Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
pionós báis capital punishment
" Tá sé coitianta go maith, go stairiúil agus sa lá atá inniu ann, go ngearrtar pionós báis ar dhuine dubh a dhúnmharaíonn duine geal, ach is annamh a ghearrtar an pionós céanna ar dhuine geal a mharaíonn duine dubh.
phionós báis death penalty
" Níl aon phionós báis san Astráil anois ach tá san Indinéis agus ceaptar go lorgófar an pionós sin don cheathrar a gabhadh agus na pacáistí orthu ag an aerfort agus téarma deich mbliana don chúigear eile.
pionós báis death penalty
" Tá siad ag rá freisin gurb é polasaí an rialtais gan comhoibriú le póilíní thar lear i gcásanna go bhféadfaí pionós báis a ghearradh ar dhaoine as an Astráil.
an pionós báis a chur ar ceal to rescind the death penalty
" Tá rialtas na hAstráile tar éis impí ar rialtas Singapore an pionós báis a chur ar ceal ach níor mhínigh siad go poiblí cén fáth go mbeadh sé ceart go leor daoine as tíortha eile a chur chun báis i gcás mar seo ach nár chóir é a dhéanamh i gcás daoine as an Astráil.