Pota Focal Intergaelic
ás | | ság | sáis | sál
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an-sás a great instrument
" Níor gan siocair mhaith a tugadh máthair/athair ‘críonna’ ar dhaideo agus ar mhaimeo, mar ba iontach an ‘chríonnacht’, nó gaois an tsaoil, a bhí cruinnithe acu agus ba an-sás oiliúna agus oideachais in aon teaghlach a leithéid.
sás application
" Má tá tú ag úsáid ceamara cliste, tá neart sásanna ar fáil a ligfeas duit do ghriangraif a dheasú is a feabhsú.
is fiú go mór an sás a very worthwhile app is
" Ar Android agus ar iOS is fiú go mór an sás Adobe Photoshop Express.
Mar sin, is féidir le sás ar bith so any application can
" Mar sin, is féidir le sás ar bith foláirimh a chur chuige.
sás app(lication)
" Is é an sampla is mó atá ann ná sás Harry Moran, *‘Pizzabot’* a bhain amach an chéad áit i stór sása ar *iTunes* nuair a seoladh é i mí na Nollag 2011.
Sás staidéir a device for studying
" Sás staidéir is ea PoetryBeo a chuireann filíocht Ghaeilge na hArdteiste ar fáil ar bhealach atá i dtiúin leis an bhforbairt thar cuimse atá ag teacht ar an nuatheicneolaíocht, ar phraghas níos ísle ná modhanna eile teagaisc phríobháidigh.