 acu faoi bhun 14 bliana d’aois agus 9 naíonán) agus cuireadh iad faoi mhacaire glas na trá báine, mar a luíonn siad inniu faoi shuaimhneas agus faoi shíocháin bhuan Chríost.
luíonn dualgas orainn mar shibhialtaigh we as civilians carry a burden of responsibility
" Is é sin, mar a bhfuil gníomhartha coiriúlachta á ndéanamh ag an stát, go luíonn dualgas orainn mar shibhialtaigh, fiú amháin más gá an dlí náisiúnta a bhriseadh, go gcaithfidh tú iarracht a dhéanamh an choiriúlacht a stad.
Luíonn freagracht responsibility lies
" Luíonn freagracht an athraithe ar gach éinne i réimsí éagsúla spóirt.
luíonn sets
" Tá Brian Ó Broin den tuairim gur áit ar leith í San Francisco agus is iomaí duine eile mar é a thug gean as cuimse do chósta thiar na Stát mar a luíonn an ghrian tráthnóna.
luíonn sé le céill it stands to reason
" Aon leathanach déag soiléir agus soléite faoi rialachas geilleagair, gan tada thairis sin, atá sa Chonradh Fhioscach agus dar le Ciarán Mac Aonghusa, luíonn sé le céill do mhuintir na tíre glacadh leis.