Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
costas áiféiseach ridiculous cost
" Easpa maoinithe ón stát is cúis go pointe le lagiarracht na n-údarás aitiúil san obair seo, go háirithe nuair atá costas áiféiseach ar thalamh athchúrsáilte.
amaideach ridiculous
" "Tá an ghnólacht seo á reáchtáil ar dhóigh amaideach," ar sise.
áiféiseach ridiculous
" Dá gcuirfí na moltaí a chuir sé chun cinn ag an am i bhfeidhm i 1973 is ar éigean a bheadh costas tithe chomh háiféiseach is atá.
seafóideach ridiculous
" Tá an oiread tábhachta leagtha ar an téarma agus go bhfuil sé seafóideach.
rudaí áiféiseacha ridiculous things
" “Tá ana-chuid difríochtaí ann freisin, níl muid ag iarraidh rudaí áiféiseacha a rá, go bhfuil muid díreach mar a gcéanna, mar níl, ach mar sin féin is iontach an rud é go bhfuil nasc ann maidir leis an miotaseolaíocht, an tábhacht atá ag baint leis an mbó, cuirim i gcás, leis an talamh féin, leis an traidisiún atá ag baint leis na haicmí agus leis an léann.
go hiomlán áiféiseach entirely ridiculous
" Tá an cinneadh seo i ndiaidh easaontas agus achrann a spreagadh i measc cuid mhaith daoine go háirithe James Dean Bradfield, ceoltóir de chuid na Manic Street Preachers, a dúirt gur shíl sé go raibh an scéal ‘go hiomlán áiféiseach’.
áiféiseach ridiculous
" Cad é mar a mhíneofaí an stádas áiféiseach atá ag an Ulster Scots ó thuaidh? Beartas thar a bheith cliste a bhí ann an chanúint a cheangal leis an Ghaeilg sa mhéid is go bhfuil maoiniú don teanga agus don chanúint ag brath ar a chéile, a bheag nó a mhór.
áiféiseach ridiculous
" Lean Frum leis an tagairt do na Naitsithe i leabhar a scríobh sé le Richard Perle i 2003 leis an teideal áiféiseach, An End to Evil: How to Win the War on Terror.
áiféiseacha ridiculous
" Fásann an greann as iarrachtaí áiféiseacha a mic is a hiníne an fíorscéal polaitiúil a cheilt uirthi sa bhaile.
áiféis ridiculous
" Is mó den locht atá ar dhreamanna ceannais na meán nach gcuireann siad suas den áiféis a chloisimid lá agus oíche ó chraoltóirí óga.
áiféiseach ridiculous
" Agus is ar Bernard Lewis, Ollamh Gradaim de chuid Ollscoil Princeton a rugadh i Sasana, an fear a chum an coincheap áiféiseach “Coimhlint idir Sibhialtachtaí,” ar tagraíodh dó mar: “*perhaps the most significant intellectual influence behind the invasion of Iraq*.
háiféiseach ridiculous
" Gaeltacht na dTreabh Má bhí na teorannacha as riocht 13 bliain ó shin tá an scéal chomh háiféiseach anois is gur oilbhéim anois é, im’ thuairimse.
ba áiféisí most ridiculous
" Ar ndóigh, is as freisin a d’eascair ceann de na conspóidí ba áiféisí, an argóint i gCorca Dhuibhne faoi An Daingean/Dingle.
as siocair áiféiseach on a ridiculous pretext
" Mac léinn eile sa scoil a mharaigh é as siocair áiféiseach, is cosúil.
áiféise ridiculous
" Ba ghealt agus ba chancrán a bhí sa mhúinteoir tiomána nárbh fhiú aird dháiríre a thabhairt ar a chuid tuairimí áiféise toisc nach raibh siad ag aon duine eile.
áiféiseach ridiculous
" Sonra neamhthábhachtach? Scéal áiféiseach is ea é iompú Cohen a hinsíodh sa Jerusalem Post i mí na Samhna, 2005.
áiféise ridiculous
" Is minic a chumtar scéalta áiféise nó tugtar ardán do mholtaí craiceáilte leis an bhfolús a líonadh.
gáifeacha ridiculous
" Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O'Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
bréaga áiféiseacha ridiculous lies
" Ba mhó an masla dár bpobal tacaíochta é nuair a cumadh bréaga áiféiseacha faoin airgead a tugadh dóibh.
mugadh magadh (treats as) ridiculous
" Cuireadh an t-uafás airgid is ama amú chuile bhliain ag seoladh státsheirbhísigh chun na Gaeltachta le freastal ar chúrsaí a chuirfeadh snas a gcuid Gaeilge, cé gur dócha nach bhfaighfidís a dhath ar a shon! Déanann breithiúnas Laffoy mugadh magadh fosta den tuairim choitianta gur pobal faoi phribhléid iad lucht labhartha na Gaeilge a fhaigheann gach buntáiste i margadh an tsaothair.
áiféiseach ridiculous
" Má tá an scéal chomh dona sin i ngach seirbhís phoiblí eile, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos measa i roinnt acu, tá sé áiféiseach a bheith ag ceapadh gur féidir líon na gcainteoirí laethúla, taobh amuigh den chóras oideachais, a mhéadú 5.
cuma áiféiseach ridiculous appearance
" Má bhí cuma áiféiseach ar rialtas atá ar tí dul as oifig a bheith ag cur Plean Ceithre Bliana le chéile do ghéilleagar na tíre, tá cuma osréalaíoch ar an rialtas chéanna a bheith ag foilsiú straitéis fiche bliain don Ghaeilge.
chum an coincheap áiféiseach thought up the ridiculous concept
" Is é Lewis, an fear a chum an coincheap áiféiseach “Coimhlint idir Sibhialtachtaí,” ar tagraíodh dó mar: *“perhaps the most significant intellectual influence behind the invasion of Iraq.
bhaothamaideacha ridiculous
" Cé gur chuir bainisteoir Shasana – Fabio Capello – a chuid buíonta i bhfolach i gcampa traenála amuigh faoin tuaith chomh luath agus a thuirling an t-eitleán san Afraic Theas, choinnigh na meáin chumarsáide an scéal ag rith níos faide fiu ná mar d’éirigh leis na nuachtáin bhaothamaideacha sin.
fiú áiféiseach even ridiculous
" Is léir go bhfuil an-chuid eolais ar an idirlíon atá míchruinn, agus fiú áiféiseach.
bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin they had a foolish, ridiculous, piteous appearance
" Ní na fir mheánaosta fána gcultacha Domhnaigh agus bróga snasta, meirgí an *Royal Black Institution* á gcaitheamh go bródúil acu - bhí cuma amaideach, áiféiseach thruacánta orthu sin leis an fhirinne a dhéanamh, a seicteachas folaithe in éide na measúlachta - ach ar na buíonta a bhí mar thionlacan acu agus an drong a bhí á leanstan.
damhsa áiféiseach ridiculous dance
" ‘Bhi sé thar a bheith amaideach’ a dúirt Kapoor agus é ag caint faoin damhsa áiféiseach a rinne siad mar aithris ar cheann PSY, ‘ach bhí gá leis.
cuma áiféiseach a ridiculous appearance
"cuma áiféiseach ar an fhigiúr sin.
bheadh sé áiféiseach it’d be ridiculous
" Ach bheadh sé áiféiseach dá mbeadh páistí i dteaghlach ag fáil a gcuid oideachais i scoileanna éagsúla siocair gur séanadh áit sa Ghaelcholáiste ar bhall amháin den teaghlach.
a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha which were based on a mixture of ridiculous racist theories
" Bhí Mengele i mbun a chuid turgnamh aisteach leighis ag an tráth sin, turgnaimh a bhí bunaithe ar mheascán de theoiricí áiféiseacha ciníocha a bhí coitianta i measc “intleachtóirí” áirithe ag an am.
chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig matters are pushed to the completely ridiculous
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
Níl na héilimh sin chomh háiféiseach sin those demands are not so ridiculous
" Níl na héilimh sin chomh háiféiseach sin, má smaoiníonn tú ar chúrsaí i gceart.