Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhianadóireacht guail coal mining
" Déanann an mhianadóireacht guail an timpeallacht a loit chomh maith.
mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí to engage in date mining
" Is cosúil gur cheap siad go bhféadfadh dream éigin mianadóireacht a dhéanamh ar na sonraí a bhí bailithe ar chomhordanáidí na bhfón.
ceadúnais mhianadóireachta mining licences
" Bhí siad ag clamhsán go géar faoi na ceadúnais mhianadóireachta agus faoin gcaimiléireacht a bhain leo.
mianadóireacht mining
" Is caoineadh é an fonn mall ar Shliabh an Airgid, áit a ndearnadh mianadóireacht ar feadh na mblianta fada.
de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo because of the ecological effect of this mining
" Tá an ceantar máguaird ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
corparáidí mianadóireachta mining corporations
" Is léir go raibh baint lárnach ag an RPF, faoi smacht Kagame, leis an éagobhsaíocht sa Chongó agus chuaigh an chorraíl seo chun tairbhe na gcorparáidí mianadóireachta a bhí sa tír.
mianadóireachta mining
" Ar ndóigh, is úinéirí nó bainisteoirí corparáidí ola agus mianadóireachta go leor acu.
baile mianadóireachta a mining town
" Is baile mianadóireachta é Coober Pedy, ina gcónaíonn muintir na háite i dtithe a tochlaíodh faoin talamh.
mianadóireachta mining
" Chuir na comhlachtaí móra mianadóireachta feachtas díogháir in éadan na cánach nua ar siúl, ag maíomh go gcaillfí na mílte post sa tionscal dá bharr, agus caitheadh na milliúin dollar ar fhógraíocht ar an dá thaobh.
ollchomhlacht mianadóireachta massive mining company
" Rediscovering Indigenous Languages an teideal atá ar an tionscnamh, a bheidh dá mhaoiniú ag an ollchomhlacht mianadóireachta Rio Tinto, agus a mhairfidh go ceann trí bliana.
mianadóireachta mining
" Airgeadra Láidir ag Lagan Onnmhairiú ============== Tá borradh suntasach le sonrú faoi thionscal mianadóireachta na hAstráile le blianta beaga anuas, ach go háirithe i dtaca le gual agus le hamhiarann, in ainneoin an ghéarchoir chun donais sa gheilleagar ar fud an domhain fhorbartha.
iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta a lone remnant of mining camp security
" Mac an gharda aonaránaigh ab ea William, mac Sherriff Seth Bullock, iarsma uaigneach na slándála ar champa mianadóireachta sna Black Hills in 1877, sléibhte dar goideadh ós na hIndiaigh nuair a thángthas ar ór ann.
champa suarach mianadóireachta sin this contemptible mining camp
" Ach bhí oilithreacht níos uilí á heagrú ag Langrishe freisin ós rud é gurbh eisean taidhleoir an ardchultúir, an tsiamsa agus an oideachais sa champa suarach mianadóireachta sin.