Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caighdeán maireachtála standard of living
" Tá fórsaí an mhargaidh ag obair go tréan san earnáil phríobháideach, go háirithe in earnálacha na tógála agus na teicneolaíochta, agus is cinnte go bhfuil an caighdeán maireachtála ardaithe sa tír ina hiomláine.
gcaighdeán maireachtála standard of living
" Tá seo á dhéanamh againn mar go bhfuil muid féin ar ár sáimhín só agus níor mhaith linn ár gcompord agus ár gcaighdeán maireachtála a roinnt leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste.
bealach maireachtála a way of living
" Déarfadh an CLG gur slí bheatha spioradálta agus chultúrtha atá i gceist, bealach maireachtála atá préamhaithe i measc an phobail.
costas maireachtála cost of living
" Ar ndóigh, is sna cathracha sin is airde atá an costas maireachtála freisin, go háithrid costas tithíochta.
choinníollacha maireachtála living conditions
" " Tá níos mó ná ceangal proifisiúnta ag Flannery leis an ionad cuimhneacháin seo: Bhí a athair Patrick ar dhuine de na hoideachasóirí a bhailigh eolas ar choinníollacha maireachtála in Áit Tí an Mheasaigh tar éis an Ghorta.
nósanna maireachtála living habits
" Mothaíonn go leor de bhunadh na tuaithe gur seo aicme ar leith cathrach atá ag iarraidh saol traidisiúnta na tuaithe a chur i mbaol agus gur ionsaí é ar a saol agus ar a nósanna maireachtála.
chostas maireachtála cost of living
" Níl a fhios agam go cruinn cé mhéad euro a bheadh ann, dá ndéanfaí an tsuim sin a aistriú agus dá gcuirfí san áireamh an boilsciú sa chostas maireachtála ó 1994 i leith, ach ní shamhlóinn go mbeadh mórán soinseála agat as €60 milliún i dtéarmaí an lae inniu.
caighdeán maireachtála standard of living
" Clúdaíonn seo, mar shampla, cearta céanna do mhná agus d'fhir, ceart chun oibre, ceart ardchaighdeán sláinte, ceart caighdeán maireachtála sásúil, ceart chun oideachais, ceart sealúchais agus mar sin de.
Slí thraidisiúnta maireachtála a traditional way of living
" Slí thraidisiúnta maireachtála do phobal chósta na hÉireann ab ea iascaireacht, seachas slí le héirí saibhir, a dúradh.
costas ard maireachtála high cost of living
" Ní hamháin go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur isteach ar chúrsaí turasóireachta, ach tá sé ina bhac ar infheistíocht iasachta chomh maith.
an costas ard maireachtála the high cost of living
" Ach, thar aon rud eile, an bochtanas agus an costas ard maireachtála is cúis le daoine a bheith gan dídean.
an costas maireachtála the cost of living
" Cé nach bhfuil an costas maireachtála i dTuaisceart Éireann ard - tá costas tithíochta íseal go leor, cuir i gcás - ní féidir leat mórán airgid a shábháil agus an pá sin á shaothrú agat.
a modh maireachtála their means of living
" Ní hé sin le rá nach mbaineann siad taitneamh as mar a bhaineann an gnáthdhuine páirtaimseartha, amaitéarach ach "i ndeireadh an lae" is é an spórt a modh maireachtála.
caighdeán maith maireachtála good standard of living
" Dala go leor dá chomhoibrithe, bhí caighdeán maith maireachtála ag Buckley; d'óladh sé cúpla pionta tar éis na hoibre agus bhaineadh sé sult as cluichí spóirt ag an deireadh seachtaine.
chostas maireachtála the cost of living
" Tá sé deacair rud ar bith a dhéanamh faoin chostas maireachtála ach tá go leor is féidir a dhéanamh chun an tír a dhéanamh níos glaine.
costas maireachtála cost of living
" Cé go dtagann ardú ar an méid seo de réir mar a ardaíonn an ráta boilscithe, tá a fhios againn ar fad gur léim an saibhreas agus an costas maireachtála go mór sa tír seo le deich mbliana anuas nó mar sin.
caighdeán maireachtála daoine people's standard of living
" Chuirfeadh sé ar fáil deiseanna nach bhfuil ann faoi láthair, rud a chuideodh le sláinte an phobail, agus chuirfí go mór le caighdeán maireachtála daoine ar fud na tíre.
an tslí agus an caighdeán maireachtála the way and standard of living
" Thaitin an tslí agus an caighdeán maireachtála go mór liom.
costas maireachtála cost of living
" Tá an costas maireachtála ró-ard, ní féidir brath ar an aimsir, tá damáiste as cuimse déanta don chomhshaol agus ní chuirtear ach fáilte dhoicheallach roimh thurasóirí i go leor áiteanna sa tír.
caighdeán maireachtála standard of living
" Ach ní gá go dtiocfadh forbairt agus caighdeán maireachtála salach ar a chéile ach srianta áirithe bheith i bhfeidhm.
chomh maith leis an gcostas maireachtála as well as the cost of living
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála to tackle the high cost of living
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
ár modh maireachtála. our way of living.
" Deis mhaith dúinn é seo agus dár gcairde as Éirinn foghlaim faoi na ceangail idir ár dteangacha, ár gcultúr agus ár modh maireachtála.
an costas maireachtála, the cost of living,
" Tá na moltaí seo bunaithe ar thaighde ar chúinsí mar an costas maireachtála, costas tithíochta, boilsciú, etc.
nósanna maireachtála living habits
" De bharr an chlú atá air mar bhaile a chuireann fáilte roimh dhaoine a bhfuil seasaimh, dearcadh agus nósanna maireachtála acu atá éagsúil, tagann ealaíontóirí de gach sórt chun na háite.
an caighdeán maireachtála is fearr the best standard of living
" Tá muid uilig ag iarraidh go mbeadh an caighdeán maireachtála is fearr againn féin agus ag ár gcuid páistí.
caighdeán maireachtála standard of living
" Tá siad á dtógáil mar gheall ar na fadhbanna uafásacha a bhaineann le caighdeán maireachtála na mBundúchasach – go háirithe drochthithíocht, mí-úsáid alcóil agus drugaí, agus mí-úsáid ghnéasach agus fhisiciúil a bheith a dtabhairt ar na páistí.
sa chaighdeán maireachtála in the living standard
" Dar le tuarascáil a scríobh Rodolfo Stavenhagen (2006), *rapporteur* leis na Náisiúin Aontaithe a bhíonn ag plé le cearta daonna agus buansaoirse daoine dúchasacha, tá na difríochtaí seo sa chaighdeán maireachtála tar éis fás as “stair idirdhealaithe”.
caighdeán ró-ard maireachtála too high a standard of living
" Carachtar na nAstrálach I measc na ngearán eile a dhéanann muintir na hAstráile faoi Canberra, maíonn siad go bhfuil an aeráid rófhuar, go bhfuil an chathair róphleanáilte – róghlan, fiú – agus go bhfuil caighdeán ró-ard maireachtála againn.
rogha stíle maireachtála lifestyle choice
" **Ach déarfadh formhór na ndaoine aeracha nach rogha stíle maireachtála é a gclaonadh gnéasach.
cláracha stíle maireachtála lifestyle programmes
" Tá athrú tar éis teacht ar na cineálacha cláracha atá ag teastáil ó na craoltóirí chomh maith – tá go leor truflaise amuigh ansin; cláracha stíle maireachtála agus a leithéid.
costas maireachtála cost of living
" Tá Éire ar cheann de na tíortha a bhfuil costaisí áirithe – an costas maireachtála go ginearálta – an-ard ar fad inti.
caighdeán maireachtála living standard
" I mbeagán focal, bhí caighdeán maireachtála thar ár n-acmhainn againn mar phobal.
caighdeán maireachtála standard of living
" Thosaigh an caighdeán maireachtála ag titim agus chuaigh rialtais ar fud an domhain i ngleic leis an fhadhb go tapaidh.
mhodh maireachtála Nua-Eabhrac the NY lifestyle
" Lucht rac is roll nó na *Rock’n’Rollers* ansin sna seachtóidí agus sna ochtóidí, nó duine ar bith a bhí ag iarraidh a bheith réchúiseach nó ‘*hip*’ – bhog siad go dtí an “*Village*” nó go comharsanacht béal dorais, Chelsea, agus rinneadh siombailí díofa de mhodh maireachtála Nua-Eabhrac.
caighdeán maireachtála standard of living
" Ísleofar caighdeán maireachtála gach éinne againn suas le 10% - gach rud curtha san áireamh.
caighdeán maireachtála standard of living
" Cothaíonn siad thall na gnéithe éagsúla mar go dtuigeann siad go gcruthóidh sé leas agus caighdeán maireachtála níos iomláine agus níos fearr i ndeireadh báire.
mhodh maireachtála way of life
" Ní inniu ná inné atá curtha isteach ar mhodh maireachtála traidisiúnta na Batwa, áfach.
maireachtála of living
" Léiríonn gach tuarascáil a foilsíodh riamh faoi stádas mhuintir dhúchais na hAstráile go bhfuil caighdeán maireachtála i bhfad níos measa acu ná an caighdeán atá ag muintir eile na tíre saibhre seo.
nósanna maireachtála lifestyles
" An Ola Tá cur isteach á dhéanamh ar chleachtadh na nósanna maireachtála seo, áfach, ó dheireadh na gcaogaidí ar aghaidh nuair a tháinig an comhlacht Shell ar ola in Ogoniland den chéad uair.
caighdeán maireachtála standard of living
" Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003.
gcumas maireachtála to earn a living
" SMM: Cén tionchar is mó, an n-abrófá, a d’fhág fód dúchais d’óige i gContae Luimnigh ort? MÓS: Neamhspleáchas is dócha, agus féinmhuinín as an gcumas maireachtála, mo chonradh féin a dhéanamh.
modh maireachtála way of life
" Tá eolas go leor ar fáil faoin modh maireachtála a bhí acu mar cnuas-shealgairí agus faoin dóigh a raibh siad roinnte ina dtreibheanna fud fad na tíre.
maireachtála of living
" D’ardaigh an caighdeán maireachtála go mór.
chaighdeán maireachtála standard of living
" De bharr an dul chun cinn atá déanta sa chaighdeán maireachtála go ginearálta, cúram sláinte, cuir i gcás, nó cothú agus cóiríocht, d’ardaigh an t-ionchas saoil meánach sa Fhrainc ó sé bliana is seasca sa bhliain 1950 go ceithre scór bliain i 2005.
gcostas maireachtála cost of living
" Bheinn sásta fanacht in Éirinn, ach ní féidir liom sin a dhéanamh leis an gcostas maireachtála atá abhus anseo.
caighdeán maireachtála standard of living
" Is léir nach mbeidh an caighdeán maireachtála céanna againn arís go brách.
nós maireachtála a style of life
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
ní slí maireachtála not a lifestyle
" “Ach Roseanne,” cloisim uaibh, “is colún teicneolaíochta seo, ní slí maireachtála! B’fhéidir gurb ionann an dá rud duitse ach bhí mise ag súil leis an alt sin faoi iOS5 nár scríobh tú go fóill!” Ach, a chairde, tá neart suíomhanna is feidhmchláiríní iOS is Android ann a chabhródh leat beartas agus taifead a dhéanamh agus spreagadh is tacaíocht a fháil nuair a bheas tú ag tabhairt faoi rún sláinte.
caighdeán maireachtála standard of living
" Má ghlacaimid leis go raibh tionchar mór ag tosca aiceanta ar fhorbairt na timpeallachta daonna (saíocht, teicneolaíocht, caighdeán maireachtála &rl.
gnólachtaí nós maireachtála lifestyle companies
" Idir ghnólachtaí ag roinnt íomhánna de na tairgí atá ar fáil uathu nó ag cur cúpón ar fáil, tá fianaise ann gur fiú go mór é Pinterest dóibh siúd a bhfuil gnólachtaí nós maireachtála acu go háirithe; cuir i gcás an faisean, seodóireacht, dearadh srl.
costas maireachtála cost of living
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
caighdeán maireachtála na ndaoine the peoples’ standard of living
" Mhaígh Gillard go gcaithfí an t-airgead ar thograí éagsúla le caighdeán maireachtála na ndaoine agus le bonneagar na tíre a fheabhsú.
chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala the white workers’ standard of living
" Mhaígh sé, áfach, go mbeadh na tréithe seo ina mbagairt do chaighdeán maireachtála na n-oibrithe geala agus gur chóir iad a choimeád amach as an tír dá bharr.
ar chaighdeán maireachtála daoine people’s standard of living
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu sular thug siad aghaidh amach agus ba lú, is léir, a bhí acu nuair a léirigh siad a gcuid grianghraf do dhaoine ar ais in Éirinn a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa agus ar chaighdeán maireachtála daoine sa Mheán Oirthir.
titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála a marked fall in living (peoples’) standards
" Tháinig titim shuntasach ar chaighdeán maireachtála na ndaoine.
ag santú modh maireachtála níos fearr i dtólamh always seeking a better standard of living
" Is dócha go bhfuil sé i mianach an duine go mbíonn sé ag santú modh maireachtála níos fearr i dtólamh.
caighdeán maireachtála standard of living
" Sa dá áit sin, gheobhaidh siad amach go bhfuil caighdeán maireachtála ag daoine eile atá i bhfad níos measa ná an saol atá acu féin, agus b’fhéidir go gcuirfidh sé stop leis an síorolagón.
instinn chun maireachtála a survival instinct
" Ar an Imeall ====== Daoine ar an imeall atá le feiceáil sa taispeántas seo, gan rud ar bith fágtha acu ach a ndaonnacht agus instinn chun maireachtála.
le caighdeán ceart maireachtála for a good standard of living
" San idirlinn, tá daoine macánta ag fanacht le poist, le caighdeán ceart maireachtála agus le bliain úr faoi mhaise.
chaighdeán maireachtála living standard(s)
" Tagann athruithe ar nósanna agus ar chaighdeán maireachtála, ar shlite beatha daoine, ar an gcaighdeán oideachais, ar chineál agus ar chaighdeán bia, ar chúrsaí leighis, ar an saineolas agus ar an tuiscint ar mhodhanna agus ar theicnící traenála agus imeartha, ar chur chuige, ar rialacha, ar eagrú na gcluichí (córas an chúldorais, fágaim), ar fhearas agus ar theicneolaíocht an spóirt agus mar sin de.
lena gcaighdeán maireachtála a chosaint to defend their standard of living
" Má laghdaítar ar cháin an ‘squeezed middle’, ní thiocfaidh sé chun tairbhe an íseal aicme atá ag obair ar an ‘minimum wage’, agus is cinnte go mbeadh níos lú airgead sa státchiste le feabhas a chur ar shaol na ndaoine atá ag brath ar an státchóras lena gcaighdeán maireachtála a chosaint.
an t-ardú ar chaighdeán maireachtála increase in living standard
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.
caighdeán maireachtála standard of living
" Thug Emer Ní Bhrádaigh cuairt ar Ostfriesland na Gearmáine an samhradh seo agus chuaigh an caighdeán maireachtála ansin, agus dearcadh na ndaoine i dtaobh an chomhshaoil, i bhfeidhm go mór uirthi.
maireachtála of survival
" Bhí sí ag coimeád súile ar a modhanna maireachtála chomh maith.