Go pearsanta, níl aon ghrá mór agam do na siopalanna seo, ach tá gá leo in áiteanna le haeráid ‘mhór-roinneach’ cosúil le Minneapolis, inar féidir leis an teocht titim chomh híseal le -30 Celsius sa gheimhreadh agus éirí chomh hard le 40 Celsius sa samhradh.