Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar neamhchead do despite or irrespective of
" Dre go mbeadh sé ábalta 'réaltóg cheoil' a dhéanamh d'éinne, ar neamhchead do bhinneas a bheith ann nó as.
ar neamhchead despite
" Bhí hunch nó tuairim aige gur sna súíle a bhí an-chuid des na deiseanna seo, óir tá smacht ag beagnach gach éinne, nach mór, ar na hocht matán a threoraíonn gluaiseacht ár súl, ar neamhchead d’aon éalang a bheadh orthu.
ar neamhchead don bhogearra despite the software
" Is dócha an ghné is cumhachtaí faoin bhfeidmhchlár seo ná an bealach gur féidir, trí aicearra méarchláir, fuinneog tasc a oscailt, ar neamhchead don bhogearra a bheas in úsáid agat, chun tasc a chrúthú láithreach bonn sula ndéanfaidh tú dearmad air.
ar neamhchead despite
" Ba chóir dóibh é sin a dhéanamh ar neamhchead dá ndéarfaidh an freasúra nó do ghotha an lucht agóide.
ar neamhchead regardless
" Éireannaigh na hAlban, ní miste dóibh cuimhneamh nach amháin gur Éireannaigh iad ach gur Gaeil iad fosta agus tacú lena macasamhail eile ar neamhchead datha, teanga is creidimh.
ar neamhchead don aimsir despite the weather
" Cumhdaímis sinn féin go maith, téimis amach ag siúl nuair is mian linn, ar neamhchead don aimsir, agus ná coimeádtar cúbtha sinn inár gcimí faoi chaolach an tí.
ar neamhchead dá aois agus eile no matter what age you are or whatever else
" Is féidir le gach duine teanga a fhoghlaim, ar neamhchead dá aois agus eile.
ar neamhchead d’am nó don aimsir despite time or weather
" Tá dearadh álainn ar an bhfeidhmchláirín iontach seo a ligean duit breathnú ar na réaltaí ar neamhchead d’am nó don aimsir atá ann.
ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu regardless of their religious background
" Dá bharr sin, freastalaíonn sé ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí ar neamhchead don chúlra creidimh atá acu, mar feictear scoileanna ar an mbunús Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach).
ar neamhchead don diabhlaíocht go léir despite all the skulduggery
" Tá roinnt daoine sona sa saol, ar neamhchead don diabhlaíocht go léir a thit amach thart timpeall orthu.
ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime no matter what institution presented the degree parchment
" Mura bhfuil an vóta ag céimí ó DCU nó Ollscoil Luimnigh nó DIT, ní ar an Seanad atá an locht ach chuile rialtas a bhí i gcumhacht le 34 bliain anuas, nár ghníomhaigh lena chinntiú go ndéanfaí do réir toil na ndaoine, agus an vóta a thabhairt do gach céimí, ar neamhchead do cén foras a bhronn an pár céime.
ar neamhchead dá gcuid bannaí siadsan despite their peach bonds
" Rachaidh mise isteach sa tSionainn ar neamhchead dá gcuid bannaí siadsan! B’fhéidir go spreagfadh sé machnamh i ndaoine, is é sin, a *raising of consciousness*, ach is mór m’amhras.
ar neamhchead do thola against your wishes
" An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin? Ar éigean é.