Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
páipéir shaoránachta citizenship papers
" "Seo an t-aon chlinic ar féidir leat cúram a fháil do leanaí gan páipéir shaoránachta," a dúirt ball amháin, máthair tachráin atá ina hothar i Mary's Center ó bhí sí bliain d'aois.
páipéir bhallóide ballot papers
" Agus is féidir le daoine iarracht a dhéanamh na páipéir bhallóide a scrios - is cuimhin liom oifigeach toghcháin a fheiceáil ag caitheamh cuid mhaith ama ag cur páipéar ballóide stróicthe ar ais le chéile.
páipéir bhallóide ballot papers
" Ach má bhíonn achrann arís ann faoin toradh ní bheifear in ann athchomhaireamh a dhéanamh, faoi mar a tharla in 2000, mar ní bheidh páipéir bhallóide ann.
mblúire páipéir piece of paper
" Ba dheacra fós a rá cad a bhí scríofa ar an mblúire páipéir a cailleadh.
páipéir thablóideacha tabloid newspapers
" Chaith na páipéir thablóideacha an oiread sin dua leis an ngáifeachas, gur tugadh an chluas bhodhar do chúrsaí i bhfad ní ba shubstaintiúla.
a bhfuil cuma páipéir orthu. which looks like paper.
" Tá nanaitheicneolaíocht lárnach sna gnéithe sin – agus tá comhlacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag forbairt slí nua chun eolas a thaispeáint ar scáileáin a bhfuil cuma páipéir orthu.
páipéir léannta learned papers
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
chas neart paisinéirí i dtreo na málaí páipéir plenty of passengers turned to the paper bags
" Agus tonnta dhá mhéadar ann, chas neart paisinéirí i dtreo na málaí páipéir agus muid ar bord loinge.
Páipéir thallaí phriontáilte printed tally papers
" Páipéir thallaí phriontáilte in áit an bhosca *Woodbines*.
leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon the publication of both print and electronic versions will continue
" An uair seo, tharrtháil na scairshealbhóirí an nuachtán agus leanfar den fhoilsiú páipéir agus leictreonach araon go deireadh na bliana ar aon chuma.
duilleog páipéir sheet of paper
" Ba léir an méid sin ar an duilleog páipéir a bhí marcáilte buí ina glaic aici, an bhéim leagtha ar phointe thall is abhus.
gcló páipéir printed on paper
" Cúpla bliain ó shin, ba leor suíomh greasáin cúpla leathanach nach mór cosúil leis an ábhar margaíochta a bhí i gcló páipéir ag an ngnó cheana féin.
páipéir aitheantais identity papers
" Is ann atá daoine muinteartha leo cheana féin a bheidh in ann cabhrú leo lóistín agus post a fháil; bíonn Béarla éigin ag roinnt mhaith acu; ach, thar aon ní eile, tuigtear dóibh go mbeidh sé níos éasca gan aird na n-údarás a tharraingt orthu féin i dtír nach gá páipéir aitheantais a bheith ag duine.
páipéir nuachta newpapers
" Biffo: Ná creid gach a léann tú sna páipéir nuachta, a Bhaloir.
chifleoga páipéir snippets of paper
" Scríobh an coilíneach, Charles Macarthur King, cuirim i gcás, 55 focal den teanga a labhraíodh sa cheantar a dtugtar Port Stephens air sa lá atá inniu ann ar chifleoga páipéir sa bhliain 1845.
shín sé blúire páipéir chugam he handed me a piece of paper
" “Seo,” arsa an Cróiteach, agus shín sé blúire páipéir chugam.
clóbhuaileadh dalladh airgead páipéir eile tons of more paper money was printed
" Thosaigh an tSeapáin agus clóbhuaileadh dalladh airgead páipéir eile do thíortha eile fosta.
Tá forlámhas ag píosaí páipéir bits of paper rule
" Tá forlámhas ag píosaí páipéir fós sa dlínse seo, nach bhfuil? Taibhsí Bhaile Ua Síoda ag béal uaigh i Parramatta.
páipéir phríobháideacha private papers
" Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha.
páipéir phríobháideacha private papers
" Tugadh cead don údar, múinteoir Gaeilge an Uachtaráin, a dialanna pearsanta a léamh agus dul trína páipéir phríobháideacha.