Sa leabhar L’Adversaire a scríobh Emmanuel Carrère agus atá bunaithe ar shaol Romand, feictear an príomhcharachtar ag imeacht as an teach chuile mhaidin chun dul ag obair, mar dhea, nó ag ligint air go mbeidh sé imithe ón mbaile ar feadh tréimhse cúpla lá toisc go gcaithfidh sé freastal ar chomhdháil éigin i dtír iasachta a bhaineann lena chuid oibre.
I dtús *Twelfth Night* de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í.