Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhí i bhfad rófhada. which was far too long
" Thug siad fiche nóiméad dom, rud a bhí i bhfad rófhada.
rófhada too far
" Ar scáth a chéile a mhair muid tráth agus ní rófhada óna chéile a d’imíomar ar strae ó shin.
ag fanacht rófhada leis waiting too long for
" Níl aon chlár ama oifigiúil ar fáil ach bíonn a fhios ag muintir na háite go dtiocfaidh an bus cuí tar éis dó timpeall an oileáin a chur de! Níl imlíne Rarotonga ach 20 míle (nó 32 ciliméadar) ar fhad agus ní bheidh tú ag fanacht rófhada leis an mbus mar sin.
breathnú siar rófhada look back too far
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
rófhada too long
" Is é mo thuairim go bhfuil an tréimhse sin rófhada agus gur cheart amharc ar roghanna eile.
beagáinín rófhada a little too long
" Fanann sé beagáinín rófhada sa chistin.
rófhada too long
" Leathuair an chloig rófhada mar scannán, ar a laghad, ach is cuma faoi sin.
ag fulaingt rófhada suffering for too long
" ** James: Bhuel, níl mórán le rá agam, seachas go bhfuil múinteoirí na hÉireann ag fulaingt rófhada ar thuarastal íseal agus ar dhímheas an phobail.
dtógann sé tamall rófhada dínéalú a dhéanamh ar it takes too long to demist
" An chéad fhadhb choitianta a bhaineann léi ná go dtógann sé tamall rófhada dínéalú a dhéanamh ar na fuinneoga.
bearnaí rófhada idir gaps too large between
" Bíonn bearnaí rófhada idir cuid de na cluichí faoin gcóras atá ann agus deifir rómhór le cluichí a imirt i gcomhthéacsanna eile – cúig dheireadh seachtaine i ndiaidh a chéile, b’éigean d’iománaithe Átha Cliath dul chun páirce de thoradh dhá chluiche comhscóir, agus gan mí an Mheithimh a bheith thart ach ar éigin! Lá tar éis chluiche úd Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, thug bainisteoir fhoireann Luimnigh, John Ó hAilín, le fios gur cheap sé sna laethanta roimh an gcluiche go mbuafadh Luimneach.
níor ghá dúinn dul rófhada chun laochra a fháilt we didn’t have far to go to find heroes
" Bhí seans liomsa leis mar nuair a bhíosa seacht nó ocht de bhlianta, bhí Ciarraí i gceartlár ré órga idir 1975 agus 1986 agus níor ghá dúinn dul rófhada chun laochra a fháilt.
rófhada ann don dearcadh that view of too long
" B’fhéidir gur rófhada ann don dearcadh nach bhfuil an Rialtas ag déanamh go leor.