Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
san am atá romhainn in the future
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Bheinn lánsásta dá mbeadh ceantair ann san am atá romhainn ina mbeadh an Ghaolainn á labhairt go nádúrtha.
an samhradh atá romhainn the summer ahead
" Ansin, le ríomhaire glúine cois tine, is féidir linn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus dorchadas an gheimhridh ag bailiú timpeall orainn agus smaoineamh ar aghaidh go dtí an samhradh atá romhainn.
sínte amach romhainn stretching in front of us
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
sna glúnta atá romhainn in the generations ahead
" Is í an fhís atá agam don Ghaeilge go mbeidh sí le cluinstin i gcuideachta na dteangacha eile sin sna glúnta atá romhainn chomh callánach, glórach céanna agus a bhíonn an Spáinnis agus an Iodáilis le cluinstin ar an 46A i lár an tsamhraidh anois.
san am atá romhainn in the future
" Más amhlaidh atá an scéal i ngach tír san Eoraip, nach iomaí ceacht atá le foghlaim againn ar leac ár ndorais féin sa bhliain nua seo agus san am atá romhainn? *Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin.
san am atá romhainn in the future
" Más amhlaidh atá an scéal i ngach tír san Eoraip, nach iomaí ceacht atá le foghlaim againn ar leac ár ndorais féin sa bhliain nua seo agus san am atá romhainn? *Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin.
an cur chuige don am atá romhainn the approach for the future
" ) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach? Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.
tá muid á coimeád do na glúnta atá romhainn we are keeping it for future generations
" Ní linne an teanga, tá muid á coimeád do na glúnta atá romhainn.
sna blianta atá amach romhainn in the years ahead
" Ach muna mbeidh an fear féin thíos leis, is cinnte gurb iad na mic léinn sna blianta atá amach romhainn a bheidh caillteach leis nach mbeidh a leithéid de mhúinteoir acu.
na heachtraí a bhí romhainn the adventures that awaited us
" Ach aithníonn ciaróg ciaróg eile agus ní raibh sé i bhfad go raibh siúlóirí eile ag caint linn faoi na heachtraí a bhí romhainn.
san am atá romhainn. in the future.
" Beidh na ceoltóirí atá ar an albam ag seinm sa cheolchoirm sin ach níl sé aon phlean cinnte ag Spillane ceolchoirm ar bith eile a dhéanamh leo san am atá romhainn.
sínte amach romhainn. extending in front of us.
" B’álainn an radharc a bhí againn nuair a dhúisigh muid maidin Dhomhnach Cásca agus farraige ghlasghorm Chaladh Kaipara sínte amach romhainn.
sa séasúr atá romhainn. next season.
" Bhí siadsan ar an fhoireann sa bhua in aghaidh Portsmouth a fuair áit don chlub san Eoraip sa séasúr atá romhainn.
san am atá romhainn. in the near future.
" Rinne Tom scannán eile a stiúradh dar teideal Hush-a-Bye Baby, ar dhráma é, agus tá seans ann go stiúrfaidh sé scannán bunaithe ar leabhar de chuid Séamus Deane, a bhfuil Reading in the Dark mar theideal air, san am atá romhainn.
sna blianta atá romhainn. in the years ahead of us
" Is mithid dóibh anois ceannasaí ceannródaíoch nuálaíoch a lorg a mbeidh ar a chumas an páirtí a thabhairt isteach sa rialtas sna blianta atá romhainn.
Tá an Phosóid Gléasta romhainn we're in for it
" Tá an Phosóid Gléasta romhainn Bhí sin cliste.
a chuaigh romhainn preceding, before us
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
míonna amach romhainn coming months
" Caithfear plé oscailte agus macánta a dhéanamh ar na ceisteanna seo sna míonna amach romhainn agus ins an fheachtas toghchánaíochta go mór mór.
Fáiltíodh go mór romhainn we were greatly welcomed
" Fáiltíodh go mór romhainn sa sráidbhaile a bhí oscailte do na turasóirí agus rinneadh damhsa agus canadh traidisiúnta ar ár son.
a bhfuil romhainn what’s in store for us
" Táimid dírithe sa treo ceart le glúin anuas agus feicfimid linn lena bhfuil againn i mbliana 2011 agus a bhfuil romhainn.
san am atá amach romhainn in the future
" Tiocfaidh ladhdú ar an mhaoiniú a bheidh ar fáil ón rialtas lárnach (agus ón AE tar éis 2013) san am atá amach romhainn.
A bhFuil Romhainn what’s in store for us
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
imeachtaí na bliana atá romhainn amach the forthcoming year’s events
" Céard atá i ndán dúinn an bhliain úr seo? Faraor, níl cruinneog chriostail agam a thuarfas a bhfuil i ndán dúinn i 2012, ach rachaidh mé san fhiontar agus déanfaidh mé tuar is tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach cibé ar bith.
sna blianta beaga amach romhainn in the future
" Beidh dúshláin bhreise le sárú ag an Údarás sna blianta beaga amach romhainn ach beidh deiseanna ann fosta ról lárnach a imirt i slánú na Gaeltachta agus na Gaeilge.
sna míonna amach romhainn in the months ahead
" “Beidh an cheist sin á scagadh ag an Chomhdáil ar an Bhunreacht,” an port a chluinfear go minic is dócha sna míonna amach romhainn.
sna blianta beaga amach romhainn in the years to come
" Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn.
sna blianta beaga amach romhainn in the years ahead
" Agus cúrsaí rialtais ag fanacht mar a bhí, an mbeidh gluaiseacht ar bith i saol polaitiúil Mheiriceá sna blianta beaga amach romhainn? Braitheann sé, ar ndóigh, ar thoil na bpolaiteoirí comhoibriú a dhéanamh.
An Cat Mara Romhainn the calamiti(es) ahead
" An Cat Mara Romhainn ====== Amach romhainn tá an "Aill Fhioscach", rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre.
an ghlúin a tháinig romhainn the previous generation
" Níl saol an lae inniu a dhath níos deacra ná mar a bhí an saol ag an ghlúin a tháinig romhainn ná ag an ghlúin a tháinig roimhe sin arís.
a bhí romhainn amach lay ahead of us
" Streachailt gan trócaire a bhí romhainn amach suas sleasa ingearacha Chnoc na nUilleann agus na cosa ag éileamh.
leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn a half hour of slipping through muck ahead of us
" Bhí blas an phionta i mo bhéal agam nuair a shroich mé droim an tsléibhe ach bhí leathuair de shleamhnú tríd an abar romhainn sular tháinig muid gar do bhuaic Chnoc an Líonáin.
an rud ceannann céanna romhainn the very same thing facing us
" Ó thuaidh, músclaíonn muid gach maidin agus an rud ceannann céanna romhainn.
Chuir siad fáilte mhór romhainn they warmly welcomed us
" Chuir siad fáilte mhór romhainn agus bhí siad an-fhiosrach i gcónaí faoinár nósanna cultúir, faoinár dteangacha is aroile, chomh maith le heolas a roinnt linne faoi Mheiriceá.
céard tá romhainn what lies ahead
" Do bharúil, cén chuma atá ar chóras oideachais na tíre agus céard tá romhainn?** ÍNíCh: Ceist an-leathan.
Níl eolas an bhealaigh seo romhainn againn féin we ourselves don’t know the way forward
" Níl eolas an bhealaigh seo romhainn againn féin.
a bhí beartaithe mar chúnamh don iasacht sa tréimhse amach romhainn which was planned as future foreign aid
" 5b as an méid a bhí beartaithe mar chúnamh don iasacht sa tréimhse amach romhainn.
an Domhnach a bhí romhainn amach the following Sunday
" Is beag duine acu a raibh fhios acu mar shampla go mbeadh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ar siúl ar an Domhnach a bhí romhainn amach.
raibh caid romhainn amach we were destined for football
" ie** DÓC: Go raibh míle maith agat a Chaitríona **CB: Inis dom a Dhara, an bhfuil aon chuimhní agat ar na chéad lascaí a thugais ar chaid?** DÓC: Bhí caid riamh sa tigh againn agus déarfainn go raibh caid romhainn amach ón gcéad choiscéim a thógamair! Ach go foirmiúil is dócha go dtosnaíomair ag imirt chaide i gceart i Scoil Naomh Eirc ar an bhFeothanaigh.
Sa leathbhliain atá amach romhainn in the next six months
" Monatóireacht Neamhspléach ========== Sa leathbhliain atá amach romhainn ba cheart go mbeadh Foras na Gaeilge ag déanamh cinnte dhó, má tá an múnla nua maoinithe seo le bheith feidhmiúil, go mbeadh structúr feidhmiúil ag na heagraíochtaí atá le bheith ag fáil an mhaoiniú téagartha.
sna blianta beaga amach romhainn over the next few years
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.
na nglúnta a chuaigh romhainn the generations which preceded us
" Bíonn fírinne sna seanfhocail, fírinne a sháraíonn cúinsí ama agus na nglúnta a chuaigh romhainn.
a chuir muid romhainn do which we set for
" ie ==== Rinneadh an cinneadh seo d’ainneoin go bhfuil sé léirithe gur baineadh amach na spriocanna uilig a chuir muid romhainn do Beo.
ar an bhealach romhainn the way forward
" ie) agus cuideoidh seo linn soiléiriú a fháil ar an bhealach romhainn.
ba bhinn lenár sinsir romhainn iad our forebears thought them sweet
" Tá míle mantra ag an dúlra agus ba bhinn lenár sinsir romhainn iad: Sgolghaire luin Doire an Chairn, búithre an daimh ó Aill na gCaor, ceól le gcolladh Fionn go moch, lachain ó Loch na dTrí gCaol.
sna blianta atá amach romhainn in the years ahead
" Beidh níos mó deiseanna ag dreamanna in Éirinn agus in Albain bheith ag comhoibriú lena chéile sna blianta atá amach romhainn agus tá Robert McMillen den bharúil go bhféadfadh sin dul go mór chun sochair do shochaí Thuaisceart Éireann.
atá amach romhainn which have yet to happen
" Tá Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.