Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhí á róstadh given a roasting
" D'aon turas níor thug mé cuairt ar Thóstal na Gaeilge i nGaillimh go dtí go déanach oíche Dé hAoine, nuair a bhíos cinnte go mbeadh a gcuid ráite ag an bpainéal polaiteoirí a bhí á róstadh ag lucht an tóstail.
róstadh sa tóstóir roasting in the toaster
" Bhí an tAire Sóisearach a bhfuil cúraimí na Gaeilge uirthi imithe ar strae ag oscailt teach tábhairne in ionad í féin a ofráil don róstadh sa tóstóir.
le róstadh to roast
" Is cinnte gur lean an fhleá ar feadh trí lá, agus gur thug na hIndiaigh fianna le róstadh do na hoilithrigh.
ubh a róstadh roast an egg
" Ní hamháin go raibh an ghrian ag scoilteadh na gcloch, ach bhí sé chomh te sin go bhféadfá ubh a róstadh ar na clocha dá mbeadh ubh agat, mar a dúirt cara liom fadó.
an gabhar á róstadh it's all happening
" Is ann a théann maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge agus shaol an cheoil Ghaelaigh ag an am seo gach bliain, agus go hiondúil bíonn an gabhar á róstadh ag na Poncáin – ach i mbliana, an é an gabhar nó an gadhar a bheadh á róstadh? Gan seanbhaile a dhéanamh den scéal, bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh cois Loch Michigan.