Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhuail néal codlata iad they nodded off
" Bhí cuid acu crom isteach ar chomhrá agus cuid mhaith acu ar bhuail néal codlata iad.
bhuail néal codlata iad they nodded off
" Bhí cuid acu crom isteach ar chomhrá agus cuid mhaith acu ar bhuail néal codlata iad.
chun néal codlata eile a fháil to get another wink of sleep
" Uair an chloig breise agam féin chun néal codlata eile a fháil.
agus néal codlata a bheith agat and catch a nap
" Is cuma, ar ndóigh, go mbeifeá in ann nuachtán a léamh agus néal codlata a bheith agat dá rachfá ar an traein! Mar a thuigfeá, fáinne fí atá ann.
néal codlata a snooze, nap
" Thit néal codlata orm le linn dom a bheith ag smaoineamh ar an toghchán *Westminster* atá ar na bacáin.
néal codlata a wink of sleep
" D’fhliuch siad a ngoib le braon de shú na braiche, ar mhaithe leis an bheirt acu a chosaint ó luaithreach na hÍoslainne, agus chun Balor bocht a mhisniú i ndiaidh dó trí lá agus trí oíche a chaitheamh ag an gheata, gan aon ghreim bia ná néal codlata.
Is boc sleamhain é an néal codlata sleep creeps up on you
Ní raibh néal codlata déanta aige he hadn’t a wink of sleep
" Ní raibh néal codlata déanta aige ach a éadan bán, tarraingthe agus na súile slogtha ina cheann.
ag iarraidh néal codlata a fháil trying to get a wink of sleep
" Agus í ag iarraidh néal codlata a fháil ag deireadh an cheiliúrtha, bhí Paul McCartney.
gan déanta agam ach dhá néal codlata after just two winks
" Agus suí in óstán dhá réalt go mbualfadh an cloigín mallaithe i bpoll na cluaise agus gan déanta agam ach dhá néal codlata.
Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann I dozed a little some ten minutes
"Lig mé néal codlata beag 10-nóiméad as mo cheann os comhair na tine agus nuair a mhúscail mé, bhí mé ag stanadh ar phictiúr os mo chomhair agus mo mháthair mhór, Julia, a bhí ann.